An Castán
Castanea sativa

Duilleog: Fiaclach, Lansach
Airde: 30m
Dath an Bhlátha: Buíghlas, Glas
Tréimhse faoi Bhláth: Bealtaine, Meitheamh
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Deireadh Fómhair, Samhain
Fine: Fagaceae

Tá cáil ar an gcrann mór duillsilteach seo mar gheall ar na cnónna inite a sholáthraíonn sé sa bhfómhar. Glactar leis gur am éigin le linn na Meánaoise a tháinig an castán go hÉirinn, agus tá an crann curtha anois go forleathan ar fud na tíre. Bíonn aois mhór ag na castáin. Tá ceann ag fás ar shliabh Etna na Sicile atá idir 2,000 agus 4,000 bliain d’aois, agus is beagnach 59 m atá imlíne an chrainn.

An Castán i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, sa fómhar.

Béarla: Sweet Chestnut

Eolas faoin gCastán
Cúlra an Chastáin
Cuma an Chrainn
Coirt agus Duilleoga
Úsáid agus Traidisiúin an Chrainn
Tagairtí
Tuilleadh Íomhánna