An Fhearnóg Liath
Alnus incana

Is fearnóg neamhdhúchasach í an fhearnóg liath atá fairsing ar Mhór-roinn na hEorpa. Tá gaol dlúth ag an gcrann seo leis an bhfearnóg dhúchasach. Cé go bhfuil an dá chrann cosúil lena chéile, tá difríochtaí beaga eatarthu. Bíonn duilleoga ubhchruthacha le bior ar bharr na nduilleog ar an bhfearnóg liath, murab ionann agus an fhearnóg dhúchasach, a mbíonn duilleoga piorracha uirthi, le heang ar a mbarr. Cosúil leis na fearnóga go léir, fosaíonn an fhearnóg liath nítrigin (a shúnn an crann ón aer) sa gcréafóg. Saibhríonn sé seo an talamh le himeacht ama.

Béarla: Grey Alder, Speckled Alder
Réamhrá
Tá an fhearnóg neamhdhúchasach seo níos forleithne in Éirinn ná an fhearnóg Iodálach (Alnus cordata). Tá an crann dúchasach ar Mhór-roinn na hEorpa, ag síneadh ón nGearmáin agus ón bhFrainc soir chomh fada le Sléibhte na hÚraile, ó thuaidh chomh fada le tuaisceart Chríoch Lochlainn.[1]
Cé gur tugadh isteach sa mBreatain í in 1780, is in 1922 a taifeadadh an chéad chrann fiáin den chineál seo sa mBreatain.[1] Fásann sí ar thalamh fhliuch, cosúil leis an bhfearnóg choiteann (Alnus glutinosa), agus ar thalamh tirim, cosúil leis an bhfearnóg Iodálach. Síolraíonn sí in Éirinn agus scaipeann sí lena cuid meathán freisin, tréith nach mbíonn ag an dá fhearnóg choitianta eile.
Cur Síos ar an bhFearnóg Liath
Is féidir leis an bhfearnóg liath 25 m nó mar sin ar airde a bhaint amach nuair a bhíonn na coinníollacha feiliúnach di. Bíonn géaga óga an chrainn clúmhach.[2]
Bíonn bachlóga, géaga, torthaí agus caitíní na fearnóige léithe cosúil leis na codanna sin den chrann a bhíonn ar an bhfearnóg choiteann. Dá bhrí sin, bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir an dá speiceas, go háirithe sa ngeimhreadh.
Uaireanta, bíonn difríocht i gcuma na coirte. Is dromchla mín a bhíonn ar choirt liath na fearnóige léithe, fiú ar choirt na gcrann níos sine.[3] Ach is sna duilleoga a fheictear an difríocht is mó idir an dá speiceas fearnóige. Bíonn cruth ubhach ar dhuilleoga na fearnóige léithe (bíonn duilleoga na fearnóige coitinne piorrach nó ciorclach) agus bíonn barr na duilleoige biorrach.[4] Bíonn ribí gruaige dath liath ar thaobh íochtarach na nduilleog, freisin (ciallaíonn incana liath sa Laidin).
Is planda moinéiciach é—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna fada (thart ar 10 cm) agus crochta, ag titim anuas ón ngéag. Dath buí a bhíonn orthu san earrach. Osclaíonn na caitíní níos luaithe ar an bhfearnóg liath ná mar a dhéanann ar an bhfearnóg choiteann.[3]
Pailnítear na bláthanna baineanna sa ngaoth. Forbraíonn an toradh—a bhreathnaíonn cosúil le buaircín—i gcaitheamh an tsamhraidh. Athraíonn na torthaí ó ghlas go donn de réir mar a thriomaíonn siad agus osclaíonn siad timpeall mí Dheireadh Fómhair chun na síolta a scaoileadh amach. Is samáir—síolta beaga sciathánacha—iad síolta na fearnóige. Bíonn siad donn, leacaithe agus chomh héadrom sin go scaiptear sa ngaoth iad.
Úsáid na Fearnóige Léithe
Ní adhmad luachmhar atá ag an bhfearnóg liath, agus is mar bhreosla tine is mó a úsáidtear é. D’fhéadfaí go mbainfear níos mó leasa as an gcrann amach anseo mar bhithmais, toisc go bhfásann sé chomh tapa.[5]
Tá an fhearnóg liath agus an fhearnóg choiteann in ann fás i gcréafóg atá truaillithe ag miotail éagsúla.[6] Tógann an crann na truailleáin isteach sna rútaí, agus ar an gcaoi seo ní éalaíonn siad isteach sa maoschlár. Is ar an gcaoi seo a bhaintear leas as an gcrann seo, in éineacht leis an bhfearnóg choiteann, chun talamh a bhí curtha ó mhaith ar chúiseanna éagsúla a mhíntíriú. Mar shampla, cuirtear fearnóga ar thalamh a bhí in úsáid mar láithreán dramhaíola dó guail,[7] nó ar thalamh a bhí loiscthe ag tinte foraoise.[8]
Fosú Nítrigine
Tá fearnóga tairbheach don talamh i mbealaí eile freisin. Saibhríonn siad an ithir ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéar Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige.[9] Súnn an baictéar seo nítrigin ón aer agus stóráiltear sna nóidíní é—acmhainn thábhachtach ar féidir leis an gcrann leas a bhaint aisti agus é ag fás.
Is mar gheall ar an tréith seo gur crainn téisclime iad na fearnóga—tá siad in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaitheach. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéar mar chúiteamh ar an obair seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidreamh siombóiseach seo idir an dá orgánach.
1. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
2. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
3. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
4. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
5. Aosaar, J., M. Varik, and V. Uri, Biomass production potential of grey alder (Alnus incana (L.) Moench.) in Scandinavia and Eastern Europe: A review. Biomass and Bioenergy, 2012. 45: p. 11-26.
6. Lorenc-Plucińska, G., M. Walentynowicz, and A. Niewiadomska, Capabilities of alders (Alnus incana and A. glutinosa) to grow in metal-contaminated soil. Ecological Engineering, 2013. 58: p. 214-227.
7. Pietrzykowski, M., et al., Reclamation of a lignite combustion waste disposal site with alders (Alnus sp.): assessment of tree growth and nutrient status within 10 years of the experiment. Environmental Science and Pollution Research, 2018. 25: p. 17091-17099.
8. Bielińska, E.J. and A. Mocek-Płóciniak, The influence of the method of reclamation and selection of tree species for afforestation on changes in landscape degraded by fire. Archives of Environmental Protection, 2009: p. 105-113-105-113.
9. Bond, G., Evidence for fixation of nitrogen by root nodules of alder (Alnus) under field conditions. The New Phytologist, 1956. 55(2): p. 147-153.
Tuilleadh Íomhánna



