An Dair Ghallda
Quercus robur

Duilleog: Maothánach
Airde: 37m
Dath an Bhlátha: Glas
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán, Bealtaine
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Samhain
Géineas: Quercus
Fine: Fagaceae

Tá an dair ghallda ar cheann de dhá dhair dhúchasach in Éirinn (is í an dair ghaelach an ceann eile). Tá difríochtaí idir an dá chineál dair le feiceáil i gcruth na nduilleog, sa ngas duilleoige (bíonn gas gearr ar an dair ghallda) agus sna dearcáin (ní bhíonn gas ar an dair ghallda). Tá an dair ghallda níos coitianta ar thalamh shaibhir in oirthear na tíre. Tráth den saol, bhí an dá chineál dair i measc na gcrann ba líonmhaire agus ba luachmhaire in Éirinn. Úsáideadh í i gceird na súdaireachta, na tógála, agus na cúpéireachta, chomh maith le déantúsaíocht troscáin, mar fhioghual, agus mar bhreosla ginearálta. Ba é an ró-éileamh a bhí ar dharacha na hÉireann ba chúis leis an meath a tháinig ar an dair le roinnt céadta bliain anuas. Tacaíonn an dair le raon leathan feithidí, mamaigh, éin agus fungas.

An dair ghallda.

Ainm Gaeilge Eile: Dair Choitianta, Dair Choiteann

Ainm Béarla: Pedunculate Oak, English Oak

An Dair Ghallda (agus an Dair Ghaelach)
Aois agus Airde
Quercus x rosacea
Éiceolaíocht na Darach
Ainmhithe agus Feithidí
An Dair in Éirinn
Tagairti

Tuilleadh Íomhánna