Cufróg Nootka
Callitropsis nootkatensis

Is buaircíneach ard, díreach le craobhacha sleabhctha í cufróg Nootka. Cé nach bhfuil sí ag fás go forleathan in Éirinn, tá cufróg eile a bhfuil gaol gar aici léi ag fás go fairsing anseo. Is í cufróg Nootka agus cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa) tuismitheoirí an hibrid, cufróg Leyland (Cupressus x leylandii), crann atá curtha ar fud na hÉireann mar sceach fál. Bhain bundúchasaigh cheantar British Columbia, i gCeanada, an-úsáid as an gcrann seo. D’úsáidtí an choirt shnáithíneach chun mataí, éadaí, agus bindealáin a dhéanamh. Dhéantaí canúnna agus boghanna leis an adhmad, agus is cógas leighis a bhí sna duilleoga do bhreoiteachtaí éagsúla.

Ainmneacha Eolaíocha Eile: Chamaecyparis nootkatensis; Xanthocyparis nootkatensis; Cupressus nootkaensis
Béarla: Nootka Cypress, Alaska Cedar, Yellow Cedar, and Alaska Yellow Cedar
Réamhrá
Is buaircíneach síorghlas í cufróg Nootka. Fásann sí go nádúrtha i stráice ar chósta iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh ó Alaska go Vancouver, agus is go hard sna sléibhte is mó a fheictear an crann ansin.
Is ó bhundúchasaigh cheantar British Columbia, Nuu-chah-nulth, a fuair an crann an t-ainm (tugadh Nootka orthu go dtí le gairid). Ní fíor-chufróg í (níl sí sa ngéineas Cupressus), ach tá go leor de thréithe na cufróige aige.
Ní crann í cufróg Nootka atá curtha go forleathan in Éirinn, cé go bhfuil aeráid fhliuch na tíre feiliúnach di.
Cur Síos ar an gCrann
Tá an crann seo ar an gceann is fadmharthanaí i gcoillte iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Tá crann amháin 1,834 bliain d’aois, agus ceaptar go bhfuil crainn ann atá os cionn 3,000 bliain d’aois. Fásann sé go mall sa bhfiántas, agus tá crann beag in ann aois mhór a bheith aige.
Is crann ard, caol, cónach é. Bíonn duilliúr an chrainn leacaithe, agus bíonn na craobhacha agus an duilliúr sleabhctha (ag titim anuas)—ceann de thréithe suntasacha an chrainn. Bíonn an tréith seo le feiceáil níos soiléire i gcraobhacha uachtaracha an chrainn.
Bíonn an choirt mín i gcrainn óga, agus éiríonn sí snáithíneach agus athraíonn an dath ó ghlas go dearg agus ansin go liath le haois.
Is dath liathghlas a bhíonn ar na duilleoga beaga gainneacha (3-6 mm), a bhíonn i gceithre ró, brúite isteach ar an ngéag. Ní iondúil go mbíonn marcanna bána ar thaobh íochtarach an duilliúir.[1] Bíonn drochbholadh (cuirtear i gcomparáid é le caonach liath nó amh-fhataí) uaidh na duilleoga nuair a bhíonn siad brúite.[2]
Tagann dath buí ar na buaircíní beaga (3 mm) fireanna, a fhásann ag deireadh na ngéag. Bíonn na torthaí sféaracha (1 cm trasna) le 4-5 scála as a dtagann spíce ar nós crúca (bíonn níos mó scálaí ar bhuaircíní chufróg Lawson (Chamaecyparis lawsoniana)). Athraíonn siad ó ghlas go corcra nuair a bhíonn siad aibí. Tagann na torthaí chun aibíocht sa dara bliain (cosúil leis na fíor chufróga sa ngéineas Cupressus).
Cufróg Nootka agus an tSochaí
Bhí an-tábhacht le cufróg Nootka do bhundúchasaigh in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh agus is iomaí úsáid a bhaintí as an gcrann. D’úsáidtí an choirt shnáithíneach chun mataí, éadaí, agus bindealáin a dhéanamh. Dhéantaí canúnna agus boghanna leis an adhmad, agus is cógas leighis a bhí sna duilleoga do bhreoiteachtaí éagsúla.[3]
Is mar gheall ar dhath geal buí adhmad na cufróige a tháinig an t-ainm coitianta Béarla don chrann seo, Yellow Cedar. Bíonn an t-adhmad crua mar go bhfásann an crann go mall ina cheantar dúchais agus, amhail cufróga eile, is adhmad marthanach é. Chuige sin, baintear úsáid mhór as i dtionscal na tógála agus i ndéantúsaíocht báid.
Is ó chroíadhmaid na cufróige Nootka a aimsíodh an tsubstaint nootkatone den chéad uair. Tá an ceimiceach céanna le fáil i seadóga (is é a thugann blas na seadóige don toradh sin). Tá éileamh ar an táirge seo i dtionscail na cumraíochta, na cógaisíochta agus an bheatha. Déantar sintéisiú ar nootkatone anois mar gheall nach bhfuil sé éasca an t-ábhar a asbhaint ó na cufróga.[4] Is feithidicíd maith, freisin, é nootkatone in aghaidh sciortáin.[5]
Cuirtear cufróg Nootka in Éirinn agus sa mBreatain mar chrann ornáide i bpáirceanna agus i ngairdíní, cé nach bhfuil sé chomh fairsing sna hoileáin seo le cufróga eile. Níl aon fhianaise ann go bhfuil sé in ann féin-síolrú in Éirinn.[6]
Tá saothróg choitianta ag fás i ngairdíní, an Nootka silte, ina bhfuil cuma silte na ngéag i bhfad níos suntasaí ná mar atá ar an gnáth-chufróg Nooka.
Stádas na Cufróige
Tá meath ag teacht ar na cufróga seo ina gceantar dúchais. Táthar ag maíomh go bhfuil ardú teochta na haeráide ag laghdú an méid sneachta a luíonn ar an talamh. Feidhmíonn an brat sneachta mar inslitheoir, agus reonn an chréafóg faoi mura bhfuil dóthain sneachta ar an talamh.
De thoradh seo, déantar damáiste do fhréamhacha goilliúnacha an chrainn.[7] Is sampla eile é seo de na bealaí difriúla atá athrú aeráide in ann dochar a dhéanamh do héiceachórais éagsúla.
Cufróg Nootka agus Cufróg Leyland

Tá cufróg Nootka ar cheann de thuismitheoirí chufróg Leyland (Cupressus x leylandii)—cufróg mhór-éilimh mar sceach fáil in Éirinn agus thar lear. Is í cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa) an tuismitheoir eile.
Mar gur ar chósta California a fhásann cufróg Monterey, agus gur ó British Columbia suas go hAlasca, ar chósta iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh, a fhásann cufróg Nootka, ní thagann an dá chrann sách gar dá chéile le go bpailníonn siad a chéile.
Ach cuireadh an dá chrann in aice le chéile ar eastáit Leighton, sa Bhreatain Bheag. Nuair a thóg CJ Leyland roinnt síolta ón gcufróg Nootka sin in 1888, ba léir, nuair a thosaigh siad ag fás, go raibh plandaí saothraithe nár bhreathnaigh cosúil le ceachtar tuismitheoir. Ba chufróga Leyland iad.
Ainmniú an Chrainn
Tá roinnt ainmneacha eolaíocha comhchiallacha ag cufróg Nootka agus is léiriú é seo ar na dúshláin a bhíonn ag luibheolaithe plandaí a rangú agus a ainmniú.
Cuireadh an speiceas sa ngéineas Cupressus ar dtús, in 1824, mar go raibh tréithe i gcoiteann aici leis na fíor-chufróga eile (saolré fada na dtorthaí ar cheann acu). Ach, in 1841, ceapadh gur thug duilliúr leacaithe an chrainn le fios gur fheil sí níos fearr don ghéineas Chamaecyparis, an géineas céanna le cufróg Lawson.
Ansin, in 1864, mhol luibheolaí ón Danmhairg, Anders Sandoe Örsted, géineas nua, Callitropsis, don chrann mar go bhfuil tréithe uathúla ag buaircín an chrainn seo nach bhfuil ag crainn sa géineas Chamaecyparis. Ach ní bhfuair an t-ainm seo mórán úsáide mar nár chloí Örsted leis na caighdeáin ainmniúcháin a bhí leagtha síos ag an am, agus d’imigh an t-ainm as cuimhne na luibheolaithe.
Ansin, in 1999, aimsíodh speiceas nua de chrann i Vítneam, a ainmníodh Xanthocyparis vietnamensis. Tugadh faoi deara go raibh tréithe i gcoiteann ag cufróg Nootka leis an gcrann seo, agus moladh go dtabharfaí Xanthocyparis nootkatensis ar chufróg Nootka. Ach nuair a tugadh faoi deara go raibh géineas ann cheana fhéin, Callitropsis, a bheadh in oiriúint don dá chrann, moladh Callitropsis vietnamensis a thabhairt don chrann sin.[8] Glactar anois le Callitropsis nootkatensis mar ainm eolaíoch an chrainn.
1. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
2. Pojar, J., et al., Plants of the Pacific Northwest. British Columbia Ministry of Forest and Lone Pine Publishing, BC, Canada, 1994.
3. Nancy Chapman, T. and A.M.B. Marcus, The Ethnobotany of the Southern Kwakiutl Indians of British Columbia. Economic Botany, 1973. 27(3): p. 257-310.
4. Fraatz, M.A., R.G. Berger, and H. Zorn, Nootkatone—a biotechnological challenge. Applied Microbiology and Biotechnology, 2009. 83(1): p. 35-41.
5. Norris, E.J., et al., Mode of action and toxicological effects of the sesquiterpenoid, nootkatone, in insects. Pesticide Biochemistry and Physiology, 2022. 183: p. 105085.
6. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
7. Schaberg, P.G., et al., Do limited cold tolerance and shallow depth of roots contribute to yellow-cedar decline? Forest Ecology and Management, 2011. 262(12): p. 2142-2150.
8. Debreczy, Z., et al., Relationships and nomenclatural status of the nootka cypress (Callitropsis nootkatensis, Cupressaceae). Phytologia, 2009. 91(1): p. 140-159.
Tuilleadh Íomhánna



