Cufróg Leyland
Cupressus x leylandii

Tá cufróg Leyland, nó an leylandii, mar is fearr aithne uirthi, ar cheann de na crainn is mó a úsáidtear mar sceach fál timpeall ar tithe. Is hibrid í idir cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa), crann coitianta atá go maith in ann ag coinníollacha na hÉireann, agus cufróg Nootka (Callitropsis nootkatensis), crann nach bhfuil an-fhairsing in Éirinn. Is ó na tuismitheoirí a fuair an leylandii an duilliúr dlúth agus an ráta fáis tapa, tréithe a thaitníonn leo siúd a bhíonn ag iarraidh sceach fál sciobtha. Ach is iad na tréithe céanna sin a chinntíonn go bhfásann an crann ró-mhór, agus nach scaoileann an duilliúr solas ar bith thríd. Ní raibh na crainn leylandii in ann ag gaoth mhór stoirm Éowyn in Eanáir 2025. Leagadh go leor acu, agus tugadh an sábh slabhrach do go leor de na crainn leylandii nár thit.

Béarla: Leyland Cypress, leylandii
Tuismitheoirí na Hibride
Is buaircíneach síorghlas í cufróg Leyland, nó leylandii, mar a thugtar níos minicí uirthi. Cuirtear go príomha mar sceach fáil i ngairdíní príobháideacha í, ach scaití cuirtear mar chrann ornáide í, freisin.
Is hibrid atá sa gcufróg seo idir cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa) agus cufróg Nootka (Callitropsis nootkatensis). Mar gur ar chósta California a fhásann cufróg Monterey, agus gur ó British Columbia suas go Alaska, ar chósta iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh, a fhásann cufróg Nootka, ní thagann an dá chrann sách gar sa nádúr le go bpailníonn siad a chéile.
Stair an leylandii
Cuireadh cufróg Monterey agus cufróg Nootka in aice le chéile ar eastáit Leighton, sa mBreatain Bheag. Nuair a thóg CJ Leyland roinnt síolta ón gcufróg Nootka sin in 1888, ba léir, nuair a thosaigh siad ag fás, go raibh sé cinn de na plandaí a d’fhás éagsúil ó na cinn eile.
Tógadh go Haggerston Castle in Northumberland, Shasana, iad, agus tosaíodh ag tógáil gearrthóga uathu ó 1897 ar aghaidh. Is ó cheann de na crainn seo a tháinig an tsaothróg leylandii, Haggerston Grey, atá fairsing anois.
In 1911, chuir neach le Leyland, JM Naylor, buaircín a phioc sé ó chufróg Monterey a bhí ag fás in aice le cufróg Nootka. Is ó na plandaí seo a tháinig an tsaothróg Leighton Green agus Naylor’s Blue. Tháinig an tsaothróg Castlewellan Gold, le dath buí ar an duilliúr, ó bhuaircín ón gcufróg Monterey ‘Lutea’ a bhí ag fás gar don chufróg Nootka ‘Aurea’ i gCaisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Is saothróga le duilliúr buí iad an dá thuismitheoir atá ag Castlewellan Gold.[1]
Tá saothróg cháiliúil eile, ‘Rostrevor’, luaite le Co. an Dúin. Maítear go bhfuil an crann leylandii as a dtáinig na saothróga seo níos sine (1870) ná na buncheanna a tháinig ó eastáit Leighton, ach níl aon fhianaise crua ann go bhfuil sé seo amhlaidh.[2, 3] Leagadh an crann i gCo. an Dúin i stoirm roimh an gcéad chogadh domhanda, ach tógadh gearrthóga uaidh roimh ré agus is iad na gearrthóga sin is cúis leis an tsaothróg ‘Rostrevor’ atá chomh coitianta anois.
Ba léir gur comhtharlú seirindipíochta agus spontáineach iad na crosphailnithe rathúla. Theip ar gach iarracht chun an hibrid a chruthú trí phailniú rialaithe idir cufróga Nootka agus cufróga Monterey.
Spreacadh Hibrideach

Is sampla maith den spreacadh hibrideach—nuair a dhéantar feabhsú sa hibrid ar thréithe na dtuismitheoirí—í an leylandii. Cosúil le cufróg Monterey, tá an leylandii in ann ag aeráid chósta. Cosúil leis an gcrann sin, fásann sí go tapa. Go deimhin, fásann an leylandii níos tapúla ná cufróg ar bith eile—2 m in aon bhliain amháin.[4] Is ón gcufróg Monterey, freisin, a fhaigheann an leylandii an chuma chraobhach.
Is ó thaobh na cufróige Nootka a fhaigheann an leylandii an cruth. Bíonn cruth leathancholúnach go caolchónach ag an gcrann, agus fásann sé go ar a laghad 30 m mura ngearrtar siar í. Ní fios fós cé chomh hard a fhásann sí mar gheall nach bhfuil sí ar an domhan ach ar feadh timpeall 130 bliain.[5] Is ón Nootka a fhaigheann sí an duilliúr dlúth, agus mar gheall ar chufróg Nootka, freisin, atá an leylandii in ann sioc crua a sheasamh.
Cur Síos ar an leylandii
Is dath deargdhonn a bhíonn ar an gcoirt ghainneach. Bíonn dath donn ar na géaga solúbtha. Bíonn taobh íochtarach na nduilleog gainneach níos gile ná an taobh uachtarach, agus ní iondúil go mbíonn marcanna bána ar an taobh íochtarach.[3]

Ag brath ar an saothróg, d’fhéadfadh go mbeadh an duilliúr cosúil le cufróg Monterey—ag gobadh amach ag uillinneacha difriúla ón ngéag—nó leacaithe, cosúil le cufróg Nootka. Cibé cineál duilliúir a bhíonn ag an leylandii, bíonn an duilliúr chomh dlúth sin go gclúdaíonn sé an stoc go minic.
Ní thagann toradh ar shaothróg leylandii ar bith ach ar an tsaothróg ‘Leighton Green’, cé nach mbíonn na síolta inmharthana mar gur hibrid atá sa gcrann.[6] Bíonn dath donn ar bhuaircíní na saothróige sin. Bíonn siad 2 cm trasna, le 8 scála an ceann orthu, agus spíce beag ag teacht amach as lár gach scála.
Níl mórán crann a tharraingíonn níos mó airde ó na meáin ná cufróg Leyland. Is minic go mbíonn comharsana in árach a chéile faoin gcrann seo mar go n-úsáidtear i bhfálta é, mar go bhfuil an duilliúr chomh dlúth, agus mar go bhfásann sé chomh sciobtha. Ní léir go gcuirfidh an achrann nó an droch-aird seo stop leis an leylandii. Chuimsigh cufróg Leyland 10% de dhíolacháin phlandlanna sa Ríocht Aontaithe in 2008,[7] agus tá sé fós ar cheann de na crainn is mó a dhíoltar san Eoraip.
1. Adams, R.P., K. Rushforth, and S.N. Trimble, The origins of Leyland’s cypresses (x Cupressocyparis leylandii) based on DNA data. Phytologia, 2006. 88(1): p. 1-16.
2. Sturrock, J., Leyland cypress introduction to New Zealand. NZ Forestry, 1989. 34(3): p. 18-20.
3. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
4. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
5. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
6. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
7. Danti, R., et al., The Epidemic Spread of Seiridium cardinale on Leyland Cypress Severely Limits Its Use in the Mediterranean. Plant Disease, 2014. 98(8): p. 1081-1087.