An tSearbhdhair
Quercus cerris

Míonna na mBláthánna agus na dTorthaí
Duilleog: Maothánach
Airde: 40m
Dath an Bhlátha: Buíghlas
Pailniú: Gaoth
Scaipeadh Síolta: Mamaigh, Éin

Is dair dhuillsilteach, neamhdúchasach í an tsearbhdhair. Is é oirthuaisceart na hEorpa agus an Áise Bheag ceantar dúchais an chrainn seo. Éiríonn go maith léi in aeráid na hÉireann agus is féidir léi airde mhór a bhaint amach. Tá an tsearbhdhair cosúil leis na daracha dúchasacha, seachas go mbíonn cuma ghioblach ar na duilleoga, agus bíonn   na dearcáin clúdaithe le spíonlacha boga. Cuirtear an dair seo in Éirinn mar chrann ornáideach. Bíonn saolré na gálfhoiche Andricus quercuscalicis ag brath ar an tsearbhdhair agus ar an dair ghallda (Quercus robur).

An tsearbhdhair.

Béarla: Turkey Oak

Tuilleadh Íomhánna

Plandaí Gaolmhara