An Dris
Rubus fruticosus

Duilleog: Bosach, Comhdhuille
Airde: 2m
Dath an Bhlátha: Bán, Bándearg
Tréimhse faoi Bhláth: Bealtaine, Meitheamh, Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair
Géineas: Rubus
Fine: Rosaceae

Tá an dris ar cheann de na plandaí is fairsinge in Éirinn—níl aon chuid den oileán nach bhfuil sí le feiceáil ann. Is ilbhliantóg adhmadach í le gais a mhaireann ar feadh dhá bhliain, go hiondúil.

Fásann na gais aníos ó rútaí faoi thalamh. Bláthaíonn siad sa dara bliain agus tagann sméara dubha inite orthu sa bhfómhar. Críonann siad siar sa ngeimhreadh sin, cé go bhfanann siad beo os cionn na talún ar feadh roinnt blianta eile in aeráid fheiliúnach.

Rubus fruticosa agg.

Is comhbhailiú de speicis, nó micrispeicis, iad driseacha mar gheall go hibridíonn siad lena chéile, agus mar gheall gur féidir leo atáirgeadh trí phróiseas ar a dtugtar apaimiscis. Ar an gcaoi seo, fásann crann síolta inmharthana gan toirchiú (pailniú) a bheith déanta ar na bláthanna roimh ré. Dá thoradh sin, is clóin den mháthairchrann iad na crainn a fhásann ó na síolta seo.

Nuair a ghintear hibrid nua, is féidir leis iomadú trí apaimiscis agus pobal de chrainn nua a chruthú sa gceantar beag inar fhás an chéad hibrid. Is féidir le driseacha i gceantair dhifriúla imeacht go héasca ó chomhdhéanamh géiniteach dhriseacha eile. Tá os cionn 300 micispeicis éagsúla de dhris aitheanta in Éirinn agus sa mBreatain, cé go mbíonn saineolas ar leith ag teastáil chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu.

Sméara Dubha

Tagann bláthanna bána nó bándearga ar an dris sa samhradh, agus torthaí ina dhiaidh sin. Tugtar sméara dubha ar thorthaí na drise. Ó thaobh na luibheolaíochta, is chomhthoradh í an sméar—is torthaí beaga (tugtar drúipíní orthu) iad gach cuid den sméar. Bíonn cloch bheag istigh i ngach drúipín, le síolta ina lár.

Athraíonn na sméar an dath ó ghlas go dearg go dubh de réir mar a aibíonn siad. Is iondúil ó Lúnasa ar aghaidh a bhíonn siad réidh le hithe. Bíonn blas difriúil ag sméara ó dhris go dris mar gheall gur micrispeicis iad driseacha, agus freisin mar gheall nach mbíonn an méid céanna siúcra agus aigéadacht i ngach sméar.

Tuilleadh Íomhánna