An Chufróg Eanaigh
Taxodium distichum

Míonna na mBláthánna agus na dTorthaí
Airde: 40m
Pailniú: Gaoth
Scaipeadh Síolta: Gaoth

Tá an chufróg eanaigh ar cheann de bheagán cufróg duillsilteacha—tá siad go léir sa ngéineas Taxodium. Is iad na seascainn agus na habhainnchórais in oirdheisceart Mheiriceá Thuaidh réimse dúchais na cufróige seo.

An chufróg eanaigh i gCúirt an Phaoraigh.

Bíonn na duilleoga líneach agus leacaithe. Bíonn siad cosúil le spíonlaigh buaircíneacha, seachas go mbíonn siad bog agus cleiteach. Bíonn dath glas nó buíghlas orthu san earrach agus sa samhradh, ach tagann dathanna suntasacha oráiste agus dearga orthu sula dtiteann siad sa bhfómhar. Cosúil le buaircíneacha eile, is cóin iad bláthanna an chrainn, agus is buaircíní iad na torthaí.

Duilleoga na cufróige.

Bíonn fréamhacha taca ag an stoc chun an crann a dhaingniú sa talamh báite ina bhfásann sé. Fásann struchtúir adhmadacha aníos ó na fréamhacha i gcrainn a fhásann in uisce. Tugann siad seo ocsaigin chuig na fréamhacha faoi uisce agus ceaptar go bhfuil ról acu ag tabhairt tacaíochta don chrann freisin.

Buaircín na cufróige.

Is crainn fhadsaolacha iad na cufróga eanaigh—tá cuid acu os cionn 2,600 bliain d’aois. Níl an crann seo fairsing in Éirinn—tá sé curtha anseo agus ansiúd i bpáirceanna, in eastáit agus ar thalamh ollscoileanna.

Tuilleadh Íomhánna

Plandaí Gaolmhara