An Roithleog
Myrica gale

Is sceach íseal, dhuillsilteach í an roithleog atá fairsing ar thalamh portaigh. Is iomaí ainm agus litriú éagsúil atá ag an sceach phortaigh seo —is roithleog a thugtar uirthi i ndeisceart Chonamara. Mar phlanda dé-eiciach, bíonn sceach bhaineann agus ceann fireann ann. Bíonn bláthanna dearga ar an sceach bhaineann agus bláthanna buí nó oráiste ar an sceach fhireann. Nuair a chuirtear san áireamh bachlóga duilleoga dearga agus duilleoga glasa, is iomaí dath a thugann an roithleog don phortach ó earrach go fómhar. Bíonn boladh álainn ó dhuilleoga agus torthaí an phlanda mar gheall ar ola shoghalaithe a thagann ón bplanda. Cuireann an boladh céanna an ruaig ar na míoltóga beaga a chéasann daoine sa samhradh sna háiteanna sin ina bhfásann an roithleog.

Ainmneacha Eile: Railleog, Cam-shaileog, Raid, Raidleog, Reileog, Rideog, Roidleog, Roilleog, Ruideog, Rudóg, Truideogach, Raideog, Roilleogach
Béarla: Bog myrtle, Bog-awl, Sweetgale
Cuma na Sceiche
Is sceach bheag, ghéagach, dhuillsilteach í an roithleog. Tá sí coitianta i dtuaisceart na hEorpa, sa tSibéir, agus i dtuaisceart Mheiriceá Thuaidh.[1] Fásann an roithleog ar thalamh portaigh—tá sé an-fhairsing ar thalamh aigéadach san iarthar, ach tá sé annamh san oirthear.[2]
Is sceach í atá in ann 2.5 m in airde a bhaint amach, ach is iondúil nach mbíonn an planda mórán níos airde ná 1 m mar gheall ar na coinníollacha ina bhfásann sí,[1] agus mar go n-itheann gabhair, caoirigh, agus giorriacha an planda.[3]
Bíonn boladh álainn ón bplanda mar gheall ar ola shoghalaithe a thagann ó fhaireoga sna duilleoga agus sna caitíní.[1]
Duilleoga na Roithleoige
Bláthanna agus Torthaí
Is sceach dhé-éiciach í an roithleog—bíonn bláthanna fireanna agus baineanna ar phlandaí difriúla—ach is féidir leis an bplanda a ghnéas a athrú freisin.[4] Fásann na bláthanna ar ghéaga a d’fhás an bhliain roimhe, agus osclaíonn siad sula dtagann duilleoga ar an sceach.[3]

Is caitíní iad na bláthanna. Bíonn na caitíní fireanna buí-oráiste 15 mm ar fhad. Bíonn na bláthanna baineanna 6 mm ar fhad. Bíonn dath deargdhonn orthu. Scaipeann an ghaoth an phailin chuig na bláthanna baineanna.[3] Is cnó beag sciathánach é an toradh, a bhíonn timpeallaithe ag brachtín.[4, 5]
Scaipeann an roithleog ag úsáid reathairí freisin, agus is minic don phlanda mothair dhlútha de sceacha a dhéanamh ar an mbealach seo.[2]
Fosaíonn an roithleog nítrigin ón aer ina cuid fréamhacha, a bhuíochas don bhaictéar Frankia spp., an baictéar céanna a chuidíonn le fearnóga (Alnus spp.) nítrigin a fhosú.[3] Saibhríonn duilleoga an phlanda, chomh maith leis an planda féin nuair a lobhann sé, an chréafóg bhocht ina bhfásann sé le táirgí nítrigine, a chuireann ar chumas na roithleoige scaipeadh.
Úsáid na Roithleoige

