An Coll
Corylus avellana

Bhí an coll ar cheann de na chéad chrainn a tháinig go hÉireann nuair a leáigh na hoighearshruthanna. Cé go mbreathnaítear air mar chrann, is iondúil gur cosúla le sceach a bhíonn an planda ilstocach seo. Bíonn caitíní an chrainn an-fheiceálach nuair a thagann siad chun aibíochta in Eanáir, sula dtagann na duilleoga amach. Bhí cáil ar an bplanda riamh mar gheall ar na collchnónna inite, ach bhí roschoillte de chrainnte coill bunscoite thar a bheith tábhachtach mar fhoinse adhmaid freisin. Tá go leor seanchais faoin gcoll. Deirtear, i mbéaloidis na gCeilteach, go raibh eolas na cruinne sna craobhacha a bhí ar an gcéad choll, a d’fhás in aice le tobar an eolais. Is nuair a d’ith an bradán feasa cnónna a thit ón gcrann isteach sa tobar a shealbhaigh an t-iasc sin eolas na cruinne.

Ainmneacha Eile: Crann Coill
Béarla: Hazel, Halse[1]
Tá an coll, nó an crann coill, in Éirinn le timpeall 9,500 bliain. Ba iad an coll agus an péine Albanach (Pinus sylvestris) na crainn ba choitianta ar an oileán go dtí 8,000 bliain ó shin. Tháinig an dair agus an leamhán, díothaíodh an péine, ach d’fhan an coll linn.[2]
Deirtear go raibh an crann chomh fairsing in Éirinn fadó gur uaidh ainm an chrainn sin a tháinig an focal ‘coill’,[3] ach ní léir go bhfuil mórán fírinne sa scéal sin. Is fearr leis an bplanda créafóg thais, alcaileach, ach fásfaidh sé i ngach saghas créafóige ach amháin créafóg atá an-aigéadach. Mar sin, fásann sé ar fud na hÉireann seachas ar thalamh portaigh.
Mar go bhfeileann go leor cineálacha créafóige an coll, faightear é i raon leathan gnáthóga difriúla. Fásann sé mar shraith mheánach i gcoillte darach nó fuinseoige.[4] Is gnáthóg choitianta freisin é an scrobarnach coille, comhdhéanta de phlandaí coill 5 m nó mar sin in airde.[2] Bíonn an coll fairsing i sceacha fáil freisin, in éineacht le crainn dhúchasacha eile cosúil leis an bhfuinseog agus an sceach gheal.
Déanann crainn choill coillte astu fhéin (collchoill a thugtar air), go háirithe i gceantracha aolchloiche cosúil le hoirthear Chontae na Gaillimhe agus an Bhoireann i gContae an Chláir. Is gnáthóga uathúla iad na coillte coill Atlantaigh seo, clampaí nó coillearnach coill atá suite i dtírdhreach clochach, gar don fharraige, i réigiúin le haeráid mheasartha, fhliuch.[5]
Is minicí go dtugtar sceach ar an gcoll seachas crann, mar gur iondúil go mbíonn níos mó ná stoc amháin ag an gcrann. Bíonn siad in ann, ar a mhéid, 13 m in airde a bhaint amach, ach ní iondúil go bhfaightear crainn chomh hard seo. Maireann siad timpeall 150 bliain, ach má bhunscoitear iad, mar a dhéantaí go minic, is féidir leo maireachtáil ar feadh na céadta blianta.[6]
Bíonn dath donn geal ar an gcoirt mhín, agus bíonn lionsacháin chothrománacha, bhuí ar an gcoirt. Scamhann an choirt i gcrainn níos sine, ach ní bhíonn an choirt chomh scoilteach agus a bhíonn i gcrainn eile. Géaga solúbtha clúmhacha a bhíonn ar an gcoll.[7] Is iondúil go mbíonn níos mó ná stoc amháin ag an gcrann, agus fásann géaga ar ais go tréan má ghearrtar iad. Is ar an údar seo go a dhéantar an crann a bhunscoitheadh go minic.
