An Phoibleog Dhubh Hibrideach
Populus x canadensis

Is hibrid í an phoibleog dhubh hibrideach (Populus x canadensis) idir an phoibleog dhubh (Populus nigra) agus Populus deltoides, crann ó Mheiriceá Thuaidh. Tá sí curtha go fairsing in Éirinn in mar chrann ornáideach agus mar chrios foscaidh. Ta saothróga éagsúla den chrann seo ann—tá ‘Robusta’, crann ard, caol, le craobhacha ardaitheacha a fhásann go tapa, forleathan. Is minic go bhfásann an drualus (Viscum album) ar an bpoibleog dhubh hibrideach sa mBreatain, agus anseo agus ansiúd in Éirinn freisin.

Béarla: Hybrid Black Poplar
Réamhrá
Is iomaí cineál poibleog dhubh hibrideach (Populus x canadensis) atá ann. Is hibridí iad na poibleoga dubha hibrideacha de chineálacha éagsúla poibleog dhubh (Populus nigra) agus poibleog eile ar an dtugtar an Eastern Cottonwood (Populus deltoides), agus a fhásann i Meiriceá Thuaidh.
Tharla an chéad hibrid go nádúrtha luath san 18ú haois nuair a tugadh isteach Populus deltoides go dtí an Eoraip.[1] Thosaigh daoine ag saothrú na hibridí ó 1750 ar aghaidh, tar éis gur tugadh faoi deara go bhfásadh an hibrid níos láidre ná ceachtar tuismitheoir, agus go raibh cumaí tarraingteacha ar na saothróga.[1]
Is crainn arda iad (go 44 m ar airde) den chuid is mó.[2] Bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir na saothróga éagsúla agus is minic go ndéantar tagairt ghinearálta dóibh mar phoibleog dhubha hibrideacha. Fásann poibleoga dubha hibrideacha ar fud na hÉireann anois.[3]

Is minic go bhfásann an drualus (Viscum album) ar an bpoibleog dhubh hibrideach sa mBreatain agus anseo agus ansiúd in Éirinn.[3] Cé go bhfuil an phoibleog dhubh hibrideach curtha go fairsing ar fud na tíre, ní chuirtear crainn nua chomh minic sin a thuilleadh mar go bhfuil sí soghabhálach do ghalracha.[3]
Populus x canadensis ‘Serotina’
Tá cineálacha éagsúla den phoibleog dhubh hibrideach ann. Is é an cineál ‘Serotina’ (Populus x canadensis ‘Serotina’), hibrid de Populus nigra fosp. nigra agus Populus deltoides, an ceann is sine. Is crann ard (chomh hard le 40 m ar airde). Bíonn cruth colúnach ar chrainn óga, ach éiríonn siad leathan agus craobhach le haois.
Is é an cineál seo is mó atá curtha in Éirinn agus sa mBreatain,[3] mar fhálta, ar thaobh an bhóthair, agus ar bhruacha aibhneacha.[4] Tagann bláthanna dearga air timpeall Aibreán, agus is caitíní fireanna amháin a bhíonn air mar is crainn fhireanna amháin iad gach crann den saothróg ‘Serotina’.
Populus x canadensis ‘Robusta’

Is hibrid idir Populus deltoides ‘Cordata’ agus Populus nigra ‘Plantierensis’ í an tsaothróg ‘Robusta’ den phoibleog dhubh hibrideach. Is hibrid eile í Populus nigra ‘Plantierensis’ idir an phoibleog Lombardach (Populus nigra var. italica) agus an phoibleog dhubh Atlantaigh (Populus nigra fosp. betulifolia).
Is crann ard agus díreach é ‘Robusta’. Cuirtear é go minic i ngairdíní móra mar chrann ornáideach, agus i bhfáschoillte chun adhmad a chur ar fáil.[2]
Populus x canadensis ‘Regenerata’
Tugtar an Railway Poplar ar an saothróg ‘Regenerata’ den phoibleog dhubh hibrideach. Mar aon leis na saothróga eile, cuirtear an crann seo go minic mar chrios foscaidh agus mar fhál fothana chun neart na gaoithe a laghdú. Is crainn bhaineanna iad seo i gcónaí, mar gur crann baineann a bhí sa mbunchrann as a dtáinig an tsaothróg. Is sa bhFrainc a saothraíodh an crann seo luath sa 19ú aois.[5]
Tagairtí
1. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
2. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
5. Bean, W.J. ‘Populus × canadensis’ ón suíomh idirlín Trees and Shrubs Online. Available from: https://www.treesandshrubsonline.org/articles/populus/populus-x-canadensis/.