An Sprús Lochlannach
Picea abies

Tá an sprús Lochlannach ar cheann de na sprúis is coitianta in Éirinn. Is buaircíneach síorghlas, ard é a bhfuil tuaisceart Mhór-roinn na hEorpa mar cheantar dúchais aige. Cuirtear mar chrann foraoise é in Éirinn, cé go bhfuil an sprús Sitceach (Picea sitchensis) níos forleithne anois mar go bhfásann sé níos fearr ar thalamh portaigh agus go nglacann sé níos fearr le haeráid fhliuch an iarthair. Tá an sprús Lochlannach ar cheann de na crainn is tábhachtaí, ó thaobh an gheilleagair de, ar Mhór-roinn na hEorpa. D’úsáidtí mar chrann Nollag é ar fud na hEorpa, cé go bhfuil giúis Nordmann (Abies nordmanniana), a choinníonn a dhuilleoga ar feadh tréimhse níos faide istigh sa teach, níos coitianta mar chrann Nollag anois.

Béarla: Norway Spuce
Réamhrá
Is buaircíneach síorghlas ard, fadmharthanach é an sprús Lochlannach. Tá an crann seo á saothrú le fada ar Mhór-Roinn na hEorpa agus tá sé ar cheann de na buaircíneacha is tábhachtaí, ó thaobh cúrsaí éiceolaíochta agus eacnamaíochta de, san Eoraip.[1]
Cé gur crann neamhdhúchasach é, tá an sprús Lochlannach ag fás sa mBreatain agus in Éirinn ón 16ú haois. Tá sé tábhachtach in Éirinn. Is é an sprús Lochlannach an tríú buaircíneach is fairsinge in Éirinn—níl níos coitianta ná é ach an sprús Sitceach (Picea sitchensis) agus an péine contórtach (Pinus contorta). Cuimsíonn sé beagnach 4% d’achar foraoise na tíre.
Réimse Fáis an Sprúis
Tá dhá phríomhchineál sprús Lochlannach ann: an sprús Eorpach (Picea abies fosp. abies) agus an sprús Sibéarach (Picea abies fosp. obovate).[2] Cé go nglactar leis go mbaineann siad leis an speiceas céanna, tá riachtanais aeráide ar leith ag an dá chineál.[3]
Fásann an sprús Sibéarach ó oirthear na hEorpa go oirthear na Rúise (153°E) agus ó theorainn theas na Rúise go tuaisceart na Críche Lochlann. Tá an sprús Eorpach le feiceáil ó thuaisceart na Críche Lochlann ó dheas chomh fada leis na Balcáin, agus siar go oirthear na Spáinne.[3] Ní gá go mbeadh an teorainn idir an dá chineál soiléir, mar go hibridíonn siad lena chéile.
Mar gur crann é an sprús Lochlannach atá compordach i gcineálacha difriúla créafóige agus aeráide, faightear ag fás go forleathan é taobh amuigh dá réimse dúchais. Mar gheall, freisin, gur saothraíodh é leis na céadta bliain, tá sé nádúraithe anois lasmuigh dá réimse dúchais, an Bhreatain, an Afraic Theas agus an Nua-Shéalainn ina measc.[1]
Tá an sprús Lochlannach ag fás ar fud na hÉireann, ach is coitianta atá sé in oirthear na tíre. Tá an sprús Sitceach (Picea sitchensis) níos fairsinge san iarthar.[4] Tá an sprús Lochlannach forleathan i lár na tíre mar nach bhfuil sé chomh leochaileach do shioc chrua agus atá an sprús Sitceach, agus mar go bhfuil sé in ann ag raon pH níos leithne.
Níl an sprús Lochlannach in ann ag sáile sa ngaoth, agus ní fhásann sé in aice leis an gcósta ina cheantar dúchais.[5] Tá sé scáthfhulangach agus is féidir leis maireachtáil faoi cheannbhrat na coille.
Teastaíonn dóthain báistí—timpeall 900 mm in aghaidh na bliana—ón gcrann le go bhfásfaidh sé go maith (cuir i gcomparáid an sprús Sitceach, a dteastaíonn os cionn 1000 mm in aghaidh na bliana uaidh). Fásfaidh sé ar thalamh maith agus ar thalamh imeallach, ach ní éiríonn go maith leis ar thalamh bocht portaigh.
Fásann an sprús Lochlannach in éineacht leis an mbeith (Betula spp.), an crann creathach (Populus tremula) agus saileacha éagsúla (Salix spp.) sna foraoisí Boreal. Sna sléibhte i lár na hEorpa, is in éineacht leis an learóg (Larix decidua), an fheá (Fagus sylvatica), an péine Albanach (Pinus sylvestris) agus an ghiúis gheal (Abies alba) a fhásann an sprús Lochlannach, ag brath ar choinníollacha.[1]
Cuma, Airde, agus Aois an Sprúis

Is iomaí cineál crann a dhéanann an sprús Lochlannach mar gheall go bhfuil a réimse dúchais chomh fairsing agus mar go bhfásann sé ó leibhéal na farraige, i dTuaisceart na hEorpa, go os cionn 2,400 m sna hAlpa, áit a dhéanann sé crann beag, feoite.[1]
Is crann ard síorghlas díreach é, le cruth cónach nó colúnach.[1] Cé go bhfásann sé go mall don chéad cúig bhliain dá shaolré, tagann luas an-tapa faoin bhfás ina dhiaidh sin.[5] Ní fhásann an sprús Lochlannach chomh hard leis an sprús Sitceach, ach tá sé fós in ann 50-60 m in airde a bhaint amach ina cheantar dúchais. Is 42 m ard (agus 281 cm timpeall an stoic) atá an sprús Lochlannach is airde in Éirinn.[6]
Maireann crainn aonair ar feadh beagnach 250 bliain,[7] ach tá fianaise ann go bhfuil clampaí clónacha ag fás le beagnach 10,000 bliain. Fásann clóin—crann nua, ach leis an gcomhdhéanamh géiniteach céanna leis an gcrann as ar fhás sé—nuair a chuireann craobhacha an chrainn fréamhacha síos sa gcréafóg nuair a bhuaileann siad an talamh.[8] Ceaptar go bhfuil crann amháin sa tSualainn (Old Tjikko sa tSualainnis) ag fás agus an athfhás le timpeall 9,500 bliain.
Stoc, Coirt, agus Craobhacha
Bíonn cuma mhín ar choirt liathdhonn na gcrainn óga, cé go mbíonn an dromchla garbh agus gainneach de réir mar a éiríonn siad níos sine. Athraíonn dath na coirte go deargdhonn (bíonn coirt an sprúis Shitcigh corcairdhonn) le haois agus tagann scoilteacha air.[9]
Fásann na craobhacha amach ón stoc go rothógach. Bíonn na craobhacha in uachtar ag dul in airde agus bíonn na craobhacha in íochtar ag sleabhcadh.[1] Tá an sprús seo leochaileach do ghaothstoiteadh mar gheall nach mbíonn fréamhacha domhain aige.[5]
Duilleoga an Sprúis

Is dath deargdhonn a bhíonn ar bachlóga géara na nduilleog. Is spíonlacha géara, righin iad na duilleoga (go 2.5 cm ar fhad), ach ní bhíonn an bior chomh géar agus a bhíonn spíonlacha deilgneacha an sprúis Shitcigh. Bíonn ceithre thaobh ar na spíonlacha agus is cruth cearnógach a bhíonn trasghearradh na duilleoige. Mar gheall ar seo, is féidir iad a rollú idir na méaracha (ní féidir a leithéid a dhéanamh le spíonlacha leacaithe an sprúis Shitcigh).

Bíonn dath glas ar na spíonlacha (glas dorcha go hiondúil, ach d’fhéadfaí gur dath gealghlas a bheadh orthu). Bíonn línte de spotaí bána ar na spíonlacha, ach bíonn sé níos deacra iad a fheiceáil ar an sprús Lochlannach (bíonn an dath bán seo cuid mhaith níos suntasaí ar an sprús Sitceach). [1] Bíonn boladh láidir péine uathu nuair a bhristear iad.
Cóin agus Buaircíní
Is crann moinéiciach é an sprús Lochlannach. Is iondúil go dtagann cóin ar chrainn a bhíonn 20-30 bliain d’aois, ach d’fhéadfadh go mbeadh crainn i gclampaí dlútha 40 bliain d’aois sula dtagann na chéad chóin orthu.
Bíonn dath dearg ar na cóin fhireanna (1-2.5 cm ar fhad) ar dtús, sula n-athraíonn siad buí le pailin. Fásann siad ag bun na ngéag óga a d’fhás an bhliain roimhe sin. Is dath dearg a bíonn na cóin bhaineanna ubhacha (5 cm ar fhad) sula bpailnítear iad. Fásann siad ag deireadh na géige in uachtar an chrainn, go ceartingearach ar dtús, sula crochann siad anuas ón ngéag tar éis dóibh pailniú.[1]
Is buaircíní fada (12-15 cm) sorcóireacha a bhíonn ag an sprús Lochlannach. Bíonn buaircíní an sprúis Lochlannaigh cuid mhaith níos faide ná buaircíní an sprúis Shitcigh (a bhíonn 5-10 cm ar fhad). Bíonn gainní diamaint-chruthacha ar an mbuaircín. Iompaíonn an dath ó ghlas go deargdhonn de réir mar a aibíonn siad. Osclaíonn na buaircíní chun na síolta beaga sciathánacha a scaoileadh.
Úsáid an Sprúis Lochlannaigh
Crann Nollag
Fástar an sprús Lochlannach mar chrann Nollaig ar fud an domhain. Is é Prionsa Albert, fear Victoria, banríon Shasana, a chinntigh gur scaip an traidisiún go mbeadh crann maisithe curtha sa seomra teaghlaigh le linn féasta na Nollag. Thug seisean an cleachtas leis ón nGearmáin, áit a mbíodh sprús Lochlannach in úsáid mar chrann Nollag.
Ní mhaireann na spíonlacha i bhfad ar an sprús Lochlannach i dtithe téite nua-aimseartha, agus is minicí a úsáidtear giúis Nordmann (Abies nordmanniana), a choinníonn a chuid duilleog ar feadh tréimhse níos faide, mar chrann Nollag anois.
Adhmad an Sprúis

Tá an sprús Lochlannach ar cheann de na crainn is tábhachtaí, ó thaobh an gheilleagair de, ar Mhór-roinn na hEorpa. Cuireadh an sprús Lochlannach go forleathan i bhfáschoillte chun adhmad a sholáthar, go háirithe níos luaithe sa 20ú haois, sular tháinig éileamh mór ar an sprús Sitceach. Cuirtear an crann i bhfáschoill, cé go bhfásann sé níos moille ná an sprús Sitceach. Is 40 bliain é timthriall fáschoill an sprúis Lochlannaigh.
Tugtar déile bhán ar adhmad an sprúis Lochlannaigh, an téarma céanna atá ar adhmad an sprúis Shitcigh, cé go ndeirtear go bhfuil caighdeán níos fearr ag an sprús Lochlannach. Tá adhmad an sprúis Lochlannaigh éadrom ach láidir, le snáithe díreach, agus le huigeacht mhín. Tá an t-adhmad go maith in ann ag athruithe i dtaiseacht an aeir, freisin. Is dath an uachtair atá air.[1] Déantar giarsaí, rataí agus urláir as do thionscadal na tógála, chomh maith le páipéar, agus troscán agus boscaí. [5]
Tá adhmad ón sprús Lochlannach a fhásann go mall athshondach, tréith atá an-tábhachtach chun uirlisí ceoil—veidhlíní, pianónna, giotáir—den scoth a dhéanamh.[10] Chuige sin, tugtar violin wood ar an gcrann freisin (tá sé amhlaidh leis an sprús Sitceach). Is as adhmad an chrainn seo a dhéanadh Antonio Stradivari fuaimchláir a chuid veidhlín sa 17ú agus 18ú haois, agus tá cáil ar na sprúis a fhásann i ‘gcoill na veidhlíní’ i Trentino na hIodáile, as a bhfuair Stradivari a chuid adhmad.[1]
Úsáidí Eile
Dhéantaí leigheasanna as coda éagsúla den sprús Lochlannach. D’úsáidtí roisín an chrainn le ungtha éagsúla a dhéanamh don chraiceann. Dhéantaí athbhríoch, le scorbha a sheachaint, as buaircíní an sprúis. San am atá caite, bhaintí úsáid as roisín an chrainn chun tuirpintín agus pic a dhéanamh.
Ainm an Chrainn
Tagann an t-ainm géiniteach Picea ón bhfocal Laidine pix, tagairt don roisín a thagann ó chrainn sprúis (agus buaircíneacha eile).
Thugtaí giúis (fir) ar an gcrann, tráth. Is crainn iad na giúiseanna atá sa ngéineas Abies, agus is mar gheall go dtugtaí giúis ar an sprús Lochlannach san am atá caite a bhfuil an t-ainm abies sa san ainm eolaíoch.
Bagairtí
Ceaptar go mbeidh an sprús Lochlannach go mór faoi bhrú ag an athrú aeráide. Beidh crainn atá ar theorainneacha theas réimse fáis an sprúis an-leochaileach don ardú teasa. Beidh siad níos goilliúnaí do thriomach freisin, mar gheall go bhfuil fréamhacha éadomhain ag an gcrann.[1]
Tá sé leochaileach do ghaoth láidir freisin, go háirithe gaoth na farraige. Tá gaoth tréan in ann iad a leagan mar gheall ar fhréamhacha éadomhain an chrainn. Tá aimsir mar seo tuartha in Éirinn mar gheall ar an athrú aeráide.
Thosaigh duilliúr sprúis Lochlannaigh i bhforaoisí ag iompú buí agus ag cailleadh spíonlacha ó na 1980idí ar aghaidh. Ceaptar go bhfuil baint ag truailliú aeir leis seo.[1]
Tagairtí
1. Caudullo, G., W. Tinner, and D. De Rigo, Picea abies in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
2. Krutovskii, K.V. and F. Bergmann, Introgressive hybridization and phylogenetic relationships between Norway, Picea abies (L.) Karst., and Siberian, P. obovata Ledeb., spruce species studied by isozyme loci. Heredity, 1995. 74(5): p. 464-480.
3. Latałowa, M. and W.O. van der Knaap, Late Quaternary expansion of Norway spruce Picea abies (L.) Karst. in Europe according to pollen data. Quaternary Science Reviews, 2006. 25(21): p. 2780-2805.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Horgan, T., et al., A guide to forest tree species selection and silviculture in Ireland. 2003.
6. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
7. Paluch, J. and R. Jastrzębski, Life histories of Abies alba and Picea abies growing in old-growth forests driven by natural gap-phase dynamics. European Journal of Forest Research, 2023. 142(2): p. 331-352.
8. Öberg, L. and L. Kullman, Ancient subalpine clonal spruces (Picea abies): sources of postglacial vegetation history in the Swedish Scandes. Arctic, 2011: p. 183-196.
9. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
10. Savill, P., The silviculture of trees used in British forestry. 2013.
Tuilleadh Íomhánna






