An Learóg Eorpach
Larix decidua

Tá na learóga ar cheann de bheagán buaircíneacha duillsilteacha atá ag fás in Éirinn. Is iad na sléibhte i lár agus in oirthear na hEorpa réimse dúchais na learóige Eorpaí (Larix decidua), ach cuirtear í i bhfáschoillte in Éirinn. Is crann téisclime é a dteastaíonn solas na gréine uaidh le fás agus a ghlacann seilbh ar thalamh nua-bhriste. Is crann mór ard, duillsilteach í an learóg Eorpach a mbíonn stoc amháin aici. Is féidir le crainn ar shléibhte arda maireachtáil ar feadh os cionn 1,000 bliain. Mar chrann duillsilteach, tagann duilleoga spíonacha orthu san earrach agus cailleann siad iad sa bhfómhar. Cuirtear níos mó den learóg Sheapánach (Larix kaempferi) ná an learóg Eorpach in Éirinn anois, mar go bhfuil an ceann Eorpach níos leochailí do ghalracha in aeráid fhliuch na tíre.

Béarla: European Larch
Na Learóga
Tá na learóga (Larix spp.) ar cheann de bheagán buaircíneacha duillsilteacha. Is crainn téisclime iad a dteastaíonn solas na gréine uathu le fás. Cé nach féidir leo an scáth a sheasamh, fásfaidh siad go tapa ar thalamh oscailte. Tá timpeall 12 speiceas sa ngéineas Larix agus fásann siad go léir sa leathsféar Thuaidh. Hibridíonn siad lena chéile go héasca agus bíonn sé deacair iad a aithint óna chéile.
Is mar chrann foraoiseachta a cuireadh an learóg Eorpach (Larix decidua) in Éirinn ar dtús, ach tá crainn learóige eile—an learóg Sheapánach (Larix kaempferi) ar dtús, agus ansin learóga hibrideacha ina dhiaidh sin—tar éis dul i gcorbach uirthi ó shin.
Dáileadh Tíreolaíochta na Learóige
Is iad na sléibhte i lár agus in oirthear na hEorpa réimse dúchais na learóige Eorpaí. Maítear go bhfuil trí fho-speiceas ann: an learóg Alpach (Larix decidua decidua), sna hAlpa; an learóg Pholannach (Larix decidua polonica), agus an learóg Chairp (Larix decidua carpatica), sna sléibhte Cairp.[1] Tá an crann in ann an aeráid fhuar, thirim ilchríochach a bhíonn sna sléibhte arda a sheasamh, chomh maith le haeráid níos boige ar chnoic níos ísle sa Pholainn.
Gnáthóga na Learóige
Is crann téisclime í an learóg a dteastaíonn solas na gréine uaithi le fás agus a ghlacann seilbh ar thalamh nua-bhriste. Is sciorrthaí talún agus maidhmeanna sneachta a chruthaíonn na coinníollacha sin sna gnáthóga ina bhfásann an learóg. Bíonn stoc solúbtha ag an gcrann, agus is minic nach ndéanann maidhmeanna sneachta dochar dó.
Ní éiríonn go maith leis in iomaíocht le crainn shléibhe eile, amhail an ghiúis gheal (Abies alba) agus an sprús Lochlannach (Picea abies). Mar sin, is minic nach bhfásann sé ach sna háiteanna feannta in airde sna sléibhte, ag timpeall 2000 m, áit nach bhfásfaidh crainn eile [2]
Cuma na Learóige
Aois agus Airde an Chrainn
Is crann mór ard, duillsilteach í an learóg Eorpach a mbíonn stoc amháin aici. Is i bPáirc Foraoise Avondale, Contae Chill Mhantáin, atá an learóg is airde in Éirinn (41 m ar airde),[3] ach tá crainn ina ceantar dúchais in ann 50 m a bhaint amach.[1] Is féidir le crainn ar shléibhte arda maireachtáil ar feadh os cionn 1,000 bliain d’aois.
Craobhacha agus Coirt
Is cruth caol, cónach a bhíonn ar chrainn learóige óga. Fásann na craobhacha i gcasnóga timpeall an stoic, agus fásann siad go híslitheach nó go hardaitheach ag brath ar aois an chrainn.[4] Bíonn dath idir deargdhonn agus dath liath geal ar an gcoirt. Bíonn an choirt mín i gcrainn óga, ach gainneach agus scoilteach i gcrainn mhóra, ársa.[4]
Duilleoga na Learóige
Bíonn dhá chineál duilliúir ag an learóg. Fásann duilleoga i mí Feabhra ar chraobhacha a bhíonn dhá bhliain nó níos sine. Is i bhfoirm róiséid a bhíonn siad seo.[4] Fásann duilleoga bíseacha ar ghéaga nua ó mhí na Bealtaine ar aghaidh.

Fásann na duilleoga ar phionnaí adhmadacha ar na géaga. Bíonn dath glas geal ar na duilleoga nuair a osclaíonn siad ar dtús, sula n-éiríonn siad dorcha le himeacht an tsamhraidh. Tagann dath buí orthu sula dtiteann siad sa bhfómhar.

Buaircíneach Duillsilteach
Is mar chuid d’oiriúnú éabhlóideach, in aghaidh na gcoinníollacha fuara ina maireann an crann, é tréith dhuillsilteach na learóige. Bíonn sé deacair ag na crainn uisce a shú ón talamh reoite sa ngeimhreadh, agus ní chailleann siad an oiread uisce agus a chaillfeadh buaircíneach síorghlas, toisc nach gcoinníonn siad na duilleoga le linn na tréimhse seo. Bíonn duilleoga na learóige bog agus leacaithe, le ráta fótaisintéise níos airde ná mar a bhíonn ag buaircíneacha síorghlasa, ionas gur féidir leo an leas is fearr a bhaint as an tréimhse fháis ghearr a bhíonn acu.
Cóin na Learóige
Is crann moinéiciach í an learóg. Fásann na cóin fhireanna ar thaobh íochtair na ngéag. Is dath buí a bhíonn ar na braislí d’antair. Mar nach fhásann na bláthanna fireanna ach ar chraobhacha a bhíonn ag crochadh anuas, ní minic a fheictear iad ar chrainn óga a mbíonn na géaga fós ag fás go hardaitheach. Is iondúil go scaipeann an cón fireann a chuid pailine (sa ngaoth) in aon lá amháin, ach tógann sé timpeall coicís sula mbíonn pailin scaipthe ag gach cón fireann ar an gcrann.

Fásann na cóin bhaineanna ar ghéaga a bhíonn dhá bhliain d’aois ar a laghad. Bíonn siad 1 cm ar airde, agus athraíonn siad ó dhath dearg go dath glas de réir mar a aibíonn siad.
Aibíonn an cón síl i gcaitheamh an tsamhraidh, agus athraíonn a dhath ó ghlas go donn dorcha. Bíonn cruth cónach, ubhach nó sorcóireach orthu, ag brath ar an gcineál learóg.[4] D’fhéadfadh go bhfanfadh na cóin síl ar an gcrann ar feadh 10 mbliana. Bíonn crann learóige 15 bliain d’aois sula bhforbraíonn siad síolta, ach bíonn crainn a fhásann i gclampaí 35-40 bliain sula n-éiríonn siad torthúil.[2]
An Learóg Sheapánach
Is ó lár Honshu na Seapáine a thagann an learóg Sheapánach (Larix kaempferi). Tá sí fairsing in Éirinn agus sa mBreatain ó tugadh isteach é sna hoileáin seo in 1861 mar chrann foraoiseachta. Cuirtear í mar chrann ornáide freisin. Ní bhíonn sí chomh hard leis an learóg Eorpach, agus bíonn stoc agus craobhacha níos tiubha aici. Is iondúil go mbíonn barr an chrainn níos dlúithe freisin.
Is furasta don learóg Eorpach hibridiú le learóga eile, an learóg Sheapánach ina measc.[2] Is ón trasnú seo a thagann an learóg hibrideach (Larix × marschlinsii nó Larix x eurolepis), crann atá réasúnta coitianta in Éirinn.[5]
Fáschoillte Learóige in Éirinn
Is crann tábhachtach do gheilleagar foraoiseachta na hEorpa í an learóg, mar gheall go bhfásann an crann go tapa, go mbíonn sí compordach i raon leathan gnáthóg, agus go dtáirgeann sí adhmad marthanach.
Mar gur ag an learóg atá ceann de na rátaí fáis is tapúla i measc na mbuaircíneach, chuirtí go minic í i bhfáschoillte foraoiseachta chun adhmad a sholáthar. Mar chrann téisclime, is í a chuirtear go minic ar dtús ar thalamh oscailte, sula gcuirtear crainn atá níos scáthfhulangaí.
Is iad an learóg Eorpach agus an learóg Sheapánach an dá speiceas de learóg is coitianta a chuirtear i bhfáschoillte na hÉireann. Cuirtear an learóg hibrideach, hibrid den dá speiceas seo, freisin. Tá an hibrid seo níos táirgiúla ná ceachtar den dá thuismitheoir.
Tugadh an learóg Eorpach isteach sa Bhreatain timpeall na bliana 1629[4] agus tháinig an learóg Sheapánach go hÉirinn timpeall na bliana 1865. Cuirtear níos mó den chineál Polannach (Larix decidua polonica) in Éirinn ná aon chineál eile den learóg Eorpach.
Is í an learóg Eorpach ba mhó de na learóga a cuireadh i bhforaoisí na hÉireann ar dtús. Ach cuireadh níos mó den learóg Sheapánach agus an learóg hibrideach ó na1940idí agus na 1950idí ar aghaidh.
Úsáid na Learóige
Tá adhmad na learóige dlúth, láidir, agus crua. Bíonn dath donn geal ar an sú-adhmad agus dath deargdhonn ar an gcroí-adhmad. Úsáidtear é chun troscán a dhéanamh agus in earnáil na tógála.[2] Déantar páipéar ar ardchaighdeán as laíon na learóige mar go bhfuil snáithíní fada san adhmad. Tógtar tithe as adhmad na learóige ina cheantar dúchais. Déantar troscán, urláir, agus ábhar a bhíonn amuigh faoin aer as freisin.
Is adhmad marthanach é mar go bhfuil go leor tainnine agus roisín ann.[1] Cé go raibh an-éileamh ar adhmad na learóige mar chuaille fál agus mar ábhar tógála báid, níl an tóir chéanna air anois, mar go bhfuil cóireáil leasaithigh ar fáil do chineálacha eile adhmaid. Bíonn an learóg fós in úsáid go minic mar chumhdach seachtrach do fhoirgnimh.
Tugtar tuirpintín na Veinéise ar an roisín a thagann ón learóg Eorpach. Níl sé cosúil le tuirpintín eile toisc nach ndriogtar é. Úsáidtear é mar thuaslagóir i bpéintéireacht ola—déanann sé an phéint lonrach agus trédhearcach, moillíonn sé an t-am a thógann ar an bpéint triomú, agus bíonn an phéint níos éasca le láimhseáil. D’úsáidtí tuirpintín na Veinéise freisin mar chógas leighis do chasacht agus do bhreoiteachtaí eile.[1]
Cuirtear an learóg mar chrann ornáide mar gheall ar dhathanna tarraingteacha an duilliúir sa bhfómhar, agus mar nach bhfuil mórán buaircíneacha duillsilteacha ann.
Tagairtí
1. Da Ronch, F., et al., Larix decidua and other larches in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
2. Matras, J. and L.E. Pâques, Technical Guidelines for genetic conservation of European Larch (Larix decidua). 2008: Bioversity International.
3. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
4. Mitchell, A.F., Conifers in the British Isles: a descriptive handbook. 1972, Londain: H.M. Stationery Office.
5. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
Tuilleadh Íomhánna





