An Chaithne
Arbutus unedo

Is iomaí bealach ina bhfuil an chaithne, crann síorghlas, uathúil in Éirinn. Tá dáileadh tíreolaíochta thar a bheith teoranta aici—is timpeall ar Chill Airne atá formhór na gcrann fiáine sa tír ag fás. Is crann síorghlas í, a mbíonn na bláthanna bána agus na torthaí dearga le feiceáil uirthi ag an am céanna. Agus is planda Lúsatánacha í freisin—an ceann is mó acu. Is plandaí iad seo atá dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain, agus atá ag fás freisin ar Mhór-roinn na hEorpa, go háirithe ar Leithinis na hIbéire. Ceapadh le fada gur planda dúchasach í an chaithne, ach tá ceisteanna ardaithe faoin stádas seo le deireanaí.

Ainmneacha Eile: Crann Caithne, Crann Sugh-Thalmhain,[2] Úll caithne (an toradh)
Béarla: Strawberry Tree
An Chaithne in Éirinn
Tá an chaithne ar cheann de bheagán crann ar an oileán seo atá aitheanta mar chrann dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain, cé go bhfuil ceist ardaithe faoin stádas dúchasach atá aici.
Tá sí forleathan ar fud chósta na Meánmhara, ach ní fhaightear í ar Mhór-roinn na hEorpa mórán níos faide ó thuaidh ná tuaisceart na Spáinne agus na Portaingéile, agus cósta thiar na Fraince.[3] In Éirinn, tá sí coitianta in iardheisceart an oileáin, go háirithe timpeall ar Loch Léin in aice le Cill Airne, agus timpeall ar Loch Gile, i gContae Shligigh.[4] Bhí sí níos coitianta san iardheisceart san am atá caite, ach dódh go leor den chaithne chun fioghual a dhéanamh.[5]
Léiríonn taifid pailine go raibh an chaithne in Éirinn ar feadh ar a laghad 4,000 bliain[6] ach níl aon chinnteacht ann go raibh sí in Éirinn sular tháinig daoine anseo. Maíonn Sheehy-Skeffington go mb’fhéidir gur tháinig an chaithne in éineacht le mianadóirí copair a chuir fúthu in Éirinn ar bhruacha Loch Léin, in aice le Cill Airne, timpeall 2,400 BC.[7]
Ba léir go raibh an chaithne níos forleithne in Éirinn mar gur iomaí logainm atá ann leis an gcrann sin luaite iontu, Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne agus Ard Caithne i gContae an Chláir ina measc.[8] Ní comhtharlú é gur ar an gcósta atá na háiteanna seo, mar nach bhfásann an chaithne in aon áit a dtiteann meánteocht mhí Eanáir faoi 4.5°C.[9] Mar sin, ní cheaptar gur fhás an chaithne riamh i lár na tíre.[10]
Níl an chaithne chomh forleathan anois agus a bhí. Ceaptar go mb’fhéidir go bhfuil tréithe dófhriotaíocha ag an gcrann, agus gur buntáiste don chaithne é an loscadh sléibhe, a choinníonn crainn níos airde, a bhíonn in iomaíocht leis an gcaithne, faoi smacht. Maítear gur fhulaing coillte caithne nuair a stopadh tinte sléibhe sa gceantar ina bhfásann sí.[5]
Gnáthóga na Caithne
Ar nós gach planda sa bhfine Ericaceae, tá an chaithne go maith in ann ag créafóg aigéadach an phortaigh, cé nach bhfásfaidh sí in ithir a bhíonn leathbháite.[7] Chuige sin, fásann sí ar thalamh chlochach le neart draenála, i gcoillte leis an dair ghaelach (Quercus petraea), agus ar ailltreacha agus ar thaobh sléibhte.[11] Cé go bhfuil plandaí óga in ann maireachtáil i raon leathan gnáthóga, níl siad in ann sioc ná scáth domhain a sheasamh.
Cuma an Chrainn
Airde agus Aois
Is crann craobhach síorghlas í an chaithne nach bhfásann níos mó ná 9 m nó mar sin.[1] Is 14 m ar airde atá an chaithne is airde in Éirinn.[12] Tá sé deacair aois na gcrann seo a mheas mar go lobhann an croí-adhmad, agus mar sin ní féidir fáinní a chomhaireamh. Ach ó mhéid an stoic, meastar go maireann siad ar feadh os cionn 400 bliain.
Bhí crann i gCiarraí a bhreathnaigh mórán mar a chéile in 1904 agus mar a bhí sé in 1806. Nuair a thiteann caithní, cuireann siad meatháin nua aníos ón stoc a thit. Mar gheall air seo, d’fhéadfadh crann caithne le haois mhaith aici a bheith ar a dara, tríú nó ceathrú stoc.[13]

Coirt agus Duilleoga
Is dath donn a bhíonn ar an gcoirt, a scamhann ón gcrann nuair a bhíonn an crann níos sine. Bíonn dath glas dorcha ar thaobh uachtarach na nduilleog, agus bíonn dath níos éadroime ar thaobh íochtarach na nduilleog. Bíonn cuma lonrach, leatharach ar na duilleoga. Bíonn imeall na nduilleog fiaclach agus is ar ghas gearr a bhíonn siad. Is cruth éilipseach a bhíonn orthu—bíonn an barr agus an bun biorach.[13]

Bláthanna agus Torthaí na Caithne
Is i bhfoirm cloigíní bána, le scáil dhearg nó bhándearg, a bhíonn bláthanna na caithne. Bíonn siad cosúil leis na bláthanna a bhíonn ar an bhfraoch, plandaí atá sa bhfine céanna, Ericaceae. Bíonn na bláthanna ag crochadh anuas ón ngéag i bpanacail, le 10 staimín ar gach bláth. Meallann boladh milis na mbláthanna feithidí, go háirithe meachain.
In ainneoin gur strawberry-tree atá ar an gcaithne i mBéarla, ní sútha talún a bhíonn ar an gcrann mar thorthaí, ach caora beaga. Is dath glas agus buí a bhíonn orthu ar dtús, sula dtagann dath dearg-oráiste orthu nuair a bhíonn siad aibí. Bíonn dromchla an toraidh garbh le cnaipí beaga, a bhreathnaíonn cosúil le faithní.

Tagann na bláthanna amach idir Meán Fómhair agus an Nollaig agus, mar go dtógann sé bliain iomlán ar an toradh theacht chun aibíochta, bíonn torthaí na bliana anuraidh ar an gcrann in éineacht le bláthanna na bliana reatha. Is tréith í seo atá uathúil i gcrainn in Éirinn.[1]
Itheann smólaigh, lonta dubha, sacáin, colúir choille, agus spideoga na torthaí.[9]
Planda Lúsatánach
Tá an chaithne i measc flóra Lúsatánacha na hÉireann. Is plandaí iad seo atá dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain, agus atá ag fás freisin ar Mhór-roinn na hEorpa, go háirithe ar Leithinis na Ibéire.
Tá na plandaí uathúla seo teoranta do cheantair ar leith sa tír, go háirithe iarthar Chiarraí, ach faightear cuid acu in iarthar na Gaillimhe agus in iardheisceart Mhaigh Eo freisin. Mar gur tríd an mBreatain a tháinig formhór de fhlóra an oileáin seo nuair a leáigh na hoighearsruthanna deireanacha, cuireann na plandaí Lúsatánacha agus a scaipeadh tíreolaíoch in Éirinn mearbhall ar luibheolaithe ar fud an domhain.
I measc na bplandaí Lúsatánacha eile in Éirinn tá fraoch na haon choise (Daboecia cantabrica), fraoch a fhásann in iarthar na Gaillimhe, cabáiste an mhadra rua (Saxifraga spathularis), planda a fhásann i gcoillte daracha, agus an leith uisce bheag (Pinguicula lusitanica), planda feoilsúiteach a fhásann i bportaigh an iarthair.
An Chaithne sa tSochaí
Tá tagairt sa mbéaloideas faoi thabhairt isteach na caithne go hÉirinn. Chas Oisín agus na Fianna leis na Tuatha Dé Danann in aice le Loch Léin i gCill Airne. I measc na nithe a thugadar leo ón Tír Tairngre (an áit as ar tháinig na Tuatha Dé Danann) bhí “cnó corcra agus ubhla caithne agus caora cumhra”.[7]
Is san aicme is ísle de chrainnte na coille (fodla fedo) a cuireadh an chaithne sa bhFéineachas. I leaganacha éagsúla, fágadh an chaithne amach go hiomlán as an aicme sin agus cuireadh an fhéithleog nó an féithleann (Lonicera periclymenum) isteach ina háit, b’fhéidir mar nach raibh fáil forleathan ar an gcaithne.[10]
Tá adhmad na caithne crua agus dlúthshnáitheach, ach briosc agus éasca le scoilteadh.[9] Níl sé feiliúnach mar adhmad tógála, ach bhaintí úsáid as mar fhioghual, agus d’úsáidtí an choirt i gceird na súdaireachta.
Cé go bhfuil na torthaí searbh, tá siad inite. B’fhéidir gurbh é sin an chúis leis an ainm eolaíoch, unedo, a chiallaíonn “ith ceann amháin”, rud nár stop na bochtáin iad a ithe san iardheisceart.[14] Ní fios cén bunús sanasaíochta atá leis an ainm géiniteach, Arbutus, ach ní cheaptar go mbaineann sé le crainn (arbor sa Laidin).
Déantar biotáille as na torthaí sa Phortaingéil, sa Fhrainc, agus sa Chorsaic, áiteanna ina bhfásann an caithne go flúirseach.[13]
Cuirtear go minic an crann caithne mar chrann ornáide, go háirithe sa mBreatain.[4] Is í an chaithne crann náisiúnta na hIodáile mar go bhfuil dath glas na nduilleog, dath bán na mbláthanna, agus dath dearg na dtorthaí le feiceáil ar bhratach na hIodáile.
Deirtear i bhfoinsí éagsúla go gciallaíonn ‘cuinche’ (atá le feiceáil i logainmneacha amhail Cuinche agus Fíoch Chuinche, Contae an Chláir) caithne, ach is cosúil nach bhfuil aon ghaol sanasaíochta idir an dá fhocal.[10]
Tagairtí
1. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
2. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
3. Caudullo, G., E. Welk, and J. San-Miguel-Ayanz, Chorological maps for the main European woody species. Data in Brief, 2017. 12: p. 662-666.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
6. Mitchell, F.J. Where did Ireland’s trees come from? in Biology and Environment: Proceedings of the Royal Irish Academy. 2006. Royal Irish Academy.
7. Skeffington, M.S. and N. Scott, Is the strawberry tree, Arbutus unedo (Ericaceae), native to Ireland, or was it brought by the first copper miners? British & Irish Botany, 2021. 3(4).
8. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
9. Sealy, J.R. and D.A. Webb, Arbutus Unedo L. Journal of Ecology, 1950. 38(1): p. 223-236.
10. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
11. Sealy, J.R., Arbutus Unedo. Journal of Ecology, 1949. 37(2): p. 365-388.
12. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
13. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
14. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
Tuilleadh Íomhánna