Blas agus Bia
Bhíodh an roithleog in úsáid i ngrúdaireacht bheorach 2,000 bliain ó shin i dtuaisceart na hOllainne.[3] Thosaigh daoine ag úsáid hopa (Humulus lupulus) chun blas a chur ar bheoir timpeall 859 AD, agus bhí iomaíocht láidir idir an dá phlanda don úsáid seo. Fuair hopa an lámh in uachtar san 18ú haois nuair a tosaíodh ag déanamh imní go raibh beoir roithleoige nimhneach, in ainneoin nach raibh fírinne ansin.[3]
Tá an roithleog fós in úsáid i ngrudaireacht bheorach[6] agus i ndriogadh biotáillí.[3] Níl aon fhianaise ann go raibh an roithleog in úsáid i ngrúdaireacht na hÉireann,[7] ach thriomaítí na duilleoga agus chaití iad in ionad tobac i gContae na Gaillimhe.[8]
Is féidir spíosraí a dhéanamh de na torthaí triomaithe, agus tae a dhéanamh as na duilleoga.[8] D’úsáidtí na duilleoga mar ghinmhillteach sa Fhrainc agus áiteanna eile. Mar gheall air seo, moltar do mhná a bhíonn ag súil a bheith cúramach leis an bplanda agus le táirgí an phlanda.[3]
Leigheas na Roithleoige
D’úsáidtí an roithleog sa gCríoch Lochlann mar leigheas ar an víreas, Herpes zoster,[3] agus léiríonn taighde go bhfuil tréithe frithvíreasacha ag an roithleog a thacaíonn leis sin.[1] Is cógas a bhí ann freisin, do scornach tinn, deacrachtaí duáin, agus an bhruitíneach. D’úsáidtí an planda in ainmhithe freisin, chun fiabhras i gcapaill, péisteanna i mbeithígh, puchán ae i ngamhna, agus taomanna i madraí a leigheas.[7]
“Fásann an rileóg go flúirseach ins na sléíbhtibh. Tá gas righin airthi, préamhacha láidre uatha, billeóga beaga agus baluith ait láidir uathu Tá leigheas iongantach ar an rileóig. Nuair a geibheann na ba agus na beithidhigh eile an Fluke deineann na feirmeóirí púsóíd as an rileóig.”
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 471: Leathanach 143
Thugtaí sú an phlanda do ghasúir freisin leis an ruaig a chur ar phéisteanna.[8] Deir Williams go dtugtaí an roithleog do bheithígh in Éirinn le múin fola a leigheas, ach ceapadh in Albain gurb í an roithleog cúis leis an ngalar sin sna beithígh, dá n-íosfaidís na duilleoga.[8] Léiriú, b’fhéidir, nach raibh bunús eolaíoch le cuid de thuiscintí an phobail ar an bplanda.
Úsáidí Eile
Bhíodh daoine sa gCríoch Lochlann ag úsáid na roithleoige go stairiúil chun an ruaig a chur ar fheithidí. [1] Léiríonn staidéir le déanaí go gcuireann an ola seo pairilis ar mhíoltóga beaga an phortaigh agus go gcuireann sé an ruaig orthu. Tá sé chomh héifeachtach le DEET, an substaint atá comónta i dtáirgí tráchtála chun an ruaig a chur ar mhíoltóga beaga.[9] Oibríonn sé in aghaidh seangán agus muiscítí freisin.
Dhóití adhmad na roithleoige—ba bhuntáiste breise ab ea an boladh cumhraithe ón deatach agus an t-adhmad á dhó.[8] D’úsáidtí an roithleog chun boladh cumhra a chur ar línéadach,[1] agus chun leamhain a choinneáil uathu.[7] Chuirtí é i leapacha in iarthar Chorcaí le ruaig a chur ar dhreancaidí.[8] Ceaptar go mb’fhéidir go raibh úsáid ag an roithleog mar dhíbholaíoch ag na Lochlannaigh. Gach seans go raibh a leithéid ag teastáil sna coinníollacha ina raibh siad ag maireachtáil.[1]
Cuireann an choirt agus na fréamhacha dath buí ar olann, agus úsáidtear é i gcoinnle freisin. Baineadh úsáid as an roithleog i dtionscal na súdaireachta i gCo. Dhún na nGall[10], agus san 18ú haois bhronnadh Cumann Bhaile Átha Cliath duais ar an té ab fhearr a leasódh leathar leis an bplanda.[8]
Seanchas na Roithleoige

Bhreathnaítí ar an roithleog mar phlanda beannaithe in Éirinn[8, 11] agus tá cuid de na pisreoga a bhain leis an sceach le feiceáil i gcáipéisí Bhailiúchán na Scol. Tá sé sa seanchas gur chuir Dia mallacht ar an roithleog mar gur as adhmad na sceiche a déanadh an chros ar a crochadh Íosa Críost:
Deirtear gurbh as an Radeógach (Bog Myrtle) a rinneadh an chroich ar a céasad ar Slánuighteóir, agus gur abh é sin an fath nár a fás méid ar bith ann ó sin anuas.
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059: Leathanach 60
Chaithfí a bheith cúramach freisin, ag láimhseáil na roithleoige. Tá sé ráite go raibh mí-ádh ag dul don sceach mar gur craobhacha den roithleog a úsáideadh chun Íosa Críost a bhualadh agus é ar a bhealach chuig a chéasadh.
It is unlucky to strike a person or an animal with a roithleóg as the scourges were made of roithleóga.
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 461: Leathanach 152
Bhí géaga na roithleoige in úsáid san Aifreann ar Dhomhnach na Pailme in áiteanna ar leith in Éirinn.[12] Bhí an úsáid chéanna á baint as géaga de roinnt crann agus sceacha eile, ag brath go minic ar céard a bhí ar fáil agus ag fás sa gceantar áitiúil.
Is ó adhmad na roithleoige a déanadh an luaith do Chéadaoin an Luaithrigh in Acaill. Arís, b’fhéidir gur bhain sé níos mó leis an nganntan crann ar an oileán ná le haon bhuntáiste ar leith a bhí ag luaith na roithleoige thar aon phlanda eile.
Maidir le hainm an phlanda, is ó fhocal Gréigise a chiallaíonn ‘cumhra’ a thagann an t-ainm Myrica. Ní fios fós cárbh as a dtáinig an t-ainm gale.[3] Cé nach bhfuil mórán plandaí eile in Éirinn leis an oiread sin ainmneacha éagsúla orthu, ní léir gur thug an sceach mórán de na hainmneacha seo do logainmneacha na hÉireann. Tá Ciob Roideoige (Cíb na Raideog[8]) i gContae Mhuineacháin agus deir Williams gur Crois na Roideog an seanainm a bhí ar Chrois Chúil Aodha, Contae Chorcaí.[8] Seachas sin, ní fheictear go bhfuil mórán áiteanna eile ainmnithe in ómós an phlanda eisceachtúil seo.
Tagairtí
1. Michael, J.A.S., et al., Past, Present and Future Utilisation of Myrica gale (Myricaceae). Economic Botany, 1996. 50(1): p. 122-129.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Skene, K.R., et al., Myrica gale L. Journal of Ecology, 2000. 88(6): p. 1079-1094.
4. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
5. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
6. Dredge, M., The beer of yesteryear, in The Guardian. 2010.
7. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
8. Williams, N., Díolaim Luibheanna. 1993, Sáirséal-Ó Marcaigh: Baile Átha Cliath.
9. Blackwell, A., A. Stuart, and B.B. Estambale, The repellent and antifeedant activity of Myrica Gale oil against Aedes aegypti mosquitoes and its enhancement by the addition of salicyluric acid. 2003.
10. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
11. Mac Coitir, N., Ireland’s Wild Plants–Myths, Legends & Folklore. 2017: Gill & Macmillan Ltd.
12. Uí Chonchubhair, M., Flóra Chorca Dhuibhne: Aspects of the flora of Corca Dhuibhne. 1998: Oidhreacht Corca Dhuibhne.
Tuilleadh Íomhánna









