An Mhailp
Acer campestre

Is crann meánmhéide, neamhdhúchasach í an mhailp atá le feiceáil, den chuid is mó, in oirthear na hÉireann. Tá sí sa ngéineas céanna (Acer) leis an seiceamóir agus, dá bhrí sin, tá cosúlachtaí eatarthu, ach is furasta idirdhealú a dhéanamh idir an dá chrann. Bíonn duilleoga na mailpe níos lú ná duilleoga an tseiceamóra, ní bhíonn maotháin na nduilleog biorach, agus is ar aon líne amháin a bhíonn na síolta ar toradh na mailpe, seachas i gcruth ‘V’, mar a bhíonn siad ar an seiceamóir. Cuirtear an mhailp i bpáirceanna mar gheall ar na dathanna éagsúla a bhíonn ar dhuilleoga an fhómhair, agus i gceantair uirbeacha mar go bhfuil sí in ann ag truailleáin san aer.

Ainm Béarla: Field Maple
Dáileadh na Mailpe
Fásann an mhailp ó dheisceart Shasana agus deisceart na Sualainne síos go dtí an tSicil, an Ghréig agus tuaisceart na Tuirce.[1] Faightear é ag leibhéal na farraige suas go 1,600 m. Fásann sé in ithir thais, alcaileach, agus cé go gur crann í atá sioc-chrua, is níos compordaí í in aeráidí níos teo. Ní fheictear roschoillte den mhailp amháin ina ceantar dúchais; is níos mince a fhásann sí in éineacht le crainn eile. Is in éineacht leis an dair, an teile, an leamhán agus an castán a fhásann sí ar Mhór-roinn na hEorpa.[1]
Ní cheaptar go bhfuil an mhailp dúchasach in Éirinn, cé go bhfuil sí ar an oileán le roinnt céadta de bhlianta, mar atá cineál de mhailp eile, an seiceamóir (Acer pseudoplatanus). Ach, murab ionann agus an seiceamóir, níl an mhailp an-fhairsing in Éirinn. Faightear í den chuid is mó in oirthear na tíre, b’fhéidir mar nach n-éiríonn go maith leis an gcrann i dtimpeallacht sáile.[2]
Cuma na Mailpe
Is crann meánmhéide, duillsilteach í an mhailp le barr cruinn agus duilliúr dlúth. Cé nach crann mór í (chomh ard le 20 m), maireann sí ar feadh 350 bliain nó níos mó. Fásann sí mar sceach i bhfálta sceach freisin (tugtar hedge maple, chomh maith le field maple, uirthi i mBéarla). [1]
Bíonn coirt liath nó donn ar an mhailp, agus tagann scoilteacha ingearacha uirthi le haois. Scamhann an choirt den stoc i scealpóga beaga i gcrainn níos sine. Bíonn dath glas nó donn ar ghéaga na mailpe agus feictear iomairí corcúla ar choirt na ngéag go minic.[1, 3]

Duilleoga

Bíonn bachlóga beaga ubhacha, liatha ar an mhailp sa ngeimhreadh. Cosúil leis an seiceamóir, bíonn gainní, ina luí thar chiumhais a chéile, ar na bachlóga.
Fásann na duilleoga ar aghaidh a chéile ar an ngéag. Bíonn cruth bosach ar na duilleoga le cúig maothán orthu le himill nach mbíonn fiaclach (bíonn imeall fiaclach ar dhuilleoga an tseiceamóra). Bíonn barr na maothán maol; bíonn maotháin an tseiceamóra agus na mailpe Lochlannaí (Acer platanoides) biorach. Is iondúil go mbíonn duilleoga na mailpe níos lú ná duilleoga an tseiceamóra.
Is dath glas geal a bhíonn ar na duilleoga lonracha nuair a osclaíonn siad ar dtús, sula dtagann dath níos dorcha orthu le himeacht an tsamhraidh. Sa bhfómhar, tagann dathanna buí, órga nó dearga ar na duilleoga sula dtiteann siad.[1]

Bláthanna agus Torthaí

Is bláthanna heirmeafraidíteacha a bhíonn ar an mhailp (bíonn coda fireanna agus baineanna sa mbláth céanna), ach scaití bíonn crainnte ann agus gan orthu ach bláthanna fireanna,[2] agus uaireanta athraíonn an crann gnéas, freisin.[4]
Osclaíonn na bláthanna beaga buíghlasa ag deireadh mhí Aibreáin, ag an am céanna a osclaíonn na duilleoga. Is feithidí beaga a phailníonn na bláthanna, ach scaiptear pailin sa ngaoth freisin. Is samáir bheaga (síolta sciathánacha) iad na torthaí.

Bíonn scáil dhearg ar na síolta, a bhíonn i bpéirí agus ailínithe ar aghaidh a chéile ag 180° (is i gcruth ‘V’ a bhíonn na síolta ar an seiceamóir). Scaiptear sa ngaoth iad sa bhfómhar agus péacann siad tar éis 18 mí.[1] Itheann mamaigh beaga na síolta, agus is foinse bia iad neachtar agus pailin na mbláthanna do mheachain agus d’éin.

Úsáid na Mailpe
Ciallaíonn Acer campestre “mailp na páirce” (field maple atá air i mBéarla). Is mar gheall go gcuirtí an crann seo (in éineacht leis an leamhán, Ulmus spp.) i ngarrantaí, mar thacaíocht do fhíniúna, a fuair sé an t-ainm seo.[1]
Dhéantaí an crann a bhunscoitheadh le cuaillí sconsaí a sholáthar, agus chun breosla a chur ar fáil, freisin, agus soláthraíonn an crann fioghual ar ardchaigheán.[4]
Tá adhmad geal na mailpe crua agus láidir, le snáithe mín. Tá sé níos dorcha agus níos troime ná adhmad an tseiceamóra. Úsáidtear é i siúinéireacht agus chun troscáin agus urláir a dhéanamh. Déanann sé veinír maith freisin.
Déantar uirlisí ceoil, cláirseacha agus veidhlíní ina measc (go háirithe cúil veidhlín), as adhmad na mailpe freisin.[4] Ní fios go baileach cén speiceas de chrann a d’úsáid Antonio Stradivari chun a chuid veidhlíní clúiteacha, na stradivarii, a dhéanamh, ach is adhmad ó mhailp de chineál éigin a bhí ann—an mhailp nó an mhailp Lochlannach, ceaptar (chomh maith le hadhmad ó speicis eile crainn).
Mar go nglacann sí go fonnmhar le bunscoitheadh agus mar nach gcuireann gearradh rialta isteach ná amach ar an gcrann, cuirtear an mhailp go minic mar fhál sceach. Cuirtear an mhailp i bpáirceanna, freisin, mar gheall ar na dathanna éagsúla a bhíonn ar dhuilleoga an fhómhair. Cuirtear i gceantair uirbeacha í, chomh maith, mar go nglacann sé le truailleáin san aer.
Cosúil le speicis eile mailpeanna, táirgeann an mhailp sú milis san earrach, as a ndéantar fíon, síoróip agus siúcra. [4] D’úsáidtí duilleoga agus coirt an chrainn chun breoiteachtaí ae a leigheas.
Tagairtí
1. Zecchin, B., G. Caudullo, and D. de Rigo, Acer campestre in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. e012c65.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
4. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
Tuilleadh Íomhánna



