An tSaileach Reatha
Salix repens

Duilleog: Ubhach
Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Buí, Glas
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán, Bealtaine
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Bealtaine, Meitheamh
Géineas: Salix

Tá an tsaileach reatha, sceach bheag dhuillsilteach, ar an tsaileach is lú i measc na saileacha atá coitianta in Éirinn. Fásann cineál sínte ar thalamh portaigh agus cineál ceartingearach i gcréafóg alcaileach. Cosúil leis na saileacha go léir, bíonn sceach bhaineann agus sceach fhireann ann. Bíonn na sceacha baineanna clúdaithe le síolta clúmhacha sa samhradh. Feictear go leor saileacha reatha ag fás in aice le chéile mar go scaipeann siad ag úsáid riosóm, a chuireann plandaí nua aníos go rialta.

An tsaileach reatha ar fás ar an gcladach.

Béarla: Creeping Willow

Réamhrá
Cuma na Sceiche
Bláthanna na Sceiche
Salix x ambigua
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánnna