An Sprús Sitceach
Picea sitchensis

Duilleog: Spíonach
Airde: 80m
Dath an Bhlátha: Dearg, Oráiste
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán, Bealtaine
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Eanáir, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Samhain, Nollaig
Géineas: Picea
Fine: Pinaceae

Is buaircíneach mór, ard, síorghlas é an sprús Sitceach. Cé nach crann dúchasach é, tá sé ar cheann de na crainn is fairsinge sa tír, a bhuíochas do thionscal na foraoiseachta. Is é cósta iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh réimse dúchais an chrainn, áit a bhfuil sé ar cheann de na crainn is coitianta,[1] ach tá aeráid na tíre seo go mór in oiriúint dó freisin. Mar go soláthraíonn an crann bogadhmad ar ardchaighdeán, agus mar go bhfásann sé go tapa, cuirtear an crann go forleathan in Éirinn agus sa mBreatain. Mar gur gnáthóga dorcha, aigéadacha, neamhdhúchasacha iad, déanann na coillte Sitceacha seo go leor damáiste do bhithéagsúlacht na tíre.

An sprús Sitceach.

Béarla: Sitka Spruce

Réimse agus Gnáthóga an Sprúis Shitcigh
Cuma an Chrainn
Duilleoga an Sprúis Shitcigh
Cóin agus Buaircíní
An Sprús Sitceach i bhForaoiseacht na hÉireann
Úsáid an Sprúis Shitcigh
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna