An Bheith Gheal
Betula pendula

Is crann caol, galánta í an bheith gheal, ceann den dá bheithe dúchasacha in Éirinn. Cé go bhfuil sí le fáil go forleathan, níl an bheith gheal chomh fairsing leis an mbeith chlúmhach (Betula pubescens). Níl an bheith gheal in ann gnáthóga fliucha a sheasamh, murab ionann agus an bheith chlúmhach. Cé go bhfuil an dá chrann cosúil lena chéile, is féidir iad a aithint mar gheall ar dhifríochtaí beaga atá i gcoirt, i nduilleoga agus i gcuma an dá chrann. Faigheann an bheith gheal an t-ainm pendula toisc go mbíonn cuma shilte ar an gcrann. Tugtar an bheith gheal uirthi mar gheall ar ghileacht na coirte.

Ainm Béarla: Silver Birch, Warty Birch
Bhí na beitheanna i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis an oighrithe dheiridh. Léiríonn taifid pailine ón am sin gur scaip beitheanna go tapa ar fud an oileáin ag tús na tréimhse Holaicéineach.[1] Tá dhá speiceas dúchasach in Éirinn: an bheith gheal (Betula pendula) agus an bheith chlúmhach (Betula pubescens).
Cé go bhfuil an bheith gheal an-coitianta in Éirinn, níl sí chomh fairsing leis an mbeith chlúmhach ar an gcósta thiar agus thuaidh.[2] Ní iondúil go bhfásann an bheith gheal níos airde ná 400 m, cé go bhfásann an bheith chlúmhach i suíomhanna atá beagnach 1 km in airde.[2] Faightear an bheith gheal sa bhfiántas in Éirinn go minic ag fás ar bhruacha clochacha locha, ar imill phortaigh ardaithe, agus i gcoillte.[3]
Cosúil le crainn téisclime eile, fásann an bheith gheal in ithir bhocht, aigéadach.[4] Tá tréithe ag beitheanna a chuidíonn leo greim a fháil ar thalamh lom—fásann siad go tapa, is féidir le crann amháin na mílte síol a scaipeadh, agus péacann siad go héasca. Anuas ar sin, is féidir le crainn atá 10 mbliana d’aois crainn nua a shíolrú. Chuige sin, is minic a ghlacann beitheanna seilbh ar thalamh bhriste agus tréigthe.
Ach bíonn beitheanna ag brath go mór ar sholas na gréine agus ní éiríonn go maith leo nuair a bhíonn orthu dul i gcomórtas le crainn eile, amhail an dair, chun an solas sin a fháil. Ní fheileann talamh fhliuch don bheith gheal mar a fheileann an bheith chlúmhach.
Is crann éadrom, oscailte í an bheith gheal. Fásann an bheith gheal níos airde ná an bheith chlúmhach—tá an bheith gheal in ann 30 m ar airde a bhaint amach, ach ní minic a fheictear crainn níos airde ná 20 m.
Bíonn cuma dhíreach, chónúil ag crainn óga, ach leathann barr an chrainn amach beagán le haois. Bíonn an chuma ar ghéaga na beithe gile go sleabhcann siad anuas, i gcomparáid le géaga na beithe clúmhaí, a bhíonn iompaithe suas. Is ón tréith seo a tháinig an t-ainm eolaíoch pendula, a chiallaíonn ‘silte’ nó ‘crochta’.
Coirt agus Duilleoga
Is dath dheargdhonn a bhíonn ar choirt na gcrann óga, ach tagann dath níos gile (liath nó bán uaireanta) ar an gcoirt i gcrainn a bhíonn níos sine. Tagann cruthanna dorcha i bhfoirm diamaint ar íochtar an stoic i gcrainn aibí, pátrún nach mbíonn le feiceáil ar an mbeith chlúmhach.
Is dath donndearg a bhíonn ar ghéaga óga an chrainn. Ní bhíonn ribí gruaige ar ghéaga na beithe gile (is iondúil go mbíonn géaga clúmhacha ag an mbeith chlúmhach), agus bíonn faireoga bána ar na géaga. Is mar gheall ar na faireoga seo a fhaigheann an crann an t-ainm Warty Birch i mBéarla.
Tá údar maith leis an dath bán a bhíonn ar choirt na beithe gile. Cinntíonn tréithe frithchaitheacha na coirte báine nach n-éiríonn an crann ró-the i solas na gréine sa ngeimhreadh. Murach dath geal na coirte, ní bheadh an crann in ann maireachtáil i raon mór teochta sa chuid thuaidh de réimse dúchasach na beithe, mar go dtiteann an teocht chomh mór sin san oíche tar éis teas an lae.
