An Cainchín Mion
Cotoneaster microphyllus

Is ón Áis a tháinig an cainchín mion, ceann de roinnt speiceas ón ngéineas Cotoneaster atá ag fás fiáin in Éirinn. Is sceach íseal, shínte í a cuireadh mar sceach ornáideach. Is féidir é a aithint ó na speicis eile de chainchín in Éirinn mar gheall go mbíonn na duilleoga níos lú ná mar a bhíonn ar na cainchíní eile. Tagann caora beaga dearga ar an bplanda tar éis do na bláthanna beaga bána pailniú. Scaipeann éin na síolta ar fud na tíre. Breathnaítear ar an gcainchín seo mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Tá sé ag scaipeadh sa mBoireann agus in áiteanna eile a d’éalaigh sé ó ghairdíní.

Ainm eile: Cotóinéastar Mionduilleach
Béarla: Small-leaved Cotoneaster
Tuilleadh Íomhánna






