An Fhearnóg Liath
Alnus incana

Duilleog: Biorach, Ubhach
Airde: 25m
Dath an Bhlátha: Buí, Corcra, Dearg
Tréimhse faoi Bhláth: Feabhra, Márta, Aibreán
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Samhain, Nollaig
Géineas: Alnus

Is fearnóg neamhdhúchasach í an fhearnóg liath atá fairsing ar Mhór-roinn na hEorpa. Tá gaol dlúth ag an gcrann seo leis an bhfearnóg dhúchasach. Cé go bhfuil an dá chrann cosúil lena chéile, tá difríochtaí beaga eatarthu. Bíonn duilleoga ubhchruthacha le bior ar bharr na nduilleog ar an bhfearnóg liath, murab ionann agus an fhearnóg dhúchasach, a mbíonn duilleoga piorracha uirthi, le heang ar a mbarr. Cosúil leis na fearnóga go léir, fosaíonn an fhearnóg liath nítrigin (a shúnn an crann ón aer) sa gcréafóg. Saibhríonn sé seo an talamh le himeacht ama.

An fhearnóg liath.

Béarla: Grey Alder, Speckled Alder

Réamhrá
Cur Síos ar an bhFearnóg Liath
Úsáid na Fearnóige Léithe
Fosú Nítrigine

Tuilleadh Íomhánna