An Teile Mhionduilleach
Tilia cordata

Is crann mór duillsilteach í an teile mhionduilleach. In ainneoin ainm an chrainn, tá na duilleoga beagnach ar chóimhéid leis na duilleoga a bhíonn ar an teile mhórdhuilleach (Tilia platyphyllos) agus an teile choiteann (Tilia x europaea). Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir na trí chineál teile ach staidéar a dhéanamh ar na duilleoga. Bíonn tomacha beaga de ghruaig rua in ascaill na bhféitheacha ar thaobh íochtarach na nduilleog ar an teile mhionduilleach (bíonn dath bán ar na tomacha ar an teile choiteann, agus bíonn taobh íochtarach iomlán na duilleoige clúmhach ar an teile mhórdhuilleach). Dhéantaí rópaí agus éadach as coirt na teile, agus bhí an-tóir ar adhmad bog an chrainn i gceird na snoíodóireachta.

Béarla: Small-leaved Lime
Dáileadh na Teile
Is ar Mhór-roinn na hEorpa, ón bhFionlainn go deisceart na hIodáile, agus ón mBreatain go dtí an réigiún Chugais, a fhásann an teile mhórdhuilleach agus an teile mhiondhuilleach go dúchasach. Tá an teile mhionduilleach níos fairsinge ar ilchríoch na hEorpa, cé go bhfaightear an teile mhórdhuilleach níos faide ó dheas san Eoraip.[1]
Tá an teile dúchasach sa mBreatain freisin, agus is comhartha de fhoraoisí ársa iad teilí fiáine na Breataine, cé nach bhfuil siad chomh fairsing ansin níos mó. Fásann siad ar thalamh íseal in éineacht leis an dair agus an fheá.[1]
Cé go raibh teilí ag fás in Éirinn roimh an oighearaois dheiridh, glactar leis nár tháinig siad ar ais go nádúrtha ó leá na n-oighearshruthanna, agus gur daoine a thug an teile go hÉirinn. Ach tá scoláirí eile ag maíomh, tar éis anailís a dhéanamh ar thaifead pailine, gur tháinig an teile anseo timpeall 8,000 bliain ó shin.[2]
Ceaptar go bhfuil an teile mhiondhuilleach níos fairsinge in Éirinn ná an teile mhórdhuilleach, ach níl ceachtar acu go forleathan leis an teile choiteann.[3] Cé go bhfuil an teile curtha go forleathan in Éirinn, níl aon fhianaise ann go bhfuil sí nádúraithe anseo.
Cuma na Teile

Is crann mór (30-40 m) duillsilteach í an teile mhiondhuilleach. Is dath liath a bhíonn ar an gcoirt (rúinín níos gile ná an teile mhórdhuilleach) agus bíonn scáil dhearg ar na géaga óga.
Bíonn dath dearg ar na bachlóga freisin, le dhá ghainne orthu. Is go hailtéarnach a bhíonn siad ar an ngéag agus, mar go mbíonn uillinn bheag sa ngéag ag gach bachlóg, bíonn cruth fiarlánach ar an ngéag.[4]
Bíonn ceannbhrat caol, ard, ar chrainn lánfhásta, rud a chiallaíonn go mbíonn 10 m nó níos mó den stoc saor ó chraobhacha.[1] Murab ionann agus an teile choiteann, ní fhásann meatháin eipeachormánacha aníos ó bhun an stoic ar an teile mhiondhuilleach (mura bhfuil an crann an-sean).[1]
Duilleoga agus Bláthanna

Is dath glas lonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog, agus dath níos gile ar an taobh íochtarach. Is duilleoga croíchruthacha a bhíonn ar dhuilleoga an chrainn. Bíonn barr na duilleoige biorach agus bíonn neamhshiméadracht le feiceáil ag bun na duilleoige, ar cheachtar taobh den pheitín (gas na duilleoige) (bíonn an neamhshiméadracht seo níos feiceálaí sa teile mhórduilleach).
Bíonn tomacha beaga de ghruaig rua in ascaill na bhféitheacha ar thaobh íochtarach na nduilleog ar an teile mhionduilleach (bíonn dath bán ar na tomacha ar an teile choiteann, agus is iondúil go mbíonn taobh íochtarach iomlán na duilleoige clúmhach ar an teile mhórdhuilleach).[1]

Bláthaíonn an teile mhionduilleach i mí an Mheithimh agus i mí Iúil. Bíonn boladh cumhra ó na bláthanna beaga buíghlasa, a bhíonn i mbraislí ar an ngéag. Tar éis do fheithidí na bláthanna a phailniú, forbraíonn torthaí beaga sféarúla. Bíonn na síolta a thairgeann an teile mhionduilleach níos lú ná na síolta a bhíonn ar an teile mhórdhuilleach.[1]

Níl an teile mhiondhuilleach ná an teile mhórdhuilleach chomh leochaileach d’ionfhabhtú ón aifid agus atá an teile choiteann.[1]
Úsáid na Teile
Is furasta adhmad buíghlas na teile a oibriú (tá sé feiliúnach le haghaidh snoíodóireacht agus deileadh adhmaid) mar go bhfuil sé bog agus mínuigeach.[5] Bhí an-tóir ar an teile ó thréimhse na Meánaoise ar aghaidh chun uirlisí ceoil, paitíní agus coirceoga a dhéanamh.[1] Dhéantaí boghanna agus sciatha as adhmad na teile freisin.[1] D’úsáidtí adhmad na teile in eitleáin na Breataine sa Dara Cogadh Domhanda.
Glacann an teile le bunscoitheadh níos fearr ná aon chrann eile seachas an coll (Corylus avellana).[5] Cuirtear fad le haois an chrainn nuair a dhéantar é seo—maireann na stóil ar feadh os cionn 2,000 bliain.[1] Soláthraíonn crainn bunscoite slata fada, díreacha, a úsáidtear chun cuaillí a dhéanamh agus mar bhreosla. Dónn an t-adhmad go maith sa tine, agus deirtear go bhfuil fioghual na teilí chomh maith le fioghual na fearnóige (crann a sholáthraíonn fioghual den scoth) chun púdar gunna a dhéanamh.[5]
D’úsáidtí coirt na teilí (basta a thugtar air) chun rópaí agus éadach a dhéanamh, agus géaga an chrainn i gceird na caoladóireachta.[5]
Déantar tae (linden tea) as bláthanna na teile. D’óltaí é mar chógas leighis ar chasacht, scornach tinn, chun brú fola a laghdú, mar fualbhrostach agus mar thámhachán.[6] Cheaptaí go raibh tréithe frithathlastacha ag an tae freisin.[1]
Tá an teile curtha go forleathan i gcathracha na hEorpa, agus bhí an-cháil ar Unter den Linden, sráid leathan i mBeirlín na Gearmáine a raibh teilí ag fás ar cheachtar taobh di. Gearradh agus dódh na crainn sna laethanta deireanacha den Dara Cogadh Domhanda, sular cuireadh arís iad sna 1960idí.[1]
Tagairtí
1. Eaton, E., G. Caudullo, and D. De Rigo, Tilia cordata, Tilia platyphyllos and other limes in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 184-185.
2. Stolze, S. and T. Monecke, Holocene history of ‘non-native’ trees in Ireland. Review of Palaeobotany and Palynology, 2017. 244: p. 347-355.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Pigott, C., Tilia cordata miller. Journal of Ecology, 1991. 79(4): p. 1147-1207.
5. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
6. Pavlović, T., et al., Linden tea from Serbia–an insight into the phenolic profile, radical scavenging and antimicrobial activities. Industrial Crops and Products, 2020. 154: p. 112639.
Tuilleadh Íomhánna


