An Feoras
Euonymus europaeus

Is ar aon dul le go leor sceacha eile a bhíonn an feoras nuair nach mbíonn ach na duilleoga air, agus ní gá go dtabharfá mórán suntais do bhláthanna beaga glasa an chrainn ach an oiread. Ach is mar gheall ar thorthaí an chrainn a bhfuil cáil ar an bplanda seo. Tagann scáil de mhaigeanta agus bándearg, dathanna nach bhfuil le feiceáil ar aon phlanda dúchasach eile, ar na torthaí, sula n-osclaíonn siad chun na síolta oráiste a nochtadh. D’úsáidtí adhmad crua an fheorais chun uirlisí cosúil le bioráin cniotála agus bioranna fiacla a dhéanamh, chomh maith le fearsaidí, le holann a chasadh.

Ainmneacha Eile: Oir-e[1]
Béarla: European Spindle, Common Spinde Spindle Tree, Pegwood
Réamhrá
Is crann nó sceach dhuillsilteach, dhúchasach é an feoras. Mar gur i gcréafóg alcaileach os cionn aolchloiche is mó a fhásann an feoras, tá sé fairsing in Éirinn, cé is moite de chósta an iarthair, tuaisceart na tíre, agus sna clocha eibhir ar shléibhte Chill Mhantáin.
Fásann an feoras ar fud Mhór-roinn na hEorpa, ó thuaisceart na Spáinne soir chomh fada leis an Rúis, ach ní fhásann sé mórán níos faide ó thuaidh ná tuaisceart na hÉireann, deisceart na hAlban, agus an Danmhairg.[2, 3]
Is i scrobarnach, i bhfálta sceacha, ar imill choillte, nó istigh i gcoillearnach duillsilteach oscailte, a fhaightear an feoras.[4] Tá sé scáthfhulangach agus in ann triomach a sheasamh.[5]
An Feoras in Éirinn agus sa mBreatain
Níl mórán eolais againn faoi stair an fheorais in Éirinn mar nach bhfásann an crann in ithir aigéadach, agus mar sin níl taifead pailine de sna portaigh.[6] Ach, aimsíodh taifid den chrann i sil-leagan atá idir 9,200 go 7,000 bliain d’aois, a thugann le fios go raibh an planda in Éirinn le fada an lá.[7] Níl aon taifead den chrann sa mBreatain níos luaithe ná 5,500 bliain ó shin.[5]
Is ón 10ú haois a thagann na taifid scríofa is sine den chrann, agus is in 1548 AD a rinne William Turner an chéad cur síos luibheolaíochta ar an bplanda.[3] Mar nach raibh aon ainm Béarla ag an gcrann ag an am (go bhfios dó), is é Turner a chum an t-ainm ‘spindle’. Is ón ainm Ollainnis don chrann, ‘spilboome’, a fuair sé inspioráid (d’úsáidtí an t-adhmad chun fearsaidí a dhéanamh san Ísiltír).[8]
Cur Síos ar an bhFeoras

Cuma na Sceiche
Is iondúil go mbíonn feoras lánfhásta 3 m ar airde, agus ní minic dó níos mó ná 9 m a bhaint amach.[9] Maireann siad ar feadh 100 bliain nó mar sin. Is furasta an feoras a aithint ón gcoirt ghlas a bhíonn ar ghéaga óga an chrainn. Tagann dath donn agus stríocaí ingearacha ar an gcoirt de réir mar a thagann aois ar an gcrann. Tugann na géaga díreacha, tanaí, uilleacha (cearnógacha) cuma sceiche don phlanda.[10]
Duilleoga
Fásann na duilleoga lansacha, ubhchruthacha nó éilipseacha ar aghaidh a chéile ar an ngéag.[11] Bíonn imeall na duilleoige fiaclach, cé go mbíonn na fiacla an-bheag. Is dath glas dorcha, lonrach a bhíonn siad, agus athraíonn siad go dath buí agus dearg sula dtiteann siad sa bhfómhar. Tá an feoras ar cheann de na crainn is áille in Éirinn ó thaobh dathanna an fhómhair de.
Bláthanna agus Torthaí
Is bláthanna heirmeafraidíteacha a bhíonn ar an bhfeoras (bíonn codanna baineanna agus fireanna sa mbláth céanna).[6] Bíonn dath glas agus buíghlas orthu, le ceithre pheiteal an ceann orthu, agus tagann siad ar an bplanda ag an am céanna leis na duilleoga.

Is feithidí beaga, go háirithe cuil Mharcais (Bibio marci), a dhéanann na bláthanna a phailniú nuair a thagann siad amach i mBealtaine agus Meitheamh.[6] Is míoltóg bheag í cuil Mharcais a thagann amach ag deireadh mhí Aibreáin, timpeall Lá Fhéile Mharcais (25 Aibreán). Bíonn an neachtar a mheallann na feithidí le fáil sa soitheach glas atá faoi na peitil.
Is ar aon dul le go leor sceacha eile a bhíonn an feoras nuair a bhíonn na duilleoga air, agus ní gá go dtabharfá mórán suntais do bhláthanna an chrainn ach an oiread. Ach is mar gheall ar thorthaí an chrainn a bhfuil cáil ar an bplanda seo. Is mar chapsúl glas le ceithre lóba a thosaíonn siad ag fás, sula dtagann scáil de mhaigeanta agus bándearg, dathanna nach bhfuil le feiceáil ar aon phlanda eile, ar na torthaí. Osclaíonn an capsúl seo idir Meán Fómhair agus Mí na Samhna chun arail oráiste na síolta a nochtadh.[5]
Itheann lonta dubha agus spideoga na torthaí. Bíonn dúil acu i bhfeoil an arail agus scaiptear an síol dá bharr. Ach ní itheann glasáin iad, mar gur síolta a bhíonn uathusan agus aithníonn siad go bhfuil síolta an fheorais nimhneach.[5] Tá na torthaí marfach do chaoirigh freisin, agus ní itheann ainmhithe (seachas gabhair) na duilleoga ach an oiread.[5] Itheann lucha an t-aral, ach fágann siad an síol ina ndiaidh.[3]
Úsáid an Fheorais
In ainneoin go bhfuil an feoras nimhneach,[3, 12] bhaintí úsáid as na torthaí mar phurgóid, urlacach, agus spreagthach don ae.[1] Bhaintí úsáid as torthaí an chrainn[5] (bácáilte agus púdar déanta astu) agus coirt an chrainn[1] chun míolta gruaige ar chloigne gasúr a mharú in Éirinn.[8] Scaipfeadh daoine na duilleoga púdaraithe i dtithe i Somerset, Shasana, mar fheithidicíd nádúrtha.[8]
Is adhmad bán, an-chrua agus dlúth atá ag an bhfeoras[6] agus is féidir bior an-ghéar a chur air. Bhaintí leas as na tréithe seo chun uirlisí a dhéanamh, amhail bioráin cniotála, bioranna fiacla agus fearsaidí le olann a chasadh i dtionscal na sníomhadóireachta.[6]
Cé gur ó dhéantúsaíocht na bhfearsaidí a fuair sé an t-ainm Béarla, spindle, dhéantaí fearsaidí (chun snáth a shníomh as olann) as crainnte eile freisin, an t-iúr (Taxus baccata), an fhuinseog (Fraxinus excelsior), agus an coll (Corylus avellana) ina measc.[6]
Tugtar pegwood ar adhmad an fheorais freisin mar gur as a dhéantaí pionnaí don ghréasaíocht.[6] Ceaptar go raibh roschoillte d’fheorais bunscoite in Éirinn tráth den tsaol chun freastal ar an éileamh a bhí ann don adhmad.[13]
Dhéantaí briogúin/sáite as an adhmad freisin, agus bhíodh an-tóir ag búistéirí ar na briogúin seo mar nach gcuireann an t-adhmad blas ar bith ar an bhfeoil[5]—thugtaí ‘skewerwood’ ar an bhfeoras sa mBreatain.[14]
Dhéantaí naigíní as an bhfeoras i gContae Luimnigh. Is soithí ar nós bairillí beaga iad seo, na cláir adhmaid coinnithe le chéile le bandaí iarainn, le clár amháin fágtha níos faide le húsáid mar láimh. D’úsáidtí iad le bláthach nó le bainne a ól.
Déantar fioghual ar ardchaighdeán—le húsáid ag ealaíontóirí —as adhmad an fheorais. Is ionann an t-ainm Fraincise don fheoras—‘fusain’—agus an t-ainm Fraincise d’fhiogual. Dar leis an luibheolaí aitheanta, Carl Linnaeus, is as adhmad an fheorais a dhéantar an fioghual d’ealaíontóirí is fearr.[6] Dhéantaí púdar gunna as an bhfioghual freisin.[5]
Dhéantaí cois don phíopa tabac as an bhfeoras,[11] agus tá léaráid de phíopa feorais i dtaifead ón nGráinseach i Contae Thiobrad Árann i mBailiúchán na Scol. Tá adhmad an fheorais in ann teas ard a sheasamh, agus bhaintí úsáid as le píopaí a dhéanamh sna Balcáin freisin.[15] Is féidir adhmad an fheorais a úsáid in uirlisí ceoil, fidleacha agus cláirsigh san áireamh.[6]
D’úsáidtí codanna an chrainn chun dathú a chur ar éadach. Faightear dath dearg ó na torthaí[12] agus dath buí nó glas (má chuirtear alúm—aluminium sulphate—leis) ó na síolta.[5] Dhéantaí dúch do ghasúir scoile as caora oráiste an fheorais i gCo. Mhaigh Eo. D’úsáidtí na géaga freisin chun uaireadóirí a ghlanadh—cé go raibh na géaga le gearradh nuair a bhíodh an crann faoi bhláth, nuair a bhíodh siad righin ach gan a bheith briosc agus éasca le briseadh.[12]
Áiríodh an feoras in aicme íseal na coille, na fodla fedo, in éineacht le leithéidí an trom (Sambuca nigra) agus an chaithne (Arbutus unedo),[6] ach níl mórán béaloidis faoin bhfeoras in Éirinn.[13] Níl sé seo amhlaidh in áiteanna eile. Is meafair é do chailliúint an tsoineantais, i mbéaloideas mhór-roinn na hEorpa, méar a phriocadh trí thimpiste ar fearsaid an fheorais.[5]
Cuirtear an feoras go forleathan in Éirinn anois mar sceach ghairdín, go háirithe mar gheall ar dhathanna áille na dtorthaí.[4]
Tá an feoras luaite mar tháscspeiceas do choillte ársa na Breataine.[16] Is comhartha go mb’fhéidir gur coill ársa í an choill ina bhfásann an feoras.
Tagairtí
1. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
2. Popescu, I., et al., Euonymus europaeus in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species. Luxembourg: Publications Office of the EU, 2016: p. 92-93.
3. Thomas, P.A., M. El‐Barghathi, and A. Polwart, Biological Flora of the British Isles*: Euonymus europaeus L. Journal of Ecology, 2011. 99(1): p. 345-365.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
6. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
7. Craig, A.J., Pollen Percentage and Influx Analyses in South-East Ireland: A Contribution to the Ecological History of the Late-Glacial Period. Journal of Ecology, 1978. 66(1): p. 297-324.
8. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
9. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
10. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
11. Tóibín, S., Troscán na mbánta: aistí simpli ar na crainn choitianta dúchais. 1967: Oifig an tSoláthair.
12. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
13. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
14. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
15. Nedelcheva, A., et al., The Traditional Use of Plants for Handicrafts in Southeastern Europe. Human Ecology, 2011. 39(6): p. 813-828.
16. Glaves, P., et al., A survey of the coverage, use and application of ancient woodland indicator lists in the UK. 2009.
Tuilleadh Íomhánna







