Céadar Atlais
Cedrus atlantica

Is iad sléibhte Atlais, i dtuaisceart na hAfraice, réimse dúchais chéadar Atlais. Is buaircíneach galánta é an céadar seo atá anois curtha mar chrann ornáideach in Éirinn agus thar lear.

Fásann craobhacha móra leathana amach go cothrománach ón stoc i gcrainn lánfhásta. Tá chuma chéadar Atlais an-chosúil le céadar na Liobáine (Cedrus libani), ach amháin go mbíonn craobhacha ardaitheacha ag céadar Atlais, i gcomparáid leis na craobhacha cothrománacha a bhíonn ag céadar na Liobáine.

Fásann na spíonacha mar róiséid de dhuilleoga ar an ngéag. Bíonn dath gormghlas, le scáil dhath an airgid, ar dhuilliúr an chéadair. Osclaíonn na cóin bheaga baineanna agus fireanna sa samhradh, agus forbraíonn buaircíní móra ubhacha ina dhiaidh sin.
In ainneoin an éilimh atá ar an gcéadar seo i dtíortha le haeráid mheasartha cosúil le hÉirinn, tá céadar Atlais faoi bhagairt ina réimse dúchais féin. Gearrtar an crann chun adhmad a sholáthar, dóitear an crann sna tinte sléibhe atá ag tarlú níos minice, agus bíónn sé deacair ag an gcrann dul i ngleic leis na coinníollacha tirime atá ann mar gheall ar an athrú aeráide.
Tuilleadh Íomhánna


