An Mhailp Lochlannach
Acer platanoides

Duilleog: Bosach
Airde: 30m
Dath an Bhlátha: Buíghlas, Glas
Tréimhse faoi Bhláth: Márta, Aibreán
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Meitheamh, Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair
Géineas: Acer

Is crann mór, duillsilteach, í an mhailp Lochlannach nach bhfuil dúchasach in Éirinn. Fásann sí go nádúrtha ar Mhór-roinn na hEorpa, ach in Éirinn, cuirtear mar chrann ornáideach í. Tá sí, in éineacht leis an seiceamóir (Acer pseudoplatanus) agus an mhailp (Acer campestre) ar cheann de na mailpeanna is coitianta ar an oileán. Is cosúil le duilleoga an tseiceamóra iad duilleoga bosacha na mailpe seo, cé go mbíonn cuma níos bioraí orthu. Cosúil leis an seiceamóir, is síolta beaga sciathánacha iad na torthaí freisin. Soláthraíonn an crann seo adhmad ar ardchaighdeán a úsáidtear chun troscáin agus uirlisí ceoil (veidhlíní ach go háirithe) a dhéanamh.

An mhailp Lochlannach i Meán Fómhair.

Ainm Béarla: Norway Maple

Dáileadh an Chrainn
Cuma na Mailpe Lochlannaí
Duilleoga, Bláthanna agus Síolta
Úsáid na Mailpe Lochlannaí
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna