An Céadar Crón Iartharach
Thuja plicata

Is buaircíneach ard, síorghlas é an céadar crón iartharach. In ainneoin ainm an chrainn, ní fíor-chéadar é mar nach bhfuil sé sa ngéineas Cedrus. Is é iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh réimse dúchais an chrainn. Éiríonn go maith leis ar an oileán seo mar gheall go bhfuil an aeráid thais, mheasartha chéanna in Éirinn agus atá sa gceantar sin. Cé go mbreathnaíonn an céadar crón iartharach cosúil le cufróg Lawson (Chamaecyparis lawsoniana), is furasta an céadar crón iartharach a aithint ón bpatrún i bhfoirm féileacáin ar thaobh íochtarach na duilleoige, agus mar gheall go mbíonn boladh milis anainn ó na duilleoga má bhristear iad. Tá an crann galánta seo curtha in eastáit mhóra ar fud na hÉireann.

Béarla: Western Red Cedar; Western Redcedar
Réamhrá
Is buaircíneach ard, síorghlas, neamhdhúchasach é an céadar crón iartharach atá curtha go fairsing in eastáit mhóra na hÉireann.
Mar aon le buaircíneacha eile a fhásann go maith in Éirinn, amhail an sprús Sitceach (Picea sitchensis) agus cufróg Lawson (Chamaecyparis lawsoniana), is ó chósta tais iarthair Mheiriceá Thuaidh a thagann an crann seo ó dhúchas.
In ainneoin ainm an chrainn seo, ní fíor-chéadar é an céadar crón iartharach (mar nach bhfuil sé sa ngéineas Cedrus), cé go bhfuil an géineas Thuja sa bhfine céanna, Cupressaceae, leis na céadair. Is cúig speiceas atá sa ngéineas Thuja; tá péire dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus tagann trí cinn ón Áis.[1] Tá an crann seo ar an t-aon Thuja atá curtha go fairsing in Éirinn[2].
Cuma an Chrainn
Tá an céadar crón iartharach ar an Thuja is airde—is minic a bhaineann siad 60 m ar airde amach ina gceantar dúchais[3] agus tá crann i gCúirt an Phaoraigh i gCill Mhantáin atá os cionn 47 m ar airde. Bíonn imlíne an stoic os cionn 6 m i gcrainn lánfhásta.
Coinníonn siad orthu ag fás fiú nuair a bhriseann an ghaoth an stoc in uachtar an chrainn, rud a tharlaíonn go minic ina gceantar dúchais. Maireann siad idir 800 agus 1,000 bliain.
Bíonn cuma chónúil ar chrainn óga, cé go leathann barr an chrainn amach nuair a shroicheann sé os cionn 30m.[3] Leathann na craobhacha amach go cothrománach ón stoc. Bíonn dath donndhearg dorcha ar an gcoirt agus iomairí domhain ingearacha ag rith suas agus anuas ar an stoc.
Duilleoga an Chrainn

Ní ionann duilleoga an chrainn seo agus duilleoga na mbuaircíneach eile cosúil leis na sprúis agus na giúiseanna. Is duilleoga beaga (2-3 mm ar fhad), cosúil le gainní, a chlúdaíonn an ghéag. Cé go mbíonn siad biorrach, bíonn siad chomh brúite isteach in aghaidh na géige go n-airíonn an duilliúr mín, bog, agus cleiteach. Is ón bhfocal Laidine do ‘fillte’ a thagann an t-ainm plicata. Is tagairt í do na duilleoga, a bhreathnaíonn cosúil le trilseán ar an ngéag.
Is dath glas lonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog agus bíonn marcanna bána ar thaobh íochtarach na nduilleog. Is cosúil le cruth féileacáin a bhíonn na marcanna bána, agus is tréith uathúil iad na marcanna seo don speiceas (is níos cosúla le ‘X’ bána a bhíonn na marcanna ar dhuilleoga na cufróige Lawson).
Bíonn cuma leacaithe ar dhuilliúr an chrainn agus cé go mbíonn siad sleabhctha go minic, bíonn deireadh na gcraobh íochtarach (a fhanann ar an gcrann, go hiondúil) iompaithe suas i gcrainn a bhíonn níos sine.
Bíonn boladh milis anainn ó na duilleoga má bhristear iad—ní bhíonn an boladh céanna ag crainn chomhchosúla, amhail cufróg Lawson agus cufróg Leyland.
Buaircíní an Chrainn
Is crann moinéiciach é an céadar crón iartharach—bíonn bláthanna (tugtar cóin orthu) baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Bíonn na cóin fhireanna beag agus neamhfheiceálach. Bíonn na cóin bhaineanna beag, bíonn dath dearg nó corcra orthu, agus fásann siad ag deireadh na ngéag.

Tar éis dóibh pailniú, fásann na buaircíní beaga go ceartingearach ar deireadh na gcraobhacha. Bíonn siad níos lú agus bíonn cruth éagsúil orthu ó bhuaircíní na gcufróg a fheictear in Éirinn. Athraíonn siad dath ó ghlas ag tús an tsamhraidh go donn sa bhfómhar. Osclaíonn siad chun na síolta a scaoileadh.
Úsáid an Chrainn
Is iomaí úsáid a bhaineann na treibheanna ar chósta iarthuaisceart Mheiriceá as an gcéadar crón iartharach. Is ón gcrann seo a fuair siad beatha, leigheas, éadach, agus foscadh, gan trácht ar an méid úsáide a bhain siad as an adhmad féin mar ábhar tógála.[4]
Tá adhmad an chrainn marthanach mar go bhfuil ceimiceach ann ar a dtugtar thujaplicin, ar fuingicíd é, agus a bhfuil tréithe frithbhaictéaracha aige.[5] Úsáidtear an ceimiceach seo i gcosmaidí, mar bhreiseán bia, agus i dtionscal na talmhaíochta.
Mar gurb é an inslitheoir teirmeach is fearr i measc na mbuaircíneach,[6] tá éileamh ar adhmad bog an chrainn seo mar chumhdach ballaí seachtracha. Úsáidtear adhmad an chrainn mar chuaillí sconsaí freisin mar go scoilteann sé go héasca.
Cuirtear an céadar crón iartharach i bhfáschoillte in Éirinn mar gur crann scáthfhulangach é—fásfaidh sé faoi chrainn atá lánfhásta i bhfáschoillte.[7] Lena chois sin, is planda caol é nach gcuireann isteach ar chrainn eile sa bhfáschoill.
Cuirtear an céadar crón iartharach i ngairdíní mar chrann ornáideach agus, mar go bhfásann sé níos moille, mar chrann fáil in ionad cufróg Leyland. Tá na céadair crón iartharacha ag Caisleán na Blarnan, Contae Chorcaí, a cuireadh in 1874, ar na crainn den chineál seo is sine in Éirinn.
Tagairtí
1. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Wilson, S., et al., The redwoods and red cedar. Quaterly Journal of Forestry, 2016. 110(4): p. 244-256.
4. Stewart, H., Cedar: tree of life to the Northwest Coast Indians. 2009: D & M Publishers.
5. Trust, T. and R. Coombs, Antibacterial activity of β-thujaplicin. Canadian journal of microbiology, 1973. 19(11): p. 1341-1346.
6. Hao, H., C.L. Chow, and D. Lau, Effect of heat flux on combustion of different wood species. Fuel, 2020. 278: p. 118325.
7. Bothwell, K., The potential of western red cedar (Thuja plicata D. Don) in Ireland. Irish Forestry, 1998.
Tuilleadh Íomhánna






