An Castán
Castanea sativa

Tá cáil ar an gcrann mór duillsilteach seo mar gheall ar na cnónna inite a sholáthraíonn sé sa bhfómhar. Glactar leis gur am éigin le linn na Meánaoise a tháinig an castán go hÉirinn, agus tá an crann curtha anois go forleathan ar fud na tíre. Bíonn aois mhór ag na castáin. Tá ceann ag fás ar shliabh Etna na Sicile atá idir 2,000 agus 4,000 bliain d’aois, agus is beagnach 59 m atá imlíne an chrainn.
Béarla: Sweet Chestnut
Eolas faoin gCastán
Cúlra an Chastáin
Is crann mór duillsilteach é an castán, agus cáil air mar gheall ar na cnónna inite a sholáthraíonn sé sa bhfómhar. Fásann an castán go dúchasach ó thuaisceart na hIbéire, tríd dheisceart na Fraince, agus soir chomh fada leis an Tuirc agus na sléibhte Chugais,[1] ach mar gur crann é a saothraíodh ar feadh na mblianta, tá sé ag fás anois i bhfad óna cheantar dúchais.[2] Scaip coilínithe Eorpacha an crann ar fud Mheiriceá Thuaidh, Mheiriceá Theas, agus na hAstráile.[1]
Cheaptaí gurb iad na Rómhánaigh a thug go Sasana é[2]—fritheadh fioghual ó adhmad an chrainn i suíomh Rómhánach sa tír sin[3]—ach táthar ag maíomh anois gur am eicínt tar éis AD 650 a tháinig an crann go Sasana.[4] Bhí an oiread sin tóir ar an gcastán ansin gur é anois atá i gcuid mhór de roschoillte oirdheisceart Shasana.[5]
Glactar leis gur am éigean le linn na Meánaoise a tháinig an castán go hÉirinn,[6] ach ní fios cén uair go díreach ar tharla sé seo.[2] Tá gaol géiniteach ag castáin na hÉireann (agus na Breataine) le roinnt pobal éagsúla den chrann atá scaipthe ar fud na hEorpa, a thugann le fios gur tháinig go leor plandaí nó síolta castáin isteach ó áiteanna difriúla (agus b’fhéidir ag amanna difriúla freisin).[7]
Is in oirthear, in oirthuaisceart, agus in oirdheisceart na tíre is mó atá an castán curtha in Éirinn, is dócha mar gur ansin atá an daonra is mó.[5] Síolraíonn an castán i gcoillte diméine in Éirinn[2]agus, amhail go leor crainn eile sa bhfine Fagaceae, cuirtear an castán anois mar chrann ornáide i bpáirceanna agus i láithreáin chonláiste.[5]
Cuma an Chrainn
Is crainn mhóra iad na castáin le stoc tiubh. Is crainn arda iad freisin a bhíonn in ann 35 m ar airde a bhaint amach, cé nach bhfuil aon chastán in Éirinn atá os cionn 30 m ar airde.[2] Is crainn fhadsaolacha iad—is féidir leo maireachtáil ar feadh 700 bliain, agus tá aois mhór mhillteach ag crainn ar leith.[1] Tá castán ar shliabh Etna na Sicile atá idir 2,000 agus 4,000 bliain d’aois, agus is beagnach 59 m atá imlíne an stoic.[8]
Cé go bhfásfaidh an castán i gcineálacha éagsúla créafóige, is créafóg thais, ghainmheach, neodrach go haigéadach, agus atá draenáilte go maith, atá uaidh le go ndéanfaidh sé crann maith.[5] Déanann sioc deireanach san earrach dochar dó, ach fásann an crann ar ais go tréan tar éis loiscthe.[1]
Coirt agus Duilleoga
Bíonn dath corcairliath ar an gcoirt mhín i gcrainn óga. Mar go bhfásann an castán go tapa, tagann scoilteacha ingearacha bíseacha ar an gcoirt le haois.[1, 2] Bíonn an chuma go minic ar an gcrann go mbreathnaíonn sé níos sine ná mar atá sé.[3]
Is dath donn agus buíghlas a bhíonn na géaga neamhchlúmhacha, agus bíonn lionsacháin feiceálacha orthu.[2] Is dath deargdhonn a bhíonn ar bhachlóga ubhchruthacha na nduilleog. Bíonn duilleoga móra (go 25 cm ar fhad) dronuilleogacha nó lansacha, le barr biorach, ar an gcastán. Bíonn imill na nduilleog fiaclach. Is dath glas lonrach a bhíonn orthu agus bíonn go leor féitheacha feiceálacha ar dhromchla na duilleoige.
Is crann moinéiciach atá sa gcastán. Is caitíní fada (go 15 cm) buí iad na bláthanna fireanna, agus fásann na bláthanna baineanna ag bun na gcaitíní fireanna.[9] Pailníonn an ghaoth (go hiondúil nuair atá an aimsir tirim) agus feithidí (níos minice nuair atá sé fliuch) na bláthanna[1] agus forbraíonn na torthaí mar chupúl glas spíceach ina bhfuil síolta lonracha deargdhonn taobh istigh.
Scoilteann an cupúl chun na cnónna (go hiondúil 3-7 i ngach cupúl) a nochtadh.[10] Ní bhíonn ach cnó amháin sa gcupúl i saothróga ar leith den chastán.[1] Tagann torthaí ar na crainn tar éis timpeall 25 bliain ag fás.
Úsáid agus Traidisiúin an Chrainn
Adhmad an Chastáin
Glacann an castán go maith le bunscoitheadh, agus is iondúil gur mar sin a saothraítear adhmad an chrainn. Tá adhmad an chastáin trom agus níos boige ná adhmad darach. Níl sé chomh láidir le hadhmad darach agus ní mhaireann sé chomh fada ach an oiread.[3]
Úsáidtear an t-adhmad mar bhreosla tine, mar fhioghual, agus chun earraí ar nós cuaillí, bairillí, trasnáin ráillí, agus slinnte a dhéanamh.[1] Déantar cónraí agus troscán as freisin.[2]
Tá tainnin i gcoirt an chastáin agus d’úsáidtí é i dtionscal na súdaireachta, cé nach bhfuil caighdeán an tainnine chomh maith leis an tainnin ó choirt na ndarach.[3] Tugann an tainnin a bhíonn i mbairillí castáin blas ar leith do fhíon freisin.[11]
Bia
Tá na cnónna inite—is foinse mhaith do vitimín B iad, agus tá siad ar cheann de bheagán cnónna ina bhfuil vitimín C iontu freisin.[4] Itear na cnónna rósta go traidisiúnta le linn tréimhse na Nollag agus tá traidisiún láidir ann freisin na cnónna rósta a dhíol ar shráideanna chathracha na hEorpa nuair a bhíonn siad aibí.[12]
Is iomaí bealach a dhéantar na cnónna a phróiseáil—is féidir iad a bhruith, a rósta, a thriomú, a mhilsiú, nó iad a mheilt agus plúr a dhéanamh astu.[1] Bhíodh an-tóir ag na Rómhánaigh ar mhil ó neachtar an chastáin, agus d’úsáidtí é chun cóireáil leighis a chur ar chréachtaí agus ar dhó craicne.[11]
Maidir le bunús ainm eolaíoch an chrainn, Castanea sativa, is castaneis a thugtaí ar an gcnó (agus an crann) sa Laidin sa gcianaimsir.[1] Tugann an focal sativa le fios gur planda saothraithe é agus mar sin gur cheaptaí go raibh toradh an chrainn (nó cuid eile den phlanda) go maith don tsláinte ar bhealach eicínt.
Tá an t-ainm sativa ar go leor plandaí inite eile, amhail an cúcamar (Cucumis sativus), cannabas (Cannabis sativa), agus rís (Oryza sativa). Níl gaol gar idir an castán agus an crann cnó capaill (Aesculus hippocastanum), in ainneoin go bhfuil ‘chestnut’ in ainm an dá chrann i mBéarla.
Seanchas an Chrainn
Tá dhá chrann castáin ag fás i Cranmore, ar Bhóthar Uí Mhaoileoin i ndeisceart Bhéal Feirste. Thugtaí Orange Grove ar an áit roimhe sin mar go ndeirtí go raibh na crainn castáin atá ann chomh mór sin, in 1690, go raibh Liam Oráiste in ann foscadh a thabhairt dá chapaill fúthu. Ba leis an luibheolaí aitheanta, John Templeton (1766-1825), an suíomh ina dhiaidh sin. Bhí sé báúil do na hÉireannaigh Aontaithe agus d’athraigh sé ainm na háite ó Orange Grove go Cranmore (Crann Mór).[2]
Tá seanchas sa mBreatain agus in Éirinn faoin Armáid Spáinneach agus an castán. Bhíodh na cnónna castáin ag mairnéalaigh Spáinneacha leis an ngalar scorbha a sheachaint. Deirtear gur ó phócaí mairnéalaigh Spáinneacha a tógadh na cnónna as a d’fhás na castáin i Croft Castle, i Herefordshire Shasana, agus gur leagtha amach mar a bhí na báid Spáinneacha agus iad ar an ionsaigh atá na crainn curtha ansin.[4]
Deirtear freisin gur ó chnó castáin, a bhí curtha le mairnéalach Spáinneach a bhí san Armáid agus a bádh amach ó chósta na hÉireann, a d’fhás castán aitheanta eile i reilig Charn an Chaistil, Co. Aontroma. Cibé fírinne atá sa scéal sin, bhí aois mhór ag an gcastán, agus thit sé i 2020. Ní raibh gála ann an oíche a d’éag an crann.[13]
Tagairtí
1. Conedera, M., et al., Castanea sativa in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
2. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
3. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
4. Jarman, R., Sweet chestnut (Castanea sativa Mill.) in Britain: a multi-proxy approach to determine its origins and cultural significance. 2019, University of Gloucestershire.
5. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
6. Forbes, A.C., Tree Planting in Ireland during Four Centuries. Proceedings of the Royal Irish Academy. Section C: Archaeology, Celtic Studies, History, Linguistics, Literature, 1932. 41: p. 168-199.
7. Jarman, R., et al., DNA analysis of Castanea sativa (sweet chestnut) in Britain and Ireland: Elucidating European origins and genepool diversity. PLoS One, 2019. 14(9): p. e0222936.
8. Nunziata, A., et al., The Hundred Horses Chestnut: a model system for studying mutation rate during clonal propagation in superior plants. Forestry, 2022. 95(5): p. 678-685.
9. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
10. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
11. De Vasconcelos, M.C., et al., Composition of European chestnut (Castanea sativa Mill.) and association with health effects: fresh and processed products. Journal of the Science of Food and Agriculture, 2010. 90(10): p. 1578-1589.
12. Choupina, A.B., Nutritional and health potential of European chestnut. Revista de Ciências Agrárias, 2019. 42(3): p. 801-807.
13. Bain, M., Downed: the Larne tree that grew from seeds brought by the Spanish Armada, in The Belfast Telegraph. 2020.
Tuilleadh Íomhánna





