Cufróg Monterey
Hesperocyparis macrocarpa

Tá cufróg Monterey ar cheann de na cufróga is fairsinge in iarthar na hÉireann. Tá na coinníollacha ansin an-chosúil leis na coinníollacha atá ag cufróg Monterey ina cheantar dúchais, achar beag talún ar leithinis Monterey i gCalifornia. Is minic í a bheith ar an gcrann is airde sa gceantar in iarthar na tíre. Leathann na craobhacha amach in uachtar agus is minic dóibh a bheith níos leithne ná ard. Bíonn boladh láidir citris uathu nuair a bhrúitear iad. Is í cufróg Monterey ceann de thuismitheoirí chufróg Leyland, nó an leylandii, mar is fearr aithne uirthi.

Ainmneacha Eolaíocha Eile: Callitropsis macrocarpa, Cupressus macrocarpa
Béarla: Monterey Cypress
Leithinis Monterey
Is buaircíneach síorghlas atá sa gcufróg seo a thagann ó Leithinis Monterey, ar chósta California. Níl fágtha ach dhá ghrúpa fiáin de na cufróga seo ina ceantar dúchais[1]—níl aon bhuaircíneach sa domhan atá coibhrithe in achar chomh beag[2]—agus tá an crann beagnach díothaithe sa bhfiántas.
Níl ann ach an póca beag seo mar gheall ar na hoighearshruthanna a chlúdaigh an chuid sin de Mheiriceá Thuaidh san oighearaois dheiridh. Mhair na cufróga sa bpíosa beag talún mar go raibh siad coinnithe sách te ag teocht na bhfarraige lena dtaobh.
Tá ceantar dúchais na cufróige seo ceomhar agus feannta, agus is ar clocha cósta scoilte, fánaí géara, agus cinn tíre ailleacha a fhásann sí. Is crann é a bhíonn múnlaithe, casta, agus lúbtha ag gaoth agus sáile na farraige.
Chuige sin, is buaircíneach é atá in oiriúint do chósta iarthar na hÉireann, áit a bhfásann sé go tréan.
Cuma na Cufróige
Tá cufróg Monterey ar an bhfíorchufróg is airde agus is coitianta in Éirinn.[3] Is furasta crainn lánfhásta den speiceas seo a aithint. Cé go mbíonn cruth caolchónach nó leathanchónach ar chrainn óga, leathnaíonn na craobhacha fada amach le haois agus éiríonn barr an chrainn leacaithe. Mar nach mbíonn an duilliúr chomh dlúth ar an mbarr, bíonn na craobhacha in uachtar níos feiceálaí.
Ní ionann cruth na gcufróga a fhásann in Éirinn agus iad siúd atá sa mBreatain. Cónach nó colúnach a bhíonn siad sa mBreatain, ach in oirthear na hÉireann leathann siad amach go drámatúil, agus in iarthar na tíre bíonn siad níos leithne fós.[4]
Ina gceantar dúchais, fásann cufróga Monterey i gclampaí leo féin, nó in éineacht leis an bpéine Monterey (Pinus radiata), crann eile a fhásann go maith ar chósta fiáin iarthar na hÉireann.
Is crann é a fhásann go tapa ar an gcósta agus cé nach ndéanann sé crann ard ina cheantar dúchais (25 m nó mar sin), tá crainn a bhíonn curtha in Éirinn in ann airde suntasach a bhaint amach i gcoinníollacha fabhracha. Tá crann i gCúirt an Phaoraigh, Co. Chill Mhantáin, atá 41 m in airde agus 6 m timpeall an stoic.
In ainneoin stoc an chrainn seo a bheith san an-mhéid, ceaptar nach maireann cufróga Monterey mórán níos sine ná 300 bliain nó mar sin.[2]
Coirt agus Duilleoga an Chrainn
Is í coirt an chrainn ceann de na codanna is suntasaí den chufróg. Is dath deargdhonn a bhíonn ar an gcoirt ar dtús, nó go n-athraíonn sí liath le haois. Bíonn an stoc i gcrainn mhóra cuislithe, casta, agus snáithíneach, agus bíonn tacaí in íochtar an chrainn. Cé go mbíonn an choirt garbh, ní bhíonn sí chomh scoilteach le crainn amhail an péine Albanach (Pinus sylvestris). Is minic go mbíonn cufróga Monterey in Éirinn ilstocach.

Bíonn na duilleoga beaga gainneacha (2 mm-10 mm ar fhad) i gceithre ró ar an ngéag, ina luí thar a chéile, agus iad brúite isteach in aghaidh na géige. Ní leacaithe ar phlána amháin a bhíonn géaga óga an duilliúir, ach fásann siad ón ngéag ag uillinneacha difriúla.
Is í cuma seo na nduilleog ceann de na cúiseanna go mbreathnaítear ar chufróg Monterey mar fhíor-chufróg. Bíonn duilliúr na gcufróga bréagacha, cosúil le cufróg Lawson (Chamaecyparis lawsoniana), leacaithe.[5] Is dath glas a bhíonn ar na duilleoga agus bíonn boladh láidir citris uathu nuair a bhrúitear iad.

Buaircíní na Cufróige
Is dath buíghlas a bhíonn na buaircíní pailine (fireanna), a bhíonn suite ag deireadh na ngéag. Bíonn dath glas geal ar na buaircíní beaga baineanna. Bíonn na buaircíní sféaracha adhmadacha 2.5-3.5cm trasna. Bíonn idir 8-12 scála orthu agus síneann spíce nó bior beag amach ó lár gach scála.
Bíonn dath glas ar bhuaircíní óga, agus tagann dath donn orthu de réir mar a thagann siad chun aibíochta (tréimhse a thógann dhá bhliain). Tairgeann gach buaircín timpeall 150 síol.[2]
Osclaíonn na buaircíní nuair a shroicheann siad teocht ar leith—tarlaíonn sé sin in aimsir the, nó nuair a théann tine orthu.[6] Is minic go bhfanann na buaircíní ar na crainn ar feadh roinnt blianta.
Stádas Chufróg Monterey
Cabhraíonn tinte le cufróg Monterey ina ceantar dúchais. Nochtann tine an chréafóg mhianrach atá ag teastáil le go bpéacfaidh na síolta. Glanann tine an suíomh fáis le níos mó solais a scaoileadh anuas freisin, agus osclaíonn teas na tine na buaircíní leis na síolta a scaoileadh.
Ach má bhíonn tinte ann go rómhinic déantar damáiste do na crainn óga. Tá líon na gcrann seasmhach in Monterey faoi láthair ach níl siad ach ag fás in achar an-bheag. Mar gheall ar an mbagairt ó thinte, agus mar go n-ardóidh an bhagairt seo le hathrú aeráide, tá stádas “Leochaileach” ag cufróg Monterey ar liosta dearg atá ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN).
An Chufróg agus an tSochaí

Is iomaí úsáid atá á baint as cufróg Monterey. Mar go bhfuil adhmad na cufróige láidir agus marthanach, baintear úsáid as i dtionscal na tógála.[5] Déantar cuaillí sconsaí agus troscán as an adhmad freisin. Cosúil le roinnt cufróga eile, tá tréithe cógaisíochta, amhail frith-athlastach, frith-víreas, agus feithidicídeach, ag an bplanda seo.[7, 8]
Is mar chrann ornáideach is mó a úsáidtear in Éirinn é. Tosaíodh á chur go forleathan in 1850.[4] Chuirtí in Éirinn í mar sceacha fál sular tháinig éileamh mór ar chufróg Leyland sna 70idí. Tá iarsmaí den chleachtas seo le feiceáil timpeall na tíre—crainn chufróga arda Monterey ag fás timpeall ar shean-tithe agus fothracha. Tá an chufróg fós curtha mar chrann ornáideach agus mar fhál fhothana.
Saothróga Chufróg Monterey
Is furasta cufróg Monterey a shíolrú lena cuid síolta—péacann siad tar éis coicíse nó trí seachtaine.[2] Mar gheall ar sin, níor thóg sé i bhfad ar dhaoine an crann a scaipeadh amach óna cheantar dúchais. Tugadh isteach sa Bhreatain é in 1838[9] agus tá roinnt saothróg de chufróg Monterey saothraithe ó shin.
Is ó 1892 a thagann ‘Lutea’, le dath líoma-ghlas ar an duilliúr. Is dath buí atá ar dhuilleoga ‘Goldcrest’, ó 1946, agus bíonn na crainn óga ard agus caol. Tá duilliúr órga freisin ar an saothróg ‘Donard Gold’, planda a saothraíodh i bplandlann in aice le Sliabh Dónairt, Co. an Dúin, in 1935. Tá na saothróga seo ar fad, agus cuid eile nach iad, ag fás i ngairdíní agus i bpáirceanna ar fud na hÉireann agus na Breataine.
Cufróg Monterey agus Cufróg Leyland

Tá cufróg Monterey ar cheann de thuismitheoirí chufróg Leyland (Cupressus x leylandii)—cufróg mhór-éilimh mar sceach fáil in Éirinn agus thar lear. Is í cufróg Nootka (Callitropsis nootkatensis) an tuismitheoir eile.
Mar gur ar chósta California a fhásann cufróg Monterey, agus gur ó British Columbia suas go Alasca, ar chósta iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh, a fhásann cufróg Nootka, ní thagann an dá chrann sách gar dá chéile le go bpailníonn siad a chéile.
Ach cuireadh an dá chrann in aice lena chéile ar eastáit Leighton, sa Bhreatain Bheag. Nuair a thóg CJ Leyland roinnt síolta ón gcufróg Nootka sin in 1888, ba léir, nuair a thosaigh siad ag fás, go raibh plandaí saothraithe nár bhreathnaigh cosúil le ceachtar tuismitheoir. Ba chufróga Leyland iad.
Tagairtí
1. Kafton, D.L., ISOZYME VARIABILITY AND REPRODUCTIVE PHENOLOGY OF MONTEREY CYPRESS. 1977: University of California, Berkeley.
2. Jepson, W.L., The silva of California. Vol. 2. 1910: The University Press.
3. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
4. Mitchell, A., Some Monterey trees in Ireland. Irish Forestry, 1968.
5. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
6. van Mantgem, C.F., 3D imaging as a method of measuring serotiny. Fire Ecology, 2024. 20(1): p. 60.
7. Al-Sayed, E., et al., Cytotoxic and anti-inflammatory effects of lignans and diterpenes from Cupressus macrocarpa. Bioorganic & Medicinal Chemistry Letters, 2020. 30(10): p. 127127.
8. Elmongy, E.I., et al., Antidiarrheal and Antibacterial Activities of Monterey Cypress Phytochemicals: In Vivo and In Vitro Approach. Molecules, 2022. 27(2).
9. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
Tuilleadh Íomhánna





