An Eithreog
Rubus caesius

Duilleog: Bosach, Comhdhuille
Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Bán
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Lúnasa, Meán Fómhair
Géineas: Rubus
Fine: Rosaceae
Is ilbhliantóg adhmadach í an eithreog. Tá sí seo ngéineas céanna, Rubus, leis an dris agus tá cosúlachtaí idir an dá phlanda. Maireann gais na heithreoige ar feadh dhá bhliain ach cuireann na fréamhacha gais nua aníos gach bliain. Níl siad chomh fada ná chomh righin le gais na drise.
Tagann bláthanna bána uirthi sa samhradh, agus ina dhiaidh sin na torthaí. Is sméara iad na torthaí, cosúil leis an dris, cé nach mbíonn an oiread sin drúipíní (codanna na sméire) ar sméara na heithreoige.
Níl an eithreog chomh fairsing sin in Éirinn—fásann sí ar chréafóg alcaileach, den chuid is mó.
Tuilleadh Íomhánna