Is bachlóga beaga ubhacha a bhíonn ar ghéaga an chrainn, agus osclaíonn na duilleoga ag tús an tsamhraidh. Bíonn dath glas lonrach ar thaobh uachtarach na nduilleog, agus dath níos éadroime ar an íochtar.
Bíonn duilleoga na beithe gile níos mó ná duilleoga na beithe clúmhaí. Is cruth triantánach a bhíonn orthu, le bior suntasach ag barr na duilleoige. Bíonn imeall na nduilleog défhiaclach (bíonn dhá shraith fiacla orthu, sraith amháin le fiacla beaga agus ceann le fiacla móra)—ní iondúil go mbíonn an tréith seo ar dhuilleoga na beithe clúmhaí. Tagann dath buí ar na duilleoga sa bhfómhar sula dtiteann siad.
Cosúil leis an mbeith chlúmhach, is caitíní iad na bláthanna baineanna (a bhíonn gearr agus glas) agus fireanna (a bhíonn fada agus buí). Osclaíonn siad idir Aibreán agus Bealtaine, agus scaipeann an ghaoth an phailin ón gcaitín fireann go dtí an ceann baineann.

Tar éis dóibh pailniú, ataíonn na caitíní baineanna agus forbraítear toradh an chrainn thar thréimhse an tsamhraidh. Scaoiltear na samáir (síolta sciathánacha) ón toradh aibí—a bhreathnaíonn cosúil le buaircín sorcóireach—ag deireadh an tsamhraidh.
Adhmad na Beithe
Tá adhmad crua ag an mbeith agus soláthraíonn sí níos mó adhmaid chrua i dtuaisceart na hEorpa ná aon chrann eile. Fástar an bheith i bhfáschoillte in éineacht leis an bpéine Albanach (Pinus sylvestris) agus sprúsanna éagsúla (Picea spp.).[5] Mar aon leis an bhfearnóg (Alnus glutinosa), baintear úsáid as beitheanna chun talamh tréigthe a shaibhriú arís, go hiondúil le gur féidir crainn eile a chur ina ndiaidh.[5]
Úsáid na Beithe
Tá fianaise ann go raibh adhmad na beithe in úsáid ar feadh na mílte bliain. Fritheadh poill le cuaillí faobhraithe beithe iontu, a bhí in úsáid mar ghaiste d’ainmhithe, i Yorkshire Shasana. Bhí na cuaillí timpeall 2,500 bliain d’aois. Aimsíodh coirt bheithe i Baile an Tuaighe, Co. Aontroma, a bhí chomh sean céanna. D’úsáidtí adhmad na beithe chun crannóga in Albain a dhéanamh freisin.[6]
Is féidir tarra a dhéanamh as coirt na beithe ach é a thriomú i dteas ard agus gan mórán aeir a scaoileadh chuige, próiseas ar a dtugtar turdhriogadh. Aimsíodh tarra beithe ar uirlisí cloiche i dTuscáin na hIodáile a rinneadh sa tréimhse Pléisticéineach (185–135,000 bliain ó shin).[7] Dhéantaí an tarra ar fud na hEorpa agus d’úsáidtí é go príomha mar ghreamachán.[8]
Níos deireanaí, bhaintí úsáid as an mbeith chun páirteanna d’innealra a dhéanamh i dtionscadal déantúsaíochta an chadáis sa mBreatain.[9] Bhaintí úsáid as coirt na beithe i dtionscail na súdaireachta freisin.[10] Dhéantaí fioghual ar ardchaighdeán as adhmad na beithe freisin.
Dhéantaí dathú as an mbeith freisin. Is iondúil gur dath donn a chuirtí ar an olann le coirt na beithe, ach d’fhéadfaí dath dearg a bhaint as sraitheanna den choirt atá níos faide istigh sa gcrann.[11]
Dhéantaí scuaba as an mbeith san am atá caite[12] —cheanglaítí géaga ón mbeith agus ón bhfraoch le cois adhmaid agus d’úsáidtí seo le hurláir chréafóige na dtithe a scuabadh. Cé gur mó úsáid a bhaineadar as adhmad na fearnóige chun paitíní a dhéanamh in Éirinn, dhéantaí na bróga adhmaid sin as an mbeith freisin.
Dhéantaí scáthláin ghaoithe as an mbeith agus as an gcoll (Corylus avellana) le cur in aghaidh tithe le cosaint a thabhairt in aghaidh na gaoithe.[13] D’úsáidtí an bheith mar fhoinse solais freisin—bhí sé éasca géaga triomaithe beithe a lasadh mar go bhfuil ola san adhmad.[6]
Dár ndóigh, bhí úsáid eile ag craobhacha beithe go dtí le gairid, mar is léir ó na tomhaiseanna searbhasacha atá fairsing i mBailiúchán na Scol: “Cén crann is lú a thaitníonn le buachaillí scoile?” agus “Cén crann a fheictear go minic ar scoil?” Bhaintí úsáid fhorleathan as an slat bheithe le gasúir óga a smachtú.
Sú na Beithe
Tosaíonn an sú i xiléim na beithe (tógann an xiléim uisce agus cothaithigh ó fréamhacha an chrainn go dtí na duilleoga) ag gluaiseacht aníos ó fréamhacha an chrainn luath san earrach. Tarlaíonn an próiseas seo i gcrainn eile, amhail an mhailp (Acer campestre) agus an seiceamóir (Acer pseudoplatanus). Agus an próiseas seo ar bun, is féidir an crann a bhearnú agus an sú seo a úscadh ón stoc.
Déantar síoróip nó fíon as an sú.[4] Tá mianraí éagsúla sa sú seo—copar, sinc, agus mangainéis—atá in ann tionchar dearfach a imirt ar an gcóras imdhíonachta, an córas atáirgthe, agus ar an gcraiceann, an ghruaig, agus na hingne.[14] Go deimhin, tá tagairt i mBailiúchán na Scol, ó Chontae Thiobraid Árann, go raibh an sú go maith chun “droch-fhuil” a leigheas.
D’óltaí sú na beithe in Éirinn agus thar lear freisin chun scorbach a sheachaint, cé nach bhfuiltear cinnte cé chomh fairsing agus a bhí bearnú na mbeitheanna á chleachtadh in Éirinn, i gcomparáid le tíortha eile ina raibh sé forleathan.[11] Tá tóir anois ar sú choipthe an bheithe mar phróibhitheach nádúrtha.[15]
Leigheas na Beithe
Is minic a luaitear i mBailiúchán na Scol coirt na beithe mar leigheas ar eachma an chraicinn. Déantar ceirnín de ar an gcraiceann nó bruitear in uisce é agus óltar an tae sin. Bhaintí úsáid as an mbeith mar chógas ar eachma—agus soiriáis freisin—i dtíortha eile.[16] Déantar amhlaidh in oirthear na hÁise le coirt ó speiceas eile, an bheith bhán Sheapánach (Betula platyphylla var. Japonica), agus tá sé léirithe go maolaíonn coirt na beithe sin deirmitíteas i luchain.[17]
Ní hí an bheith an t-aon phlanda a bhí in úsáid chun breoiteachtaí craicinn a leigheas in Éirinn. D’úsáidtí an bearnán lachan (Menyanthes trifoliata), an neantóg (Urtica dioica), agus an t- eibheann (Hedera hibernica) chuige seo freisin.Meascadh na duilleoga le tuirpintín chun scoilteacha a leigheas, agus, mar aon leis an eachma, feiceann eolaithe go bhfuil duilleoga na beithe in ann limficítí athlastacha (is iad is cúis le airtríteas réamatóideach) a cheansú sa gcorp.[18]
Is féidir an taobh istigh de choirt na beithe (an fléam) a ithe – déantar arán as sa gCríoch Lochlann. Is léir gur ith daoine coirt na beithe le linn an Ghorta Mhóir in Éirinn.[11]
Úsáid na Beithe Gile
Is í an chomhdhúil betulin a thugann an dath bán do choirt na beithe gile. Tá sé ar cheann de na chéad substaintí nádúrtha a eascraíodh ó phlandaí. Is é Johann Tobias Lowitz, ceimiceoir ón nGearmáin, a rinne é seo in 1788.[24] Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithailse agus frith-athlastacha ag betulin, agus ceaptar go mbeadh sé éifeachtach chun cóir a chur ar shiada athlastacha.[25]
Is í an bheith gheal is mó atá anois ag fás ar thalamh talmhaíochta tréigthe in oirthear na hEorpa agus sa Rúis. In ainneoin nach bhfástar bia ar an talamh níos mó, is mór an stór carbóin iad na crainn bheithe atá anois ag fás iontu. Tugtar ceapadh carbóin ar an gcaoi a shúnn crainn dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar le stóráil sa bplanda, agus is léiriú é seo ar ról tábhachtach na gcrann i ré nua an athrú aeráide.[26]
Tá an-éileamh ar an mbeith gheal mar chrann ornáideach agus crann cathrach mar gheall ar chuma ghalánta an chrainn.
Béaloideas na Beithe
Bhí an bheith aitheanta mar ghnáthchrann na coille (aithig fhedo) sa bhFéineachas in Éirinn na Meánaoise. Bhí crainn faoi chosaint ag dlíthe na tíre ag an am agus gearraíodh pionós de bhó bhainne dá ndéanfaí damáiste do bheith.
Is dócha gur mar gheall ar chaighdeán an adhmaid—nach bhfuil chomh luachmhar le hadhmad na darach, mar shampla—nach n-áirítear an bheith in uaisle na gcoille (airig fedo).[12, 19] Níor rinneadh idirdhealú idir an bheith chlúmhach agus an bheith gheal sa gcóras seo. Chuile sheans, mar gur tuigeadh go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis an dá speiceas, in ainneoin na ndifríochtaí eatarthu, gur áiríodh iad faoi ainm amháin.[12]
Tá roinnt tobair bheannaithe atá luaite i mBailiúchán na Scol ina bhfuil crainn bheithe ag fás in aice leo. Tá cáil ar thobar amháin, i mBáinseach Thiobrad Árann, atá timpeallaithe ag beitheanna. De réir an tseanchais áitiúil, ní dhóigh adhmad na gcrann seo agus ní fhiuchadh uisce an tobair. Is leigheas do ghalracha agus tinnis éagsúla an t-uisce ach é a ól.
Tá tobar beannaithe eile i gCo. Liatroma agus crann beithe agus sceach gheal (Crataegus monogyna) ag fás in aice láimhe, agus bhí dhá bheith ag fás taobh le tobar i gCo. Chorcaí a raibh leigheas do shúile tinn san uisce. Ní fios an raibh baint ag na crainn seo le cumhacht na dtoibreacha.
Maítear go dtagann an focal ‘beith’ ón bhfocal Gaillise don chrann, ‘betu’, agus go bhfuil gaol aige leis an bhfocal ‘bitumen’. Dhéantaí tarra as coirt an chrainn atá cosúil le biotúman. Is uaidh seo, de réir na teoirice, a tháinig ainm an ghéinis, Betula. Ach níl cinnteacht faoi seo, mar dhéantaí tarra as crainn eile freisin, go háirithe an péine (Pinus spp.).[20]
Ceaptar gur ón bhfocal Sanscrait ‘bhurja’, a chiallaíonn crann le coirt gur féidir scríobh air, a tháinig ainmneacha na beithe i dteangacha éagsúla eile (birch i mBéarla, Birke i nGearmáinis, Bjork in Ioruais).[4]
Tá ainm an chrainn seo le feiceáil i logainmneacha éagsúla ar fud na tíre—Gleann Beithe i gCiarraí agus Achadh Bheithe i gContae Fhear Manach ina measc. Tá Doire Bheithe (Doire Bheathach[21]) i gContae Longfoirt agus Díseart Beitheach i gContae Laoise.
Scaití, faightear leagan firinscneach den ainm sna logainmneacha, mar shampla Gleann an Bheithe i dTír Chonaill, Gort an Bheithe i gContae an Chláir, agus Coill an Bheithe i gContae Fhear Manach. Uaireanta eile, is leagan baininscneach a bhíonn luaite le háit, mar shampla Bealach na Beithe, Contae Liatroma.
Tá Tír na Scuab i gContae Ard Mhacha, as a dtáinig na scuaba beithe, is cosúil.[21] Tá tagairt i mBailiúchán na Scol de chrann ar leith, Beith an Chrochaire, i gContae Chiarraí, ar a crochadh fear san am atá caite.
Beitheanna eile
Tá an bheith bheag (Betula nana), sceach bheag a fhásann in aeráid fhuar fheannta, le fáil sa mBreatain agus i dtuaisceart na hEorpa, ach níl sí in Éirinn. Is léir go raibh an planda seo in Éirinn tar éis na oighearaoise deiridh, ach díothaíodh í nuair a d’ardaigh teocht na haeráide.[22] Fásann sí ar shléibhte portaigh, i gcoinníollacha fliucha agus aigéadacha.
Ní bhíonn sí mórán níos mó ná 30 cm in airde in Albain, seans mar gheall ar an mbrú ó fhianna agus ó chaora, mar go bhfuil an planda in ann 1 m a bhaint amach sna críocha Lochlannacha. Cé go bhfuil sí i bhfad níos lú ná na beitheanna eile sa ngéineas, is planda crua í an bheith bheag, atá in ann ag coinníollacha feannta, agus ceaptar go maireann na sceacha seo níos faide ná na crainn mhóra eile atá sa ngéineas céanna.[4]
A bhuíochas don ardú teochta san Artach de thoradh an athraithe aeráide, tá an bheith bheag ag scaipeadh go treán anois i dtundra na Graonlainne.[23]
Fásann crann beithe eile, Betula pubescens ssp. tortuosa, le craobhacha casta agus duilleoga beaga, sa gCríoch Lochlann freisin. Is hibrid é idir an bheith bheag agus an bheith chlúmhach. Tá an planda fairsing in Albain, agus luaite le dtuaisceart agus deisceart Éirinn freisin (cé nach bhfuil sé seo deimhnithe).[2]
Tá an-tóir ar Betula papyrifera (Paper Birch), a thagann as Meiriceá Thuaidh, mar gheall ar choirt bhán an chrainn, a bhfuil cuma an pháipéir air nuair a scamhann sé ón stoc. Cuirtear an bheith Himiléach (Betula utilis) go forleathan in Éirinn mar chrann ornáide freisin, arís go príomha mar gheall ar an gcoirt mhealltach.
1. Hall, V., The history of Irish forests since the Ice Age. Irish Forestry, 1997.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
4. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
5. Beck, P., et al., Betula pendula, Betula pubescens and other birches in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
6. Lines, R., Man’s use of birch—past and present. Proceedings of the Royal Society of Edinburgh, Section B: Biological Sciences, 1984. 85(1-2): p. 203-213.
7. Mazza, P.P.A., et al., A new Palaeolithic discovery: tar-hafted stone tools in a European Mid-Pleistocene bone-bearing bed. Journal of Archaeological Science, 2006. 33(9): p. 1310-1318.
8. Stacey, R.J., et al., Birch bark tar in early Medieval England – Continuity of tradition or technological revival? Journal of Archaeological Science: Reports, 2020. 29: p. 102118.
9. WALSH, G.E., MAINE’S WOOD NOVELTY MILLS. Scientific American, 1902. 87(17): p. 269-269.
10. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
11. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
12. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
13. Mac Coitir, N., The vernacular uses of Irish wood. Irish Forestry, 2022. 77(1&2): p. 94-105.
14. Staniszewski, P., et al., The effect of tree age, daily sap volume and date of sap collection on the content of minerals and heavy metals in silver birch (Betula pendula Roth) tree sap. PLoS One, 2020. 15(12): p. e0244435.
15. Grabek-Lejko, D., et al., The bioactive and mineral compounds in birch sap collected in different types of habitats. Baltic Forestry, 2017. 23(2): p. 394-401.
16. Shaw, K., et al., The red list of Betulaceae. 2015.
17. Kim, E.-C., et al., The bark of Betula platyphylla var. japonica inhibits the development of atopic dermatitis-like skin lesions in NC/Nga mice. Journal of ethnopharmacology, 2008. 116(2): p. 270-278.
18. Gründemann, C., et al., An aqueous birch leaf extract of Betula pendula inhibits the growth and cell division of inflammatory lymphocytes. J Ethnopharmacol, 2011. 136(3): p. 444-51.
19. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
20. Quentel, G., The origins of tree names in Celtic. Studia Celtica Posnaniensia, 2018(3): p. 33-46.
21. Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.
22. O’Dowd, N., The improvement of Irish birch. Phase 1: Selection of individuals and populations. 2004: COFORD: Dublin.
23. Hollesen, J., et al., Winter warming as an important co‐driver for Betula nana growth in western Greenland during the past century. Global Change Biology, 2015. 21(6): p. 2410-2423.
24. Król, S.K., et al., Comprehensive review on betulin as a potent anticancer agent. Biomed Res Int, 2015. 2015: p. 584189.
25. Tuli, H.S., et al., Anti-Inflammatory and Anticancer Properties of Birch Bark-Derived Betulin: Recent Developments. Plants, 2021. 10(12): p. 2663.
26. Fedorov, N., et al., Estimation of Carbon Stocks of Birch Forests on Abandoned Arable Lands in the Cis-Ural Using Unmanned Aerial Vehicle-Mounted LiDAR Camera. Forests, 2023. 14(12): p. 2392.
Tuilleadh Íomhánna



