An Saighleánach
Salix viminalis

Cé nach saileach dhúchasach é an saighleánach, tá sé in Éirinn le fada agus bhí sé ar an gceann ba thábhachtaí ar an oileán san am atá caite. Is iad na géaga fada, caola, a d’fhás ar ais go tréan gach uair a gearradh iad, a d’úsáidtí i gceird na caoladóireachta. Chuige sin, is iomaí saileán, nó gairdín saileacha, a bhí lonnaithe taobh amuigh de thithe tuaithe. Fásann an tsaileach seo go nádúrtha ina réimse dúchais ar bhruacha aibhneacha agus locha.

Ainmneacha Eile: Saileánach
Béarla: Basket Willow, Osier
Stair an Phlanda
Saighleánach. Luibh nach bhfásann ach i n-áit uaigneach ar oileán nó i n-áit nach mbeadh duine nó beithidheach ag dul. Fásann sé árd agus tuigh. Bhíonn billeoga leathana fada air. Déantar potaí gliomach dhó freisin le h-aghaidh gliomaigh a mharbhú.
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 462 (na hoileáin Gaillimh
Is planda neamhdhúchasach é an saighleánach, a tugadh isteach am éigin idir thús na haoise neoilitigh agus 1500 AD. Is sceach, seachas crann, a dhéanann an planda seo de ghnáth. Má ghearrtar siar na géaga fada, fásfaidh siad ar ais níos tapúla, agus ba mhinic na crainn seo a bheith curtha taobh amuigh de thithe le húsáid sa gcaoladóireacht. Is é seo ceann de na cúiseanna go bhfuil sé le fáil anois ar fud na hÉireann, in ainneoin gur planda neamhdhúchasach é. Go deimhin, ceaptar go raibh an oiread sin tóir ar an gcrann sin mar acmhainn chaoladóireachta, gur thug daoine go hiarthar na hEorpa é, óna cheantar dúchais sa Rúis, san aimsir réamhstairiúil.[1]
Is iad bruacha gairbhéil ar aibhneacha agus srutháin gnáthóga nádúrtha an chrainn seo. Chuige sin, fásann sé go tapa le gur féidir leis greim a fháil ar an gcréafóg chorraitheach sin.[1] Tá sé nádúraithe anois i ndraenacha, ar bhruacha aibhneacha, agus i ngarrantaí fliucha na tíre. Feictear an saighleánach ag fás, freisin, in aice le sean-tithe nó fothracha, san áit ar cuireadh é fadó.
Cuma an Chrainn
Is sceach ilstocach a bhíonn sa saighleánach, cé gur féidir leis crann 10 m a dhéanamh má thugtar an deis sin dó.[1] Bíonn an choirt liathdhonn le scoilteanna ceartingearacha uirthi. Is iad na géaga caola, fada, díreach na codanna is suntasaí den saighleánach. Is dath buíghlas a bhíonn ar na géaga míne seo.

Bíonn na bachlóga glas, beagán clúmhach, agus brúite isteach in aghaidh na géige. Bíonn na duilleoga lansacha fada (20 cm) agus caol (1 cm). Is dath glas, neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtair na nduilleog neamhchlúmhach. Bíonn an taobh íochtair bán agus clúmhach.[2]
Cosúil le saileacha eile, bíonn antair na gcaitíní fireanna buí agus is dath glas a bhíonn ar na caitíní baineanna. Tagann na caitíní ubhchruthóideacha, ceartseasmhacha amach sula dtagann na duilleoga ar an gcrann. Is síolta beaga bídeacha a fhásann ar na caitíní baineanna tar éis dóibh pailniú.
Úsáid an tSaighleánaigh
Caoladóireacht
Is mar ábhar caoladóireachta is mó a bhaintí úsáid as an saighleánach, cé gur iomaí speiceas, hibrid, agus saothróg a d’úsáidtí, agus a úsáidtear fós, i gceird na caoladóireachta. Sampla de sin is ea an Fine Basket Osier[3] (Salix x forbyana), hibrid den tsaighleánach, an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) agus an tsaileach chorcra (Salix purpurea). Déantar earraí láidre as géaga a ghearrtar sa ngeimhreadh.[4]
Go stairiúil, dhéantaí cléibh, ciseoga, ciseáin, potaí gliomaigh, agus neart rudaí eile le géaga saighleánaigh. Cé gur mó éilimh a bhí ar an saighleánach i gceird na caoladóireachta, bhaintí úsáid as an gcoll (Corylus avellana), as fraoch, nó fiú as driseacha mura mbeadh an dara rogha ag an gcaoladóir.
Úsáidí Eile
Amhail go leor saileacha eile, tá an saighleánach in ann miotail throma agus truailleáin eile a shú isteach ina chuid fréamhacha agus duilleoga. Baintear úsáid as chun fítileasúchán a dhéanamh ar thalamh atá truaillithe, go háirithe timpeall ar mhianaigh.[5] Fástar é freisin chun bithmhais a chur ar fáil.
Tá níos mó eolais faoi shaileacha—béaloideas a bhaineann leo, úsáid sa bpobal, agus éiceolaíocht na saileach—le fáil ar an leathanach faoin ngéineas Salix.
Tagairtí
1. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
2. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
3. Wilkinson, G., A History of Britain’s Trees. 1981: Hutchinson.
4. Stace, C.A., C.D. Preston, and D. Pearman, Hybrid Flora of the British Isles. 2015: Botanical Society of Britain & Ireland.
5. Mleczek, M., et al., Salix viminalis L.-A highly effective plant in phytoextraction of elements. Chemosphere, 2018. 212: p. 67-78.
Tuilleadh Íomhánna








