An Fuath Gorm
Solanum dulcamara

Duilleog: Biorach, Ubhach
Airde: 4m
Dath an Bhlátha: Corcra
Tréimhse faoi Bhláth: Meitheamh, Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair

Cé gur sa gclann chéanna le trátaí agus fataí atá an fuath gorm, tá gach cuid den fhéith dhúchasach seo nimhneach. In ainneoin sin, d’úsáidtí coda den phlanda chun breoiteachtaí craicne a leighis.

Tá dhá chineál den phlanda duillsilteach seo ag fás in Éirinn. Fásann Solanum dulcamara i gcoillte agus i bhfálta sceach, ag dreapadh ar phlandaí eile. Fásann cineál sínte den phlanda, Solanum dulcamara var. marinum, ar chóstaí duirlinge.

Bíonn duilleoga glasa bioracha, i gcruth cosúil le saighead, ag an bhfuath gorm. Tagann bláthanna réaltchruthacha corcra air sa samhradh agus torthaí beaga dearga ina dhiaidh sin.

Tá an fuath dubh (Solanum nigrum), planda luibheach neamhdhúchasach, ag fás anseo agus ansiúd in Éirinn freisin. Níl gaol gar ag na plandaí seo le lus na hoíche (Atropa belladonna), ar a dtugtar Deadly Nightshade air i mBéarla, agus atá thar a bheith nimhneach freisin.

Ainmneacha Eile: Dréimire Gorm, Searbhóg Mhilis

Béarla: Woody Nightshade, Bittersweet Nightshade

An fuath gorm ag fás ar chósta chuan na Gaillimhe.

Tuilleadh Íomhánna