An Phoibleog Gheal
Populus alba

Crann duillsilteach dé-éiciach is ea an phoibleog gheal, a fhásann go 30 m ar airde. Is dath glas a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog, agus bíonn an taobh íochtarach geal le ribí gruaige bána. Cé nach crann dúchasach in Éirinn í, tá an phoibleog gheal curtha go fairsing, go háirithe ar an leath thoir den oileán. Cuirtear í i bpáirceanna agus mar chrios foscaidh i gceantair chósta. Mar aon leis na poibleoga eile, cuireann an phoibleog gheal meatháin aníos go rialta, as a bhfásann crainn nua.

Ainmneacha Eile: An Phoibleog Bhán
Béarla: White Poplar, Silver Poplar
Cuma an Chrainn
Fásann an phoibleog gheal, nó an phoibleog bhán, go 30 m nó mar sin agus maireann sí ar feadh 300-400 bliain.[1] Is crann bruachánach í a fhásann go dúchasach sa gceantar Meánmhara agus in oirthear na hEorpa.
Coirt agus Duilleoga na Poibleoige
Cosúil le roinnt poibleog eile, bíonn patrúin i bhfoirm diamaint dhorcha ar choirt gheal an chrainn. Is minic a bhíonn coirt na poibleoige scoilteach ag íochtar an stoic. Bíonn géaga óga agus bachlóga an chrainn seo clúdaithe le ribí gruaige bána.
Is minic a bhíonn duilleoga na meathán óga maothánach (beagnach chomh maothánach le duilleoga na mailpe nó an tseiceamóra). Is dath glas dorcha lonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog, ach is dath bán le ribí gruaige a bhíonn ar an taobh íochtarach.[2]
Bláthanna agus Síolta
Amhail poibleoga eile, is speiceas dé-éiciach í an phoibleog gheal—bíonn crainn bhaineanna agus crainn fireanna ann. Tagann na caitíní amach san earrach roimh na duilleoga. Scaipeann an ghaoth pailin ó na caitíní a bhíonn ar na crainn fireanna go dtí na bláthanna a fhásann ar na crainn bhaineanna.
Forbraíonn na síolta i gcaitheamh an tsamhraidh agus scaiptear sa ngaoth iad. Mar aon leis an gcrann creathach (Populus tremula), cuireann an phoibleog gheal meatháin aníos go rialta freisin. Mar gheall air seo, is minic a fheictear clampaí móra den chrann seo.
An Phoibleog sa tSochaí
Ceaptar gur am éigin sa 15ú haois a tugadh an crann seo isteach sa mBreatain.[3] Cé nach crann dúchasach in Éirinn í ach an oiread, tá an phoibleog gheal curtha go fairsing anseo freisin, go háirithe ar an leath thoir den oileán.
Cuirtear i bpáirceanna í, ach freisin mar chrios foscaidh i gceantair chósta mar go bhfuil sí in ann uisce sáile a sheasamh. Is crann í atá an-ionrach i Meiriceá Thuaidh, san Afraic Theas, san Astráil, agus sa Nua-Shéalainn.[1]
Tagairtí
1. Caudullo, G. and D. De Rigo, Populus alba in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. 134-135.
2. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
Tuilleadh Íomhánna



