An Fhéithleog
Lonicera periclymenum

Duilleog: Ubhach
Airde: <1m, 7m
Dath an Bhlátha: Bánbhuí
Tréimhse faoi Bhláth: Meitheamh, Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Samhain

Is féith í an fhéithleog, planda a dhreapann ag úsáid claíocha, clocha, nó plandaí eile mar thacaíochta. Tá sí fairsing ar fud na hÉireann. Fásann sí ar chlaíocha, ar chrainn agus ar sceacha. Tá an ilbhliantóg adhmadach duillsilteach seo dúchasach in Éirinn.

Bíonn boladh láidir ó bhláthanna bánbhuí an phlanda sa tráthnóna. Meallann an boladh cumhra seo leamhain agus pailneoirí eile chuig na bláthanna. Tagann caora beaga dearga ar an bhféithleog tar éis do na bláthanna pailniú. Itheann éin iad, ach tá siad nimhneach do dhaoine.

Ainmneacha Eile: An Féithleann, An Táthfhéithleann

Tuilleadh Íomhánna