An Paide Bréan
Rhamnus cathartica

Is crann beag nó sceach mhór dheilgneach é an paide bréan. Fásann sé os cionn aolchlocha in iarthar agus i lár na tíre. Bíonn bláthanna beaga buíghlasa air agus caora beaga dubha mar thorthaí. Is purgóid iad na torthaí céanna. Tá gaol gar ag an gcrann seo leis an draighean fearna (Frangula alnus), crann beag eile a fhásann sna gnáthóga céanna, le go leor de na tréithe céanna, ach nach bhfuil chomh fairsing leis an bpaide bréan.

Ainmneacha eile: An Maide Bréan
Béarla: European Buckthorn, Buckthorn
Dáileadh an Phaide Bhréin
Tá an paide bréan dúchasach in Éirinn, sa mBreatain, ar fud Mhór-roinn na hEorpa agus in iarthar na hÁise. Tá sé nádúraithe i Meiriceá Thuaidh, áit ina bhfuil sé ag scaipeadh go hionrach.[1]
Is i stráice trasna lár na tíre, ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, agus ar bhruach agus ar locha na Sionainne, a fhásann an paide bréan, den chuid is mó.[2] Tá an crann fairsing sa mBoireann go háirithe, áit a chaitheann sé tréimhsí fada faoi uisce i dturlaigh an cheantair sin i rith an gheimhridh. Is ar chréafóg alcaileach agus os cionn aolchlocha atá sé compordach. Nuair a fhásann sé le crainn eile, is in éineacht leis an sceach gheal, an fhuinseog, an feoras agus an conbhaiscne a fheictear é.[3]
Cur Síos ar an gCrann

Is sceach nó crann beag duillsilteach é an paide bréan a fhásann go timpeall 7 m in airde (cé go bhfuil siad in ann 15 m a bhaint amach i gcúinsí eisceachtúla). Bíonn dath liath ar an gcoirt, cé go mbíonn dath oráiste ar an gcoirt istigh. Is iondúil go mbíonn dealg ar bharr gach géag.[4]

Osclaíonn na duilleoga ag deireadh mhí Aibreán agus tús Bealtaine. Fásann na duilleoga ar aghaidh a chéile ar an ngéag (is go hailtéarnach a fhásann na duilleoga a bhíonn ar an draighean fearna). Bíonn 2-3 péirí de féitheacha cuartha ar dhromchla na duilleoige. Tagann na féitheacha go léir le chéile ag bior na duilleoige. Is dath glas dorcha, lonrach a bhíonn ar na duilleoga, agus bíonn imill fhiaclacha orthu. Tagann dath buí orthu sula dtiteann siad sa bhfómhar.
Is crann dé-éiciach é an paide bréan (bíonn bláthanna fireanna agus bláthanna baineanna ar chrainn dhifriúla). Is ceithre pheiteal a bhíonn ar na bláthanna buíghlasa, a osclaíonn idir Bealtaine agus Meitheamh. Tagann bláthanna ar chrainn nuair a bhíonn siad timpeall 10 mbliana d’aois.[3]
Pailníonn feithidí na bláthanna le go bhfásfaidh caora beaga corcra nó dubha mar torthaí ar an chrann. Is léir nach bhfuil siad chomh blasta sin, mar ní itheann éin iad ach nuair nach mbíonn mórán eile ar fáil dóibh.[3]

An Crann sa tSochaí
Cé go bhfuil adhmad an phaide bhréin crua agus dlúth, ní bhíonn sé mórán in úsáid. Déantar ruaim bhuí do pháipéar as an gcoirt agus na torthaí réamhaibí, agus déantar ábhar datha glas, le húsáid ar phictiúir uiscedhatha, as na torthaí aibí.[5]

Is purgóid iad caora an chrainn (cosúil leis na caora a bhíonn ar an draighean fearna). Is ón tréith seo a fhaigheann an crann an t-ainm Béarla purging buckthorn, agus an t-ainm eolaíoch cathartica. Ní bhíonn an éifeacht purgóideach seo chomh láidir nuair a dhéantar na caora fiuchta a chaolú.[5] Bhíodh na caora ar díol ar mhargaí Bhaile Átha Cliath mar chógas leighis san 18ú aois,[6] ach ní thógtar iad sa lá atá inniu ann.
Itheann an bhratóg a bhíonn ag an mbuíóg ruibheach (Gonepteryx rhamni) na duilleoga mar bhia. Baineann an féileacán seo leas as an draighean fearna, freisin.
Tagairtí
1. Knight, K.S., et al., Ecology and ecosystem impacts of common buckthorn (Rhamnus cathartica): a review. Biological Invasions, 2007. 9(8): p. 925-937.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
4. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
5. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
6. Wyse, S.V., J.E. Brown, and P.E. Hulme, Seed release by a serotinous pine in the absence of fire: implications for invasion into temperate regions. AoB Plants, 2019. 11(6): p. plz077.
Tuilleadh Íomhánna










