An Póirín Sneachta
Symphoricarpos albus

Míonna na mBláthánna agus na dTorthaí
Duilleog: Ubhach
Airde: 2m
Dath an Bhlátha: Bándearg
Pailniú: Feithidí
Scaipeadh Síolta: Éin

Tháinig an póirín sneachta go hÉirinn ó Mheiriceá Thuaidh sa 19ú haois. Is sceach bheag dhuillsilteach í, a bhfuil na caora beaga bána a thagann uirthi ag deireadh an tsamhraidh ar na rudaí is suntasaí fúithi. Scaipeann sí ag úsáid fréamhacha faoi thalamh—déanann sé clampaí móra sceachacha—ach ní fios fós ar féidir léi iomadú lena cuid síolta. Is iondúil gur i bhfálta sceach ar leataobh an bhóthair a fheictear an sceach seo. D’úsáid bundúchasaigh Mheiriceá Thuaidh na caora bána mar chógas leighis, in ainneoin go bhfuil siad nimhneach.

An póirín sneachta.

Béarla: Snowberry

Tuilleadh Íomhánna

Plandaí Gaolmhara