An Ghiúis Mhaorga
Abies procera

Is buaircíneach mórthaibhseach ard í an ghiúis mhaorga a fhásann go dúchasach in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Is í is airde de na fíor-ghiúiseanna (crainn sa ngéineas Abies). Fásann na spíonlaigh gormghlasa go dlúth ar na géaga agus, amhail na giúiseanna eile, bíonn na buaircíní ceartseasmhach ar an gcraobh.
Bíonn an ghiúis seo curtha in eastáit in Éirinn go hiondúil, ach úsáidtear í mar chrann Nollag freisin. Cé go bhfuil siad in ann 75 m ar airde a bhaint amach ina gceantar dúchais, is 40 m ar airde atá an ghiúis mhaorga is airde in Éirinn—tá sí ag fás i gCúirt an Phaoraigh, Contae Chill Mhantáin. Tá cosán siúil suntasach, a bhfuil giúiseanna mhaorga lánfhásta ag fás ar cheachtar taobh de, i nGairdíní Chluain Dúin, Contae Chill Chainnigh.
Béarla: Noble Fir
Tuilleadh Íomhánna




