An Crann Sleamhain
Carpinus betulus

Tá an crann duillsilteach seo sa bhfine céanna leis an gcoll (Corylus avellana) agus na beitheanna (Betula spp.), cé go bhfuil an chuma air go bhfuil sé níos cosúla leis an bhfeá (Fagus sylvatica). Is iad na duilleoga, le dromchla rocach agus féitheacha feiceálacha, is mó a úsáidtear chun an crann sleamhain a aithint. Cosúil leis an bhfeá, fanann na duilleoga feoite ar an gcraobh i gcaitheamh an gheimhridh. Tá an crann neamhdhúchasach seo nádúraithe anois in Éirinn.
Ainmneacha Eile: Damhchuing[1]
Béarla: Hornbeam
An Crann Sleamhain san Eoraip
Is ón bhFrainc, soir chomh fada leis an Úcráin, agus ó dheas go dtí an Tuirc, atá ceantar dúchais an chrainn shleamhain, cé go bhfuiltear ag tuar go laghdóidh an réimse sin mar thionchar an athraithe aeráide.[2] Ach táthar ag ceapadh freisin go leathnóidh an crann seo amach níos faide ó thuaidh sna blianta atá romhainn, mar gur léir go bhfuil an crann in ann déileáil leis na teochtaí níos airde atá tuartha mar gheall ar an éigeandáil chéanna.[3]
Fásann an crann sleamhain go nádúrtha ina cheantar dúchais in éineacht leis an dair ghallda (Quercus robur). Is iomaitheoir láidir é an crann. Má bhíonn an talamh sách saibhir agus le foscadh réasúnta, gheobhaidh an crann sleamhain an ceann is fearr ar gach speiceas eile de chrann, seachas an dair agus an fheá (Fagus sylvatica).[4] Tá an straitéis éiceolaíochta seo le feiceáil i bhforaois Bialowieza sa Pholainn, an t-iarsma is mó den fhorais chianaosta a chlúdaigh Mór-roinn na hEorpa fadó,[4] agus áit a bhfuil an crann sleamhain ar an gcrann is coitianta ann.

Cé go bhfuil pailin ón gcrann sleamhain aimsithe sa taifead pailine ón tréimhse sular tháinig daoine go hÉirinn, ceapadh gur thar farraige ar an ngaoth a tháinig an phailin, agus nár tháinig an crann sleamhain go hÉirinn sular tháinig na chéad daoine ar an oileán.
Ach ní gach luibheolaí atá ar aon intinn leis seo, agus maítear gur féidir anois cás a dhéanamh, bunaithe ar thaifid pailine, go raibh an crann sleamhain ag fás in Éirinn sular thosaigh na chéad daoine ag feirmeoireacht. Dá bhrí sin, de réir na teoirice, is crann dúchasach é (ag glacadh leis nár thug na fiagaithe cnuasaitheoirí isteach é roimhe sin).[5] Léiríonn sé seo go bhfuil éiginnteacht mhór fós ann faoi na crainn a bhí ag fás in Éirinn sular tháinig na chéad daoine. Beag beann ar stádas dúchasach an chrainn seo, is cosúil go bhfuil an crann sleamhain nádúraithe in Éirinn anois.[6]
Táthar níos cinnte go bhfuil an crann seo dúchasach sa mBreatain—cé nach bhfuil sé ann ach ar feadh 5,000 bliain.[4] Fásann sé go maith i gcré throm in oirdheisceart na Breataine, ach níl sé éasca réimse dúchasach an crann sleamhain aithint sa mBreatain mar gur cuireadh go forleathan é. Ní crann é a bhí curtha go fairsing in Éirinn—chuimsigh sé 0.3% de na crainn go léir a cuireadh i gCo. Doire idir 1768 agus 1911.[7] Anois, tá an crann níos fairsinge in oirthear, oirthuaisceart, agus oirdheisceart na tíre ná mar atá ar chósta an iarthair agus i lár na tíre.[8]
Is cosúil leis an bhfeá atá an crann sleamhain, cé nach ndéanann sé crann chomh mór. Is iondúil go mbaineann sé 15-25 m in airde amach, cé go bhfuil crann i gContae Chill Mhantáin atá 34 m ard.[9]
Is cosúil le coirt na feá atá coirt an chrainn sleamhain. Bíonn dath liath geal air, ach ní bhíonn an choirt chomh mín le coirt na feá. Bíonn na géaga beagán clúmhach.

Is cosúil le bachlóga na feá freisin a bhíonn bachlóga an chrainn shleamhain. Bíonn siad fada agus biorach, agus bíonn siad brúite in aghaidh an ghais.

Is duilleoga ubhchruthacha, le barr biorach agus dromchla rocach, a bhíonn ar an gcrann sleamhain (bíonn duilleog na feá níos mó agus bíonn dromchla mín aici). Bíonn imeall na duilleoige fiaclach—is corrach a bhíonn imeall dhuilleoga na feá. Tagann dath órga agus oráiste ar na duilleoga sa bhfómhar[4] agus, mar aon leis an bhfeá, fanann na duilleoga feoite ar an gcraobh i gcaitheamh an gheimhridh.
Tá an crann sleamhain moinéiciach, agus is caitíní iad na bláthanna a thagann amach in Aibreán agus Bealtaine. Déanann an ghaoth na bláthanna baineanna a phailniú. Is cnó beag an toradh, clúdaithe le bracht nó crotal maothánach. Bíonn sciatháin ar an síol a chabhraíonn leis scaipeadh sa ngaoth.
Is tearmann é an crann sleamhain sa ngeimhreadh do mhamaigh agus d’éin mar go bhfanann na duilleoga feoite ar an gcrann. Itheann meantáin agus glasáin na síolta.
Cosúil leis an mbeith, faightear scuaba caillí ar an gcrann sleamhain. I gcás an chrainn shleamhain, is é an fungas Taphrina carpini is cúis leo, seachas an fungas Taphrina betulina a bhíonn ar an mbeith.
Tá adhmad geal an chrainn shleamhain ar an adhmad is cruaite san Eoraip. Is ‘hornbeam’ atá air i mBéarla mar gur maíodh go raibh sé chomh crua le hadharc (tá an fréamh céanna ag ‘beam’ agus an focal Gearmáinise ‘Baum’, a chiallaíonn crann).[7] Cé nach bhfuil sé feiliúnach mar adhmad tógála mar go bhfreangann sé go héasca,[10] is iomaí ábhar a dhéantaí as adhmad crua an chrainn shleamhain—scriúnna adhmaid, rothaí fiaclacha, agus páirteanna do phianónna ina measc.
D’úsáidtí an t-adhmad san am atá caite chun carbaid na Rómhánaigh a dhéanamh. Dhéantaí uaracha do dhamhra as adhmad an chrainn seo freisin.[11] Dhéantaí an crann a bhunscoitheadh sa mBreatain chun adhmad an chrainn shleamhain a sholáthar. Ba í adhmad an chrainn príomh-bhreosla Londain go dtí lár an 20ú haois. Is iomaí roschoill tréigthe den chrann sleamhain atá le feiceáil fós timpeall ar chathair Londain.[4] Úsáidtear adhmad an chrainn sleamhain anois mar ábhar urláir agus chun troscán a dhéanamh.

Cuirtear an crann sleamhain mar chrann ornáideach, agus is crann coitianta i bhfálta é freisin, mar go bhfanann na duilleoga feoite ar na géaga. Is minic go mbíonn an crann barrscoite, agus is iad crainn sleamhain barrscoite a fhástar mar fhál ‘ar chosa’, nós a bhí agus atá fós á chleachtadh sna heastáit mhóra sa mBreatain agus in Éirinn.[12] Tá saothróg cheartingearach den chrann sleamhain curtha go minic anois i gceantair uirbeacha.
Ní mórán béaloidis atá faoin gcrann seo in Éirinn ná sa mBreatain, ach tá go leor seanchais faoin gcrann sleamhain ar Mhór-roinn na hEorpa. Is ón bhfocal Sanscrait ‘kar’, a chiallaíonn crua, a thagann Carpinus agus tugadh betulus air mar gheall ar chosúlachtaí idir an crann seo agus na beitheanna (Betula spp.).[11]
1. Uí Chonchubhair, M., Crainn agus Toir- cur síos cuimsitheach ar chrainn agus ar thoir in Éirinn. 2024, Daingean Uí Chúis: Dingle Publishing.
2. Varol, T., et al., The Effects of Climate Change Scenarios on Carpinus betulus and Carpinus orientalis in Europe. Water, Air, & Soil Pollution, 2022. 233(2): p. 45.
3. Gülçin, D., E.S. Arslan, and Ö.K. Örücü, Effects of climate change on the ecological niche of common hornbeam (Carpinus betulus L.). Ecological Informatics, 2021. 66: p. 101478.
4. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
5. Stolze, S. and T. Monecke, Holocene history of ‘non-native’ trees in Ireland. Review of Palaeobotany and Palynology, 2017. 244: p. 347-355.
6. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
7. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
8. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
9. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
10. Pinchevska, O., et al., Properties of hornbeam (Carpinus betulus) wood thermally treated under different conditions. Acta Facultatis Xylologiae Zvolen res Publica Slovaca, 2019. 61(2): p. 25-39.
11. Christy, M., The Hornbeam (Carpinus Betulus L.) In Britain. Journal of Ecology, 1924. 12(1): p. 39-94.
12. Carolina, Ş., et al., English modern gardens. JOURNAL of Horticulture, Forestry and Biotechnology, 2011. 15(4): p. 73-76.
Tuilleadh Íomhánna



