An tSaileach Liath
Salix cinerea cinerea

Fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin den chuid is mó. Breathnaíonn sí an-chosúil leis an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia), ceann de na saileacha is fairsinge in Éirinn. Tugtar an tsaileach liath uirthi mar gheall ar dhath liath na ribí gruaige a bhíonn ar thaobh íochtarach na nduilleog. Murab ionann agus an tsaileach rua, ní thagann ribí gruaige rua ar an tsaileach liath ag deireadh an tsamhraidh. Bíonn stríoca beaga le feiceáil ar ghéag na sailí seo nuair a bhaintear an choirt di— is bealach é seo chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus an tsailchearnach (Salix caprea), saileach coitianta eile. Is iondúil go bhfásann an tsaileach liath i ngnáthóga fliucha, ach feictear í freisin ag fás ar thalamh thréigthe agus i bhfálta sceach.

Ainmneacha Eile: Saileach Choiteann
Béarla: Grey Willow, Large Grey Willow, Common Sallow, Pussy Willow
Saileacha Liath agus Rua
Tá an tsaileach Salix cinerea ar cheann de na sailí is coitianta in Éirinn. Aithnítear go bhfuil dhá fhospeiceas de Salix cinerea ann: an tsaileach liath (Salix cinerea fosp. cinerea) agus an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia). Glaoitear Salix atrocinerea ar an tsaileach rua freisin.
Is in oirthear, i dtuaisceart, agus i lár na hEorpa, agus isteach go hoirthear Shasana a fhásann an tsaileach liath go dúchasach. Is in iarthar na hEorpa, ón Spáinn go dtí an Fhrainc agus suas go dtí an Bhreatain agus Éirinn a fhásann an tsaileach rua.[1] Tá an dá speiceas den tsaileach seo ionrach san Astráil, sa Nua-Shéalainn, agus i Meiriceá Thuaidh.[2]
Cé go bhfuil an tsaileach rua forleathan agus an-choitianta in Éirinn, fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin den chuid is mó.[3] Tá difríochtaí beaga idir an dá chineál le feiceáil sna duilleoga agus sna géaga, ach seachas sin tá an dá chineál crann an-chosúil lena chéile.
Cuma na Sailí
Is sceacha nó crainn bheaga géagacha iad na saileacha seo. Mar phlanda bruachánach, fásann an tsaileach liath i gcoillte fliucha, in aice sruthchúrsaí, i riasca, agus i bhfálta sceach. Scaipeann sí go tapa, ag glacadh seilbh ar thalamh tréigthe gan mhoill.
Bíonn an choirt liathdhonn agus, ar nós an tsailchearnaigh (Salix caprea), tagann pátrún de dhiamaintí uirthi nuair a scoilteann sí le haois. Bíonn stríoca le feiceáil ar dhromchla nochtaithe na ngéag nuair a bhaintear an choirt den tsaileach liath. Ní bhíonn na stríoca seo le feiceáil sa tsailchearnach, crann atá an-chosúil leis an tsaileach rua agus an tsaileach liath.[4]


Bíonn dath donn nó deargdhonn ar ghéaga óga an chrainn. Bíonn na géaga clúmhach ar an tsaileach rua ag tús an tséasúir fáis, ach cailleann siad na ribí gruaige seo níos déanaí sa séasúr. Coinníonn an tsaileach liath na ribí gruaige ar an ngéag isteach sa dara bliain fáis.
Duilleoga na Sailí

Is minic go mbíonn cruth spúnógach ar dhuilleoga na sailí seo, cé go mbíonn siad athraitheach,[5] agus uaireanta bíonn siad ubhach nó lansach freisin. Ní bhíonn mórán de bhior ar na duilleoga.
Bíonn na duilleoga aibí ar an saileach liath níos neamhlonraí agus níos clúmhaí (ar an dá thaobh) ná na duilleoga ar an saileach rua. Bíonn stípeoga níos mó ar an saileach liath freisin, agus fanann siad ar an ngéag níos faide ná an tsaileach rua.[4]
Is dath glas neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog. Bíonn an taobh uachtarach beagáinín clúmhach ach ní bhíonn sé rocach. Bíonn an taobh íochtarach gormghlas agus beagáinín clúmhach.

Tagann ribí gruaige rua ar thaobh íochtarach na nduilleog ar an tsaileach rua. Bíonn siad feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Ní bhíonn na ribí seo ar dhuilleoga na sailