Giúis Nordmann
Abies nordmanniana

Is buaircíneach ard síorghlas í giúis Nordmann. Is é réigiún na Mara Duibhe—an Tuirc, an Rúis, agus an tSeoirsia—ceantar dúchais an chrainn. Níl giúis Nordmann fairsing in Éirinn—is in eastáit mhóra, den chuid is mó, a cuireadh í. Is í giúis Nordmann an speiceas crainn is mó éilimh mar chrann Nollag san Eoraip—díoltar beagnach 42 milliúin giúis Nordmann gach bliain, as 75 milliún iomlán a dhíoltar.[1] Coinníonn an crann a chuid spíonlach a ar feadh tréimhse níos faide ná crainn Nollag eile, cosúil leis an sprús Lochlannach.

Cuma an Chrainn
Bíonn cruth caol cónach uirthi le craobhacha sleabhctha. Bíonn duilliúr glas dorcha uirthi agus spíonlaigh mar dhuilleoga.
Is iondúil nach díreach ingearach ón gcraobh a fhásann na spíonlacha, ach bíonn siad ‘scuabtha’ suas i dtreo barr na géige. Cosúil leis an ghiúis gheal, bíonn dhá líne bhán ar thaobh íochtarach na spíonlach.
Amhail giúiseanna eile, fásann na buaircíní ceartseasmhach ar an gcraobh. Titeann siad as a chéile ar an gcrann nuair a bhíonn siad aibí, ag scaoileadh leis na síolta sa ngaoth.
Is in onóir Alexander von Nordmann, luibheolaí ón bhFionlainn a chonaic an crann ag fás sa réigiún Chugais, a ainmníodh an crann.
Tagairtí
1. Nielsen, U.B., J. Xu, and O.K. Hansen, Genetics in and opportunities for improvement of Nordmann fir (Abies nordmanniana (Steven) Spach) Christmas tree production. Tree Genetics & Genomes, 2020. 16(5): p. 66.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
Tuilleadh Íomhánna






