An Céadar Seapánach
Cryptomeria japonica

Míonna na mBláthánna agus na dTorthaí
Duilleog: Spíonach
Airde: 70m
Dath an Bhlátha: Buí, Dearg
Pailniú: Gaoth
Scaipeadh Síolta: Gaoth

Is buaircíneach síorghlas agus crann náisiúnta na Seapáine é an céadar Seapánach—tugtar sugi air sa tSeapáin. Tá cáil ar an gcrann seo ina cheantar dúchais (fásann sé sa tSín freisin) mar gheall ar áilleacht an chrainn agus ar chaighdeán an adhmaid. In ainneoin ainm an chrainn, ní fíor-chéadar é (toisc nach bhfuil sé sa ngéineas Cedrus).

An céadar Seapánach.

Tá an crann in ann airde 70m a bhaint amach ina cheantar dúchais, agus is féidir leis maireachtáil ar feadh na céadta blianta. Bíonn dath deargdhonn ar an gcoirt, agus dath gormghlas ar na duilleoga sa samhradh, sula n-athraíonn siad go hórga agus oráiste sa bhfómhar.

Duilleoga an chrainn.

Baintear úsáid as adhmad an chrainn i dtionscal na tógála agus na siúinéireachta. Soláthraíonn an céadar Seapánach adhmad ar ardchaighdeán. Tá sé éadrom ach láidir, agus éasca le hoibriú. Bíonn boladh cumhra uaidh agus tá sé marthanach—ní lobhann sé go héasca agus ní dhéanann feithidí dochar dó ach an oiread.

Cuireadh go leor den chéadar Seapánach seo nuair a rinneadh an tSeapáin a hathfhoraoisiú tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Táirgeann an crann go leor pailin san earrach, agus dá thoradh sin is fadhb mhór é an fiabhras léana sa tSeapáin.

Tuilleadh Íomhánna

Plandaí Gaolmhara