Lus na Stalóg
Arctostaphylos uva-ursi

Duilleog: Ubhach
Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Bán, Bándearg
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán, Bealtaine
Fine: Ericaceae

Is sceach shíorghlas, íseal, shínte (go 20 cm) é lus na stalóg nach bhfásann in Éirinn ach san iarthar agus san iarthuaisceart. Brataíonn sé clocha eibhir i gceantair phortaigh. Is iondúil gur ar ithir aigéadach a fhásann sé (amhail na plandaí eile sa bhfine Ericaceae), ach faightear ar aolchloch na Boirne é freisin. Bíonn duilleoga beaga dúghlasa air i gcaitheamh na bliana, agus bláthanna beaga cloigíneacha sa samhradh. Tugtar bearberry ar mar go n-itheann béir na caora beaga dearga a thagann ar an sceach sa bhfómhar.

Lus na stalóg ag fás ar chloch eibhir i gConamara.

Béarla: Bearberry

Tuilleadh Íomhánna