An Chrónghiúis
Sequoia sempervirens

Duilleog: Spíonach
Airde: 110m
Tréimhse faoi Bhláth: Feabhra, Márta, Aibreán
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Deireadh Fómhair, Samhain, Nollaig

Tá an chrónghiúis, nó an sequoia mar a thugtar uirthi go minic, ar cheann de na crainn is mó ar domhan. Is 116 m ar airde atá an chrónghiúis, Hyperion, an crann is airde ar domhan. Cosúil le go leor buaircíneach neamhdúchasacha in Éirinn, is ó iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh a thagann an chrónghiúis, ceantar le haeráid thais, mheasartha, cosúil le haeráid an oileáin seo. Tá sí curtha in eastáit mhóra ar fud na tíre. Is i gContae Chill Mhantáin atá an crónghiúis is airde in Éirinn (atá 45 m ar airde).

An chrónghiúis ag fás in oirthear na hÉireann.

Béarla: Coastal Redwood

Ollchrainn Chalifornia
Cur Síos ar an gCrónghiúis
Crainn Ailbíneacha
An tAinm Eolaíoch

Tuilleadh Íomhánna