An tSaileach Chorcra
Salix purpurea

Duilleog: Lansach
Airde: 5m
Dath an Bhlátha: Corcra, Glas
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Meitheamh
Géineas: Salix

Tugtar an tsaileach chorcra ar an gcrann seo mar gheall go mbíonn scáil chorcra ar na géaga tanaí, solúbtha. Ceaptar gur saileach dhúchasach í seo in Éirinn, ach tá sí curtha go forleathan freisin mar gur acmhainn thábhachtach caoladóireachta a bhí inti san am atá caite. Bíonn duilleoga na sailí seo ar aghaidh a chéile ar an ngas, murab ionann agus saileacha eile, a mbíonn duilleoga ailtéarnacha acu. Amhail na saileacha eile, is ar thalamh tais, go háirithe ar bhruacha aibhneacha, is fearr a fhásann an crann seo.

Saileach chorcra óg.

Béarla: Purple Willow

Réamhrá
Cur Síos ar an Sceach
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna