An Leamhán Sléibhe
Ulmus glabra

Is crann mór, fadsaolach é an leamhán sléibhe, an t-aon chineál leamháin atá dúchasach in Éirinn. Cé go bhfuil sé ag fás ar fud na tíre, bhí an crann duillsilteach seo i bhfad níos líonmhara sular scrios an Galar Dúitseach Leamhán formhór acu ag deireadh an chéid seo caite. Is ar thalamh crochta is mó a fhásann an leamhán anois, i bhfad ón gciaróg a scaipeann fungas an ghalair. Aithnítear an leamhán go héasca mar gheall ar neamhshiméadracht na nduilleog—tá sé ar nós go bhfuil leath amháin den duilleog níos faide ná an leath eile—agus mar gheall ar na braislí móra de shíolta sciathánacha a bhíonn ar an gcrann sa bhfómhar.

Béarla: Wych elm (mountain elm, Scotch elm)
An Géineas Ulmus
Ceaptar go bhfuil idir 20 agus 40 speiceas sa ngéineas Ulmus, ach tá sé deacair a bheith cruinn faoi líon na speiceas. Bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir speicis éagsúla mar go bhfuil difríochtaí moirfeolaíochta idir crainn sa speiceas céanna mar gheall ar chúinsí tíreolaíochta agus timpeallachta. Le rudaí a dhéanamh níos casta, hibridíonn speicis dhifriúla de leamháin lena chéile go héasca.
Is iondúil go ndéantar trí mhórghrúpa de leamháin—Ulmus laevis (an leamhán bán Eorpach), Ulmus glabra (an leamhán sléibhe), agus Ulmus minor (an leamhán mion). Is é an leamhán sléibhe an t-aon cheann acu ar féidir speiceas, sa míniú traidisiúnta, a thabhairt air. Tá iliomad cineálacha U. minor agus U. laevis ann.[1]

Cé go ndéantar tagairt go minic don leamhán coiteann nó don leamhán gallda (Ulmus procera) mar speiceas ann féin, níl sa gcrann sin ach cineál ar leith den leamhán mion.[2] Go deimhin, is clón é an leamhán gallda a thug na Rómhánaigh go Sasana, agus d’eascair gach crann den chineál sin ó ghearrthóga, a tógadh sa deireadh thiar ón mbunchrann sin, 2,000 bliain ó shin.[3] Cé go dtáirgeann an leamhán gallda pailin, ní bhíonn na síolta inmharthana agus ní féidir leis iomadú.
Is hibrid é an leamhán Dúitseach (Ulmus x hollandica) idir an leamhán sléibhe agus an leamhán mion. Níl an Galar Dúitseach Leamhán teoranta don leamhán Dúitseach. Níl ann ach go bhfuair sé an t-ainm sin mar gur san Ísiltír a tugadh aitheantas don ghalar den chéad uair.
Dáileadh an Chrainn
Fásann na leamháin go léir ar fud na hEorpa, ach is ag an leamhán sléibhe atá an dáileadh is tuaisceartaí—fásann sé ón gCrios Artach, san Iorua, soir chomh fada le sléibhte na hÚraile.[4] Tá an leamhán sléibhe dúchasach sa mBreatain freisin, áit a hibridíonn sé go héasca leis an leamhán mion i Sasana.[5] Ar nós gach áit eile, rinne an Galar Dúitseach Leamhán scrios ar leamháin na Breataine, agus tá líon na gcrann tite go mór ó shin.
Is é an leamhán sléibhe an t-aon leamhán atá dúchasach in Éirinn. Ní raibh tionchar chomh feiceálach ag an ngalar in Éirinn, i gcomparáid le Sasana, mar nach raibh an leamhán chomh fairsing anseo agus a bhí i Sasana.[6] Ach mar sin fhéin, buaileadh pobal leamháin na hÉireann go dona freisin. In ainneoin nach bhfuil an crann chomh líonmhar anois agus a bhí, tá an leamhán sléibhe fós le feiceáil ag fás in Éirinn. Tá sé réasúnta fairsing ar fud na tíre, cé is moite de chósta an iarthair.[5]
Cé go raibh an leamhán fairsing ar thalamh saibhir i lár na tíre 5,000 bliain ó shin, ní bhíonn sé forleathan anois ach ar thalamh crochta, clochach.[6] Fásann sé ar thalamh tais—ar bhruacha sruthán nó aibhneacha—ach níl aon ghlacadh ag an leamhán sléibhe le talamh leathbháite nó ar thalamh a bhíonn faoi uisce go minic.[4]
Cuma an Leamháin Shléibhe

Is crann ard, duillsilteach é an leamhán sléibhe atá in ann idir 30-40 m in airde a bhaint amach. Is crainn fhadsaolacha iad. Deirtear gurbh iad na leamháin (ceaptar gur leamháin ghallda a bhí iontu) i gCaisleán Bhinn Éadair, a cuireadh sna 1590idí, na crainn neamhdhúchasacha ba shine in Éirinn, go dtí gur gearradh iad am éigin go luath sa 20ú haois.[6]
Amhail crainn cosúil leis an seiceamóir agus an fheá, d’fhéadfadh go dtitfeadh craobhacha an leamháin go tobann, gan fhógra.[7] Bíonn dath liath ar an gcoirt, a bhíonn mín i gcrainn óga agus a éiríonn scoilteach de réir mar a théann sé in aois.
Bíonn na géaga óga clúmhach ar dtús, ach ní fhanann na ribí gruaige seo i bhfad agus éiríonn coirt na ngéag mín agus neamhchlúmhach (i gcomparáid le leamháin eile, cosúil le Ulmus minor). Is mar gheall ar seo atá glabra (a chiallaíonn mín, nó gan aon ghruaig) in ainm eolaíoch an speicis.
Duilleoga an Leamháin
Bíonn bachlóga ubhacha, clúmhacha ag an leamhán sléibhe agus is go hailtéarnach ar an ngéag a bhíonn siad. Is ag an leamhán sléibhe atá na duilleoga is mó (go 16 cm ar fhad) de na leamháin go léir. Bíonn na himill fiaclach agus bíonn an dromchla garbh, cosúil le greanpháipéar. Is dath glas dorcha a bhíonn ar thaobh uachtarach na duilleoige. Bíonn an taobh íochtarach níos gile.
Bíonn barr na duilleoige biorach, ach is ag bun na duilleoige, in aice leis an ngas, a fheictear an tréith is uathúla a bhíonn ag na leamháin. Bíonn an duilleog neamhshiméadrach—bíonn leath amháin den duilleog níos faide ná an leath eile. Seachas an neamhshiméadracht seo, breathnaíonn na duilleoga cosúil le duilleoga an choill (Corylus avellana).[2]
Bláthanna an Leamháin
Bláthaíonn an leamhán sléibhe sula n-osclaíonn na duilleoga. Is bláthanna heirmeafraidíteacha iad. Bíonn dath dearg nó corcra orthu agus is i mbraislí ar an ngéag a fhásann siad.
Pailníonn an ghaoth iad (agus uaireanta feithidí)[1] agus forbraíonn siad síolta beaga sciathánacha (samáir). Is i lár an sciatháin a bhíonn an síol. Imíonn siad sa ngaoth nuair a thagann siad chun aibíochta sa samhradh.

Is minic go mbíonn siad inmharthana agus péacann go leor acu. Bíonn bliain mheasa, ina dtáirgítear líon mór síolta, ag an leamhán sléibhe gach trí bliana nó mar sin.[1]
Cuireann an leamhán gallda agus an leamhán mion meatháin aníos ó rútaí faoi thalamh, agus is minic dóibh fás i gclampaí móra clónacha. Ní chuireann an leamhán sléibhe meatháin mar seo aníos.[1]
An Leamhán sa tSochaí
Úsáid an Leamháin
Tá adhmad na leamhán go léir (seachas Ulmus laevis, a mbíonn adhmad cros-snáitheach aige)[4] láidir, marthanach agus éasca le hoibriú. Is focal sean-Bhéarla é wych a chiallaíonn solúbtha agus súpláilte. Chuige sin, bhí luach ard ar an adhmad mar gheall ar na tréithe seo.[8]
Tá an t-adhmad uiscefhriotaíoch, agus d’úsáidtí é chun píopaí uisce agus báid a dhéanamh, chomh maith le geataí loic ar chanálacha. Chuirtí leamháin ar bhruacha na Canála Ríoga chun adhmad a sholáthar le freastal ar an éileamh seo.[9] Bhí adhmad an leamháin in úsáid mar ábhar tógála do thithe Bhaile Átha Cliath, agus déantar troscáin agus urláir as freisin. Ba mhinic gur as adhmad an leamháin a dhéantaí cónraí.
D’úsáidtí an leamhán gallda (Ulmus minor) mar thaca beo do chaor fhíniúna i gceantar na Meánmhara, agus scaip na Rómhánaigh an cleachtas (agus an leamhán gallda) seo ar fud na hEorpa.[4] Tá fianaise ann gur úsáideadh duilleoga na leamhán mar fhodar do bheostoc ar Mhór-roinn na hEorpa,[6] agus is dóigh go raibh an rud céanna ag tarlú in Éirinn. Dhéantaí rópaí as coirt an leamháin sa mBreatain Bheag, agus tá seans ann go raibh an cheird chéanna á chleachtadh anseo.[10]
Cé gur crann ornáide a bhí ann tráth, stopadh ag cur an leamhán mar chrann páirce agus cathrach mar gheall ar an nGalar Dúitseach Leamhán, agus tosaíodh ag cur speiceas friotaíochta, cosúil leis an leamhán Sibéarach (Ulmus pumila).[11]
Leigheas
Bhaintí i bhfad níos mó úsáide as an leamhán mar chógas leighis in Éirinn ná sa Bhreatain. Dhéantaí ungadh de choirt istigh (agus uaireanta duilleoga) an leamháin shléibhe. D’úsáidtí é go príomha chun at a laghdú, ach freisin le fuiliú a stopadh, buíochán a leigheas, agus mar chóir ar othrais agus ailse.
Dhéantaí an choirt a changailt i Sasana mar chógas leighis ar scornach tinn agus casacht, ach ní léir go raibh an cleachtas seo forleathan sa mBreatain.[12]

Seanchas an Leamháin
Áiríodh an leamhán sléibhe mar cheann de gnáthchrainn na coille (aithig fedo) sa bhFéineachas. Luann Kelly go bhfuil sé suntasach go raibh dóthain leamhán sa tír ag an am chun an stádas seo a thabhairt don chrann.[10]
Ní léir go bhfuil an oiread sin seanchais faoin leamhán sléibhe agus atá faoi chrainn (mhóra) dhúchasacha eile. Deirtear go raibh leamhán mór, le stoc cuasach, ag fás i gCluain Mhic Nóis, agus gur sa stoc a cuireadh taisí na manach i bhfolach nuair a rinneadh ruathar ar an mhainistir. Ach nuair a chuaigh na manaigh ar ais tar éis an ruathair chun na taisí a thógáil ar ais arís, bhí siad slogtha ag an gcrann.[6]
An Galar Dúitseach Leamhán
Tháinig an leamhán sléibhe go hÉirinn 9,000 bliain ó shin, in éineacht leis an dair, an fhuinseog agus an fhearnóg [13] Is i lár na tíre is mó a d’fhás sé, in éineacht leis an dair. Nuair a dhéantar staidéar ar phátrún stairiúil pailine, feictear laghdú mór i bpailin an leamháin 5,000 bliain ó shin. Cé go raibh crainn leamháin á ngearradh ag daoine chun talamh a chur ar fáil d’fheirmeoireacht (mar go raibh siad ag fás ar thalamh maith), ceaptar gur galar ba chúis le meath an leamháin ag an am. Is leid é seo dúinn go mb’fhéidir go raibh an leamhán leochaileach do ghalair agus go raibh ionsaithe rialta á ndéanamh ar an gcrann ar feadh na mílte bliain.[6]
Is é an fungas Ophiostroma ulmi is cúis leis an nGalar Dúitseach Leamhán. Mharaigh sé 30% de leamháin na Breataine idir 1920 agus 1940 nuair a tháinig sé isteach ar adhmad a iompórtáladh chuig an oileán. Faoin am sin, bhí scrios déanta cheana fhéin ar leamháin na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh.[2]
Faoi na 1970idí, rinne an fungas éabhlóidiú go Ophiostoma novo-ulmi. Maraíodh os cionn 90% de leamháin ghallda na Breataine nuair a tháinig an fungas sin isteach sa tír. Níor fhulaing an leamhán sléibhe chomh dona sin. Is iad ciaróga beaga (ciaróg choirte an leamháin (Scolytus scolytus), ina measc) a scaipeann an fungas. Cé go bhfuil an leamhán sléibhe níos leochailí don ghalar fhéin, is fearr leis na ciaróga coirt an leamháin ghallda.
Tá buntáiste eile ag an leamhán sléibhe. Is fearr leis na ciaróga coirt a bhíonn idir 5-8 mm tiubh. Faoin am a bhíonn an tiús seo bainte amach ag coirt an leamháin shléibhe, bíonn sé in ann iomadú. Dá bhrí sin, is féidir leis na leamháin scaipeadh, fiú má mharaíonn an t-ionfhabhtú iad tar éis dóibh iomadú.[2]
Anuas ar sin, níl an chiaróg sin chomh coitianta sin ar thalamh ard, agus is ann anois a fhaightear formhór na leamhán in Éirinn.[4]
Tagairtí
1. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
2. Thomas, P.A., D. Stone, and N. La Porta, Biological flora of the British Isles: Ulmus glabra. Journal of Ecology, 2018. 106(4): p. 1724-1766.
3. Gil, L., et al., English elm is a 2,000-year-old Roman clone. Nature, 2004. 431(7012): p. 1053-1053.
4. Caudullo, G. and D. De Rigo, Ulmus-elms in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 186-188.
5. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
6. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
7. Petrokas, R., Growth vigor in wych elm (Ulmus glabra Huds.). Baltic Forestry, 2008. 14(2): p. 204-215.
8. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
9. McCracken, E., The Irish woods since Tudor times: distribution and exploitation. 1971: Newton Abbot, David & Charles.
10. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
11. Zalapa, J.E., J. Brunet, and R.P. Guries, Genetic diversity and relationships among Dutch elm disease tolerant Ulmus pumila L. accessions from China. Genome, 2008. 51(7): p. 492-500.
12. Allen, D.E. and G. Hatfield, Medicinal plants in folk tradition. 2004.
13. Mitchell, F., The development of Ireland’s tree cover over the millennia. Irish Forestry, 2000.
Tuilleadh Íomhánna










