An Fheirdhris
Rosa canina

Airde: 3m
Dath an Bhlátha: Bán, Bándearg
Tréimhse faoi Bhláth: Meitheamh, Iúil, Lúnasa
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Meán Fómhair, Deireadh Fómhair
Géineas: Rosa
Fine: Rosaceae

Tá an fheirdhris ar an rós is coitianta in Éirinn. Is planda féitheach é an rós seo a úsáideann plandaí eile mar thacaí le gur féidir leis fás i dtreo an tsolais. Is iondúil gur bláthanna bána nó bándearga agus torthaí (mogóirí) dearga a bhíonn ar an bhfeirdhris. Ní mhaireann na seipil ar na torthaí aibí. Bíonn sé deacair an rós seo a aithint mar hibridíonn sé le rósanna eile.

An fheirdhris.

Béarla: Dog-rose, Dog berry, Witches’ briar

Cur Síos ar an Rós
An Géineas Rosa in Éirinn
Rósanna sa tSochaí
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna