An Crann Silíní Searbha
Prunus cerasus

Míonna na mBláthánna agus na dTorthaí
Duilleog: Ubhach
Airde: 10m
Dath an Bhlátha: Bán
Pailniú: Feithidí
Scaipeadh Síolta: Éin

Is crann beag duillsilteach é an crann silíní searbha. Níl sé dúchasach in Éirinn, ach cuirtear é go minic, agus scaipeann sé go héasca. Cuireann sé meatháin aníos óna chuid fréamhacha, agus is minic go mbíonn clampaí móra den chrann ag fás lena chéile. Tá an crann silíní searbha an-chosúil leis an gcrann silíní fiáin (Prunus avium), agus bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Bíonn dath dearg geal ar na silíní, le hais an dath dearg dorcha a bhíonn ar na silíní ar an gcrann silíní fiáin. Bíonn na silíní searbh, agus úsáidtear iad chun subh agus toirtíní a dhéanamh.

Béarla: Dwarf Cherry

Tuilleadh Íomhánna

Plandaí Gaolmhara