Duilleoga, Bláthanna, agus Torthaí
Bíonn bachlóga na nduilleog ubhach agus clúmhach, le scálaí dearga nó glasa orthu. Osclaíonn na duilleoga, a fhásann go hailtéarnach ar an ngéag, i mí Bealtaine.
Bíonn scáil dhearg ar luath-dhuilleoga an choill, sula dtagann dath glas orthu níos deireanaí sa séasúr. Ceaptar gur ceimiceáin ar leith, anthocyanins, is cúis leis seo. Tugann siad cosaint do na duilleoga óga leochaileacha ón damáiste a dhéanann an iomarca de sholas na gréine. Cosnaíonn na ceimiceáin seo an duilleog ó fheithidí a bhíonn ag iarraidh iad a ithe, freisin.[6, 8] Athraíonn na duilleoga go dath buí sula dtiteann siad sa bhfómhar.
Bíonn na duilleoga ciorclach, ubhach, nó croíchruthach. Bíonn imeall na nduilleog dé-fhiaclach—bíonn sraith fiacla beaga orthu, agus anuas orthu sin bíonn sraith fiacla móra, a bhíonn níos cosúla le maotháin. Bíonn an taobh íochtair den duilleog clúmhach agus bíonn bior ag barr gach duilleog. Is cosúil le duilleoga an leamháin sléibhe (Ulmus glabra) a bhíonn duilleoga an choill, seachas go mbíonn dromchla mín ar an gcoll agus bíonn an leamhán garbh.
Bláthanna
Is crann moinéiciach an coll—bíonn caitíní baineanna agus fireanna ar an sceach chéanna. Osclaíonn na bláthanna sa ngeimhreadh, chomh luath le mí Eanáir, agus i bhfad sula n-osclaíonn na duilleoga. Bíonn an caitín fireann fada—d’fhéadfadh 200 bláth a bheith ar gach caitín fireann—agus dath buí air. Nochtaítear na staimíní nuair a bhíonn bláth réidh le pailin a scaoileadh. Scaiptear an phailin sa ngaoth, agus titeann an caitín fireann den ghéag go luath ina dhiaidh sin.
Bíonn an caitín baineann an-bheag agus suite ar an ngéag os cionn na mbláthanna fireanna, le nach ndéantar féin-phailniú. Breathnaíonn na caitíní seo cosúil le bachlóga beaga glasa. Bíonn roinnt bláthanna baineanna istigh i ngach caitín, le stíleanna gearra dearga ag teacht amach as gach ceann acu. Pailnítear na bláthanna baineanna nuair a thagann an phailin i dteagmháil leo.

Is cnónna coill (nó collchnó) iad na torthaí agus fásann idir ceann agus ceithre cinn le chéile ar an ngéag. Clúdaíonn crotal glas duilleogach (ar a dtugtar tiomchla) trí cheathrú cuid de gach cnó. Tagann dath donn ar na cnónna sa bhfómhar nuair a bhíonn siad aibí agus titeann siad den chraobh. Itheann éin, luchain, agus ioraí rua na cnónna.
Is crann measa atá sa gcoll,[6] cosúil leis an dair agus an fheá, crainn eile atá san ord céanna, Fagales, in éineacht leis. Soláthraíonn an crann níos mó cnónna le linn blianta measa ná mar a ghintear le linn blianta nach blianta measa iad.
Tá na collchnónna inite i measc na gcnónna is mó tóir sa domhan. Is foinse mhaith saille (beagnach 70% i saothróga éagsúla) agus próitéine iad. Tá vitimíní tábhachtacha iontu freisin, vitimín E (don chóras imdhíonachta) agus vitimín B9 (go maith don fhuil) san áireamh. Is foinse mhaith ghairbhsí iad freisin.[9]
Bhí collchnónna thar a bheith tábhachtach do na daoine a tháinig romhainn, go háirithe mar go bhféadfaí iad a stóráil agus a ithe i gcaitheamh an gheimhridh.[10] Maítear gurb iad collchnónna an fhoinse bhia plandabhunaithe ab fhairsinge, agus ab fhearr ó thaobh cothaithaigh de, a bhí ar fáil i gcoillte na hÉireann d’fhiagaithe cnuasaitheoirí le linn na tréimhse réamhstairiúla.[11]
Ina dhiaidh sin, cuireadh líon mór crann coill in Éirinn le freastal ar éileamh ar chollchnónna san am atá caite, ach déantar cnónna a iompórtáil na laethanta seo, go háirithe ón Tuirc, a tháirgeann 53% den mhargadh domhanda.[12]
Is ón mbaile Avella i ndeisceart na hIodáile a fuair an coll an t-ainm eolaíoch avellana. Bhí cáil ar an mbaile seo maidir le caighdeán na gcollchnó. Is tagairt é Corylus, ón bhfocal Gréigise do chlogad, don chrotal a chlúdaíonn an cnó.
Is iomaí speiceas difriúil atá sa ngéineas Corylus, in éineacht leis an gcrann coill fiáin. Tugtar faoisceog ar cheann acu, Corylus maxima. Cuirtear go forleathan é mar gheall ar na cnónna móra a bhíonn air. Difríonn siad ó chollchnónna C. avellana mar go mbíonn an cnó clúdaithe go hiomlán leis an gcrotal duilleogach. Tá go leor saothróg de C. maxima ann, agus tugtar faoisceoga freisin ar shaothróga den choll fhéin, atá saothraithe le go mbeidh cnónna móra blasta orthu.
Tá ról suntasach ag an gcoll in éiceachóras na coille. Bíonn leamhain, féileacáin—go háirithe fritileáin—agus éin ag brath orthu mar fhoinse bheatha agus mar thearmann agus foscadh (cé go bhfuil na sprideanna neanta in ann scrios a dhéanamh ar na duilleoga).
Cuireann crainn choill pailin ar fáil luath sa mbliain d’fheithidí cosúil le beacha ghabhair freisin,[6] cé go mbíonn sé níos deacra ag feithidí móra ar nós meachain an phailin éadrom (scaipeann sé sa ngaoth) a bhailiú.
Tá tosaíocht tugtha in Albain do chaomhnú na gcoillte coille Atlantaigh—gnáthóga atá cosúil leis na coillte coille atá ag fás ar an aolchloch in iarthar na hÉireann. Táthar ag ceapadh go mb’fhéidir go bhfuil cuid de na coillte Albanacha seo ann le os cionn 10,000 bliain, agus tá tábhacht na ngnáthóg seo do léicin aitheanta go hidirnáisiúnta.[5]
Bhí an coll i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn timpeall 10,000 bliain ó shin. Scaip sé go tréan, agus 1,000 bliain ina dhiaidh sin bhí an tír brataithe le collmhuineacha.[11] Aimsíodh iarsmaí de chollchnónna, i dtithe Méisiliteacha atá 9,000 bliain d’aois, i gCúil Raithin, Contae Dhoire.[2] Dhóití adhmad an choill sa tréimhse Neoiliteach, timpeall 3,000 bliain ó shin.
Ba léir go raibh tábhacht thar na bearta ag an crann coill in Éirinn fadó. Tá an coll mar cheann de na litreacha san aibítear oghaim agus, in ainneoin gur níos cosúla le sceach ná crann atá sé, áiríodh an coll mar uaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas. Is dócha gur tugadh an stádas seo don choll mar go raibh an oiread sin tábhacht le cnónna agus adhmad an chrainn.[10]
Ba mhór an tábhacht a bhí le crainn choill in Éirinn, go háirithe i dtionscal na caoladóireachta. Is féidir an coll a bhunscoitheadh—na géaga a ghearradh in íochtar, gar don talamh, le go bhfásfaidh meatháin ar ais níos tréine an bhliain dár gcionn. Bíon géaga an choill láidir, solúbtha, agus éasca le scoilteadh. Is as caolach coille—ina mbíonn na géaga fite go dlúth lena chéile—a dhéantaí sconsaí chun ainmhithe a choinneáil istigh, chomh maith le díonta agus ballaí tí. Dhéantaí ciseoga, ciseáin, agus potaí gliomaigh as géaga coille.
“Bíonn na gasúir ag déanamh cliabhán éin le sailigh agus coll, agus bíonn siad ag breith ar luin agus smólachaibh agus ar druideachaibh.”
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 01:Leathanach 198
D’fhéadfaí arm troda a dhéanamh as an gcoll freisin, mar is léir ón gcur síos ar eachtra tromchúiseach a tharla i gContae Chorcaigh:
“D’réir deallraimh bhí acrann éigin idir muinntir an Bunáin agus muinntir an Ghúgáin uair éigin roime seo agus bhí an dá dream ag ullmhughadh ar feadh ráithe chun go mbeadh troid ceart aca a thaisbeaínfeadh ciaca dream ba mhó neart cuislinne. Bhí Muinntir an Ghúgain ag gearradh maidí coll agus dá stálughadh i gcomhair oidhche na bruighne.“
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 338:Leathanach 23
D’úsáidtí pailin ó na caitíní chun dath a chur i bpéint, agus chuir na bachlóga, duilleoga, agus craobhacha dath ológa ar olann.[2]

Ní gá go gcailltear crann má ghearrtar an stoc. Tá cineálacha crainn ann a fhásfaidh meatháin nua ón áit a ghearrtar iad. Is minic go mbíonn na meatháin seo caol, díreach agus ar aon mhéid lena chéile.[13] Má ghearrtar na géaga seo le himeacht aimsire, fásfaidh meatháin nua ón stoc agus tosóidh an timthriall arís. Is bunscoitheadh a thugtar ar an gcur chuige seo ina ngearrtar stoc an chrainn go híseal in aice na talún le go bhfásfaidh géaga gur féidir a bhaint agus a úsáid. Is cleachtas ársa é seo atá linn ón tréimhse Neoiliteach.[6, 14]
Is iomaí crann dúchasach in Éirinn a ghlacann le bunscoitheadh. Chomh maith leis an gcoll, dhéantaí é ar an tsail (Salix spp.), an fhearnóg (Alnus glutinosa), an leamhán (Ulmus spp.) an fhuinseog (Fraxinus excelsior), an dair (Quercus spp.), na beitheanna (Betula spp.) agus an crann fia-úll (Malus sylvestris).
Deirtear i mbéaloidis na gCeilteach go raibh eolas na cruinne sna craobhacha a bhí ar an gcéad choll, a d’fhás in aice le tobar an eolais. Is nuair a d’ith an bradán feasa cnónna a thit ón gcrann isteach sa tobar a shealbhaigh an t-iasc sin eolas na cruinne.
Ba mhinic do na Ceiltigh ársa ainmneacha pearsanta a bheith acu bunaithe ar ainmneacha na gcrann. De réir an tseanchais, bhí Mac Cuill (ainmnithe in ómós don choill) mar cheann de thriúr deartháireacha, le Mac Gréine agus Mac Cecht, sna Tuatha Dé Danann.[3]
Bhí cáil freisin ar an gcoll mar chrann a bhí cumhachtach. Ceapadh nach bhféadfadh na ‘daoine maithe’ aon dochar a dhéanamh do dhuine a bheadh maide coill (nó burla de ghéaga)[6] ina lámh acu.
“Is ceart maide choll a bheith i na láimh ag aoinne dul amach san oidhche, mar má buaileann aon droch nídh leat, cuirfidh an coll an rith ortha.”
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 477:Leathanach 173
Bhí cumhachtaí leighis ag an gcrann freisin “téirigh amach le láidhe ag rómhair faoi chrann coll, agus déanfaidh sé leas do’n chos” a moltar i gContae na Gaillimhe do chois tinn. Bheadh an t-ádh leat dá dtabharfaí isteach sa teach craobh ón gcrann coill (agus roinnt crainn eile) roimh bhreacadh an lae ar Lá Bealtaine. Ba léir go raibh aire na huibhe ag teastáil ón im san am atá caite, agus bhí réiteach sa gcrann coill don ghadaíocht a bhí forleathan ag an am:
“Is ceart bata coll do cuir mór-thímpeall barraille an ime oidhche lae Bealtaine mar ní fhéadfadh aoinne an t-ím do thógaint fan na bliadhna.“
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 330: Lámhscríbhinn 253
Bhí an phágántacht luaite chomh mór sin le seanchas na gcnónna gur tugadh an t-ainm Philibert ar na cnónna ón bplanda Corylus maximus, in ómós do mhairtíreach Críostaí, chun an phágántacht a mhaolú, is cosúil. Filbert atá ar na cnónna sin i mBéarla anois (faoisceog i nGaeilge).
Tá an ainm an choill le feiceáil sa bhfocal ‘collóireacht’, an phiseog a bhí (agus atá fós) ann chun uisce a aimsiú faoi thalamh. D’úsáidtí gabhlóg coill (géag coill le gabhal ann) leis an uisce a aimsiú.[18] Ní uisce amháin a d’aimseofá le gabhlóg choill. Tá tagairt i mBailiúchán na Scol ó Chontae Liatroma de chollóir críonna a bhí in ann gual, ór, agus fiú ola a aimsiú, ag brath ar cén treo a bhogadh an ghabhlóg. Dar leis an mbailitheoir, b’iomaí collóir a chonaic sé ina shaol, ach ní raibh aon duine acu seachas an fear seo in ann doimhneacht an uisce a dhéanamh amach.
In ainneoin go maítear go bhfuil ceangal osnádúrtha ag an gcoll le huisce, ní luaitear é le toibreacha na tíre mar a luaitear an fhuinseog (Fraxinus excelsior) agus na beitheanna (Betula spp.).[6]
Is iomaí logainm in Éirinn leis an bhfocal coll iontu. Tá Eachaire Collchoille i gContae Muineacháin agus Baile Coill i gContae Mhaigh Eo. Ceaptar gur ón gcoll a tháinig Caillteanán i gContae Shligigh, Cúil Damhnata i gContae Muineacháin, agus Calaros i gContae Chiarraí, i measc iliomad logainmneacha eile in Éirinn a bhfuil lorg an chrainn sin orthu.[19]
1. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
2. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
3. Ó hÓgáin, D., Trees in Irish Lore. Irish Forestry, 2003. 60: p. 46-60.
4. Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.
5. Coppins, A.M. and B.J. Coppins, Atlantic Hazelwoods – a neglected habitat? Botanical Journal of Scotland, 2003. 55(1): p. 149-160.
6. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
7. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
8. Zhang, T.-J., et al., A magic red coat on the surface of young leaves: anthocyanins distributed in trichome layer protect Castanopsis fissa leaves from photoinhibition. Tree Physiology, 2016. 36(10): p. 1296-1306.
9. Müller, A.K., et al., Nutrient composition of different hazelnut cultivars grown in Germany. Foods, 2020. 9(11): p. 1596.
10. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
11. McComb, A.M.G. and D. Simpson, The Wild Bunch: Exploitation of the Hazel in Prehistoric Ireland. Ulster Journal of Archaeology, 1999. 58: p. 1-16.
12. Król, K. and M. Gantner, Morphological Traits and Chemical Composition of Hazelnut from Different Geographical Origins: A Review. Agriculture, 2020. 10(9): p. 375.
13. Koop, H., Vegetative reproduction of trees in some European natural forests. Vegetatio, 1987. 72(2): p. 103-110.
14. Rackham, O., Woodlands. 2006: Collins.
15. Kirby, K.J., G.P. Buckley, and J. Mills, Biodiversity implications of coppice decline, transformations to high forest and coppice restoration in British woodland. Folia Geobotanica, 2017. 52(1): p. 5-13.
16. McCracken, E., Charcoal-Burning Ironworks in Seventeenth and Eighteenth Century Ireland. Ulster Journal of Archaeology, 1957. 20: p. 123-138.
17. McEvoy, T., A review of Irish forestry. Irish Forestry, 1954. 11(1): p. 20.
18. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
19. Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.
Tuilleadh Íomhánna





