An Leaithín
Dryas octopetala

Duilleog: Maothánach
Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Buí, Bán
Tréimhse faoi Bhláth: Bealtaine, Meitheamh, Iúil
Fine: Rosaceae

Tá an leaithín, nó féasóg na lao mar a thugtar air freisin, ar cheann de flóra Alpach na hÉireann. Tá an sceach bheag shíorghlas seo fairsing sa mBoireann, ach tá sí annamh in Éirinn taobh amuigh den cheantar sin. Fásann sí sínte, íseal ar charraigeacha aolchloiche na Boirne. Bíonn duilleoga lonracha, maothánacha ar an leaithín. Is dath dúghlas a bhíonn orthu (bíonn dath an airgid ar thaobh íochtair na nduilleog). Bíonn ocht bpeiteal bána ar na bláthanna, le go leor staimíní buí i lár an bhlátha. Pailníonn feithidí na bláthanna. Is aicéiní iad na síolta, a scaiptear sa ngaoth.

An leaithín sa mBoireann.

Ainm eile: Feasóg na Lao

Béarla: Mountain Avens

Tuilleadh Íomhánna