An Ghiolcach Shléibhe
Cytisus scoparius

Duilleog: Trídhuilleach
Airde: 3m
Dath an Bhlátha: Buí
Tréimhse faoi Bhláth: Bealtaine, Meitheamh
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Samhain
Géineas: Cytisus
Fine: Fabaceae

Is sceach bheag, dhuillsilteach í an ghiolcach shléibhe atá cosúil leis an aiteann, sceach eile atá sa gclann plandaí céanna léi, seachas nach mbíonn duilleoga deilgneacha ar an ngiolcach shléibhe. Bíonn bláthanna órbhuí uirthi sa samhradh. Bhaintí úsáid as an bplanda fadó in Éirinn le cóireáil a chur ar go leor breoiteachtaí éagsúla. D’úsáidtí na géaga chun scuaba a dhéanamh freisin, agus is uaidh seo a fuair sé an t-ainm Béarla, broom.

An ghiolcach shléibhe ag fás ar an bportach.

Béarla: Broom; Scotch Broom

Cur Síos ar an bPlanda
Cytisus scoparius fosp. maritimus
Planda Ionrach
An Ghiolcach Shléibhe sa bPobal
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna