An Plána Oirthearach
Platanus orientalis

Míonna na mBláthánna agus na dTorthaí
Duilleog: Bosach, Maothánach
Airde: 30m
Pailniú: Gaoth
Scaipeadh Síolta: Gaoth

Is crann mór duillsilteach ard é an plána oirthearach. Síneann a réimse dúchais ó oirdheisceart na hEorpa chomh fada leis na Himiléithe. Bíonn duilleoga móra bosacha, le cúig nó seacht mhaothán, ar an gcrann agus tagann dathanna buí agus órga orthu sa bhfómhar. Bíonn bláthanna beaga air agus fásann torthaí sféaracha ar na géaga tar éis an tsamhraidh.

An plána oirthearach i bPáirc na Cúile, Contae na Gaillimhe, sa ngeimhreadh.

Tá luach ard cultúrtha ag an gcrann seo ina réimse dúchais. Tugann ceannbhrat leathan an chrainn cosaint ó chumhacht na gréine—cuireadh é ar feadh na mílte blianta chun an scáth seo a chur ar fáil.

Bachlóg dhuille an chrainn.

Cuirtear an crann freisin mar go bhfuil sé go maith in ann truailliú a sheasamh. Déanann aer truaillithe dochar do choirt crainn mar go gclúdaíonn sé na lionsacháin—poill bheaga sa gcoirt a thacaíonn leis an gcrann gáis a mhalartú leis an taobh amuigh. Déantar dochar don chrann mura n-éiríonn leis an dúshlán seo a shárú. Mar réiteach ar an bhfadhb seo, scamhann an plána oirthearach a choirt—titeann plátaí beaga den chrann go rialta. Fásann sé coirt nua ag ráta níos tapúla ná crainn eile, agus faigheann sé réidh leis na truailleáin sa tseanchoirt.

Duilleoga bosacha an chrainn.

Is tuismitheoir é an plána oirthearach den hibrid, plána Londan (Platanus x hispanica). Is é an seiceamóir Meiriceánach (Platanus occidentalis) an tuismitheoir eile. Tá tréithe a thuismitheoirí ag Plána Londan. Tá sé ar an gcrann uirbeach is coitianta ar domhan, mar go gcabhraíonn sé go mór le truailleáin san aer a laghdú agus mar gheall ar an scáth a thugann sé do dhaoine.

Torthaí an chrainn i mí Lúnasa.

Tuilleadh Íomhánna

Plandaí Gaolmhara