An Seiceamóir
Acer pseudoplatanus

Is crann mór duillsilteach é an seiceamóir, le craobhacha tiubha, láidre. Cé nach crann dúchasach é, tá an seiceamóir nádúraithe in Éirinn le breis is 400 bliain, agus b’fhéidir le níos mó ná 1,000 bliain. Fásann sé go tapa in aeráid thais bhog na hÉireann agus tá sé ar cheann de bheagán crann atá in ann crann mór a dhéanamh ar chósta feannta iarthar na tíre. Cuireann sé le bithéagsúlacht na tíre freisin—bíonn meachain sa tóir ar neachtar na mbláthanna sa samhradh, itheann bratóga na duilleoga agus éin na síolta. Ní thaitníonn an crann neamhdhúchasach seo le gach duine, ach scaipeann an seiceamóir chomh héasca sin, agus fásann sé chomh sciobtha, go bhfuil baile anois déanta aige in Éirinn.

Ainmneacha Eile: An Crann Bán, Seiceamar, Crann Sicimír
Ainm Béarla: Sycamore
Dáileadh Tíreolaíochta an tSeiceamóra
Is crann de chuid Mhór-roinn na hEorpa é an seiceamóir. Síneann a cheantar dúchais ó lár na hilchríche soir chomh fada leis an réigiún Chugains, agus síos ó dheas go dtí an Tuirc. Ní théann a réimse dúchais mórán níos faide ó thuaidh ná deisceart na Danmhairge, ach tá sé nádúraithe anois i gCríoch Lochlann, chomh maith le Meiriceá Thuaidh agus Theas, an Astráil agus an Nua Shéalainn.[1]
Ní fios go baileach cén uair a tháinig an seiceamóir go hÉirinn. Cé go ndeirtear gur thug na Rómhánaigh go dtí an Bhreatain é, ní crann é a bhí an-choitianta ansin sa 17ú aois, cé go raibh sé nádúraithe agus forleathan sa mBreatain ó lár na 1800idí. Maidir le hÉirinn, aimsíodh lámh oirnéise déanta as adhmad an tseiceamóra i nDún Seachlainn, Contae na Mí, atá idir 1,400 agus 1,000 bliain d’aois. Ní fianaise é sin go raibh an seiceamóir ag fás in Éirinn, mar nach gá gur ó chrann a bhí ag fás ar an oileán a tháinig an t-adhmad sin. Ach tá an seiceamóir in Éirinn le os cionn 400 bliain, mar go bhfuil fianaise ann go raibh siad ag fás i nDoire in 1610.[2] Maítear nach bhfuil an crann ar na hoileáin seo le níos mó ná 1,000 bliain mar nach bhfuil ainmneacha Gaeilge ná Sacsanacha againn don seiceamóir (cé go raibh fíorchrann nó fiorchrann ar an seiceamóir i nGaeilge na hAlban sa 6ú haois).[3]
Mar aon leis an mBreatain, bhí an crann nádúraithe in Éirinn luath sa 19ú haois agus tá sé anois ar cheann de na crainn is coitianta sa tír. Fásfaidh sé i ngach cineál créafóige, ach is fearr leis an gcrann talamh domhain, saibhir atá draenáilte go maith. Tá sé ar cheann de na crainnte neamhdhúchasacha is cruaite, agus ní chuireann mórán galar as dó ach an oiread. Tá sé in ann gaoth láidir agus sáile a sheasamh, agus tá sé ar cheann de bheagán crann a fhásann go maith ar chósta feannta an iarthair.
Cuma an tSeiceamóra
Is crann mór, duillsilteach é an seiceamóir, le craobhacha tiubha, láidre. Bíonn ceannbhrat mór aige a bhíonn go minic níos leithne ná airde an chrainn. Tá an seiceamóir in ann 35 m in airde a bhaint amach,[4] ach níl aon cheann in Éirinn níos airde ná 30 m.[5]
Cé gur féidir leis an seiceamóir maireachtáil ar feadh beagnach 400 bliain, níl taifead againn ar chrainn leis an aois sin in Éirinn. Deirtear gurb é an t-easpag Beidil, a d’aistrigh an Bíobla go Gaeilge den chéad uair, a chuir an seiceamóir clúiteach ag Ardeaglais na Cille Móire, i gContae Chabháin, in 1632. Bheadh an crann beagnach 400 bliain d’aois más fíor sin, ach ní féidir aois chruinn a chur ar an gcrann mar go bhfuil lár an stoic lofa.[2]
Coirt, Géaga, agus Duilleoga

Bíonn coirt na gcrann óga mín agus bíonn dath liath geal, le scáil bhándearg, uirthi. Éiríonn an choirt gainneach le haois agus tagann plátaí beaga cearnógacha ar an stoc.[1] Titeann na plátaí seo ón stoc—sin an fáth go bhfuil an crann in ann truailliú na cathrach a sheasamh.[3]

Bíonn bachlóga na nduilleog mór agus biorach, agus is ar aghaidh a chéile ar an ngas a fhásann siad. Bíonn gainní feiceálacha ar na bachlóga san earrach sula n-osclaíonn siad.

Bíonn duilleoga bosacha, fiaclacha, ar an seiceamóir. Bíonn cúig mhaothán ar gach duilleog, agus is minic go mbíonn dath dearg ar an ngas duilleoige i gcrainn óga. Bíonn méid na duilleoige athraitheach ag brath ar aois na géige, ach is minic go mbíonn siad an-mhór. Is dath glas dorcha a bhíonn ar thaobh uachtarach na duilleoige. Bíonn siad níos gile ar thaobh íochtarach na duilleoige.[1] Tá saothróga ann (var. purpureum) a bhfuil dath corcra ar thaobh íochtarach na nduilleog.

Bláthanna agus Torthaí

Is crann moinéiciach é an seiceamóir agus is iondúil go mbíonn crainn idir 10-20 bliain d’aois sula mbláthaíonn siad den chéad uair. Tagann raicéimí de bhláthanna buíghlasa, a chrochann anuas ón ngéag, ar an gcrann i mí Aibreán.

Pailníonn feithidí iad—bíonn iliomad meachain faoin gcrann ag tús an tsamhraidh. Is samáir (síolta beaga sciathánacha) iad na torthaí agus bíonn go leor ar gach crann—d’fhéadfadh gach raicéim 30 toradh a bheith air, agus d’fhéadfadh 800 raicéim a bheith ar gach crann. Cé gur bláthanna heirmeafraidíteacha a bhíonn ar an seiceamóir, feidhmíonn siad mar bhláthanna baineann nó fireanna, tréith neamhchoitianta i gcrainn na hÉireann. Faightear na bláthanna a fheidhmíonn mar chuid bhaineanna ag barr an bhláthra, agus na cinn fireanna fúthu.[3]
Fásann na samáir i bpéirí agus is i gcruth ‘V’ a bhíonn na samáir ceangailte dá chéile. Is mar seo a bhíonn samáir ar na mailpeanna (na crainn sa ngéineas Acer) go léir, ach bíonn uillinn níos géire idir an dá shíol ar an seiceamóir ná mar a bhíonn ar an mailp Lochlannach (Acer platanoides) agus an mhailp (Acer campestre).

Titeann na síolta go talamh sa bhfómhar, ag síorchasadh sa ngaoth agus iad ag titim. Má bheireann an ghaoth orthu i gceart, is féidir leo titim i bhfad ón gcrann. Go hiondúil, is i bhfoisceacht de 200 m den chrann a bhuailfidh siad an talamh, ach i gcásanna áirithe, is féidir leo taisteal go 4 km ón gcrann.[1]
Péacann formhór na síolta a thiteann san earrach dár gcionn. Éiríonn go maith leis na síológa sa gcéad chúpla seachtain, ach triomaíonn siad go tapa nó itear iad, agus cailltear a bhformhór acu. In ainneoin sin, mar go mbíonn an oiread sin síolta inmharthana ag an seiceamóir, scaipeann an crann go tréan ar thalamh briste agus ar thalamh oscailte. Is mar gheall ar seo a bhreathnaítear ar an seiceamóir in áiteanna mar chrann ionrach.

Dúlra agus Fiadhúlra an tSeiceamóra
Tá droch-cháil ar an seiceamóir mar gur crann neamhdhúchasach é agus mar go scaipeann sé go héasca, ach cuireann an crann bia ar fáil do raon leathan feithidí agus éan.
Itheann bratóga duilleoga an tseiceamóra, itheann éin (lasracha coille agus glasáin darach) na síolta, feithidí an choirt, agus meachain agus pailneoirí eile neachtar na mbláthanna. Déanann éin neadracha sna craobhacha, agus déanann bóíní Dé, féileacáin agus ciaróga baile dóibh féin sa gcrann, freisin. Fásann fungais dhifriúla in adhmad lofa an tseiceamóra, chomh maith.[3]
Ar an lámh eile, bíonn ceannbhrat dlúth ag an seiceamóir agus ní bhíonn mórán plandaí in ann maireachtáil faoin scáth an chrainn in Éirinn. Bíonn sé deacair ag plandaí péacadh freisin faoi na duilleoga móra a thiteann go talamh.
Maireann an aifid bheag ghlas, Drepanosiphum platanoidis ar dhuilleoga an tseiceamóra. Is iad is cúis leis an drúichtín meala greamaitheach a bhíonn ar na duilleoga. Cé gur feithidí beaga iad, d’fheadfadh dhá mhilliún de na míolta beaga a bheith ag maireachtáil ar aon chrann amháin.[3]
Úsáid an tSeiceamóra
Is adhmad geal, láidir, crua atá ag an seiceamóir (tugtar an ‘an crann bán’ air i nGaeilge freisin). Tá sé go maith i ndeileadh adhmaid, agus déantar babhlaí agus uirlisí cistine as.[3] Baineadh úsáid as an adhmad crua in innealra agus mar eiteáin i dtionscadal na fíodóireachta, freisin.[2]
Glacann an t-adhmad go maith le gal-lúbadh, agus chuige sin is adhmad maith é chun veidhlíní a dhéanamh. Bhaintí úsáid as chun uirlisí ceoil eile a dhéanamh, freisin. Cé gur iondúil go n-úsáidtí adhmad na saileach (Salix spp.) chun cruiteanna a dhéanamh, is as an seiceamóir atá cláirseach ársa a chas Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin déanta.[2]
Tugtar na géaga agus na duilleoga triomaithe le n-ithe do chaora i Sasana.[3] Is féidir an t-admhad a bhunscoitheadh freisin, cé nach bhfuil sé chomh maith mar bhreosla tine agus atá an fhuinseog ná an dair. Cuirtear an seiceamóir mar chrann ornáide mar go ndéanann sé crann mór, galánta.
Béaloideas an tSeiceamóra

Tá níos mó béaloidis faoin seiceamóir sa mBreatain ná mar a bheifí ag súil leis ó chrann neamhdhúchasach. San Albain, ach go háirithe, is comhartha báis é (chrochaidís daoine ó chraobhacha an chrainn).[3]
Níl an oiread sin seanchais faoin gcrann in Éirinn, ach bhí cáil mhór ar chrann amháin i gCo. Laoise. Cé gur fuinseoga agus sceacha geala a bhí i bhformhór na gcrann ceirteach in Éirinn, is seiceamóir a bhí sa gcrann ceirteach i gCluain Eidhneach, Co. Laoise. Bhí log idir na craobhacha ina raibh (deirtear) uisce leighis ann. Dhearfadh duine paidir nó dhéanaidís mian a chur in iúl, sula gcrochtaí píosa d’éadach ar an gcrann. Maítear nach ofrálacha a bhí sna héadaí seo, ach gur bealach siombalach a bhí ann chun fáil réidh le pé imní, tinneas, nó olc a bhí ag cur as don té a chroch iad.[6]
Bhí daoine ag crochadh éadaí ar an gcrann sna 1930idí, ach tháinig athrú ar iompar an phobail. In áit éadach a chrochadh ar an gcrann, bhíodar ag bualadh boinn inti sna 1990idí, nó gur bhásaigh an crann le nimhiú miotail in 1994. Sular cailleadh é, bhí an chéad 2 m den stoc crann, ón talamh aníos, clúdaithe le boinn a bhí buailte isteach sa gcrann le casúir.[2]
Ainm an Chrainn
Tugtar Acer pseudoplatanus ar an seiceamóir san ainm eolaíoch mar go bhfuil cosúlachtaí idir dhuilleoga an tseiceamóra agus na duilleoga a bhíonn ar chrainn phlána atá sa ngéineas Platanus, cosúil le plána Londan (Platanus × hispanica), crann atá fairsing in Éirinn.
Tugann Meiricánaigh seiceamóir ar an gcrann, Platanus occidentalis, a fhásann i Meiriceá Thuaidh. Is ‘sycamore’, freisin, a thugtar ar an Ficus sycomorus, crann figí a fhásann san Áis agus san Afraic.
Bagairtí

Is minic go bhfeictear spotaí dubha ar dhuilleoga an tseiceamóra in Éirinn. Tugtar, i mBéarla, an tar spot fungas ar an bhfungas is cúis leo, Rhytisma acerinum. Ní dhéanann an t-ionfhabhtú seo dochar don chrann.[7] Is suimiúil an rud é go bhfuil an fungas seo leochaileach do dhé-ocsaíd sulfair (SO₂), truailleán aeir a bhíonn coitianta i gceantair uirbeacha. Chuige sin, is minicí a fheictear na spotaí dubh ar dhuilleoga an tseiceamóra i gceantair le haer glan.
Tá an seiceamóir leochaileach do ghalar níos contúirtí ar a dtugtar an sooty bark disease, de bharr ionfhabhtú ón bhfungas Cryptostroma corticale. Tagann dath dubh ar choirt an chrainn, feoitear na duilleoga agus, uaireanta, maraítear an crann. Anuas ar seo, déanann spóir an fhungais dochar do shláinte an duine má análaítear iad. Tá an galar sa mBreatain ón gcéad seo caite, ach tá sé feicthe le deireanaí in Éirinn, freisin.[8] B’fhéidir go mbeidh an lá fós acu siúd nach dtaitníonn an crann neamhdúchasach, uileláithreach seo leo.
Tagairtí
1. Pasta, S., D. De Rigo, and G. Caudullo, Acer pseudoplatanus in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species. Luxembourg: Publ. Off. EU, 2016: p. e01665a.
2. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
3. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
4. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
5. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
6. Houlbrook, C., Small change: economics and coin-trees in Britain and Ireland. Post-Medieval Archaeology, 2015. 49(1): p. 114-130.
7. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
8. Byrne, T., et al., First report of Cryptostroma corticale causing sooty bark disease of sycamore in Ireland. New Disease Reports, 2025. 51(2): p. e70038.
Tuilleadh Íomhánna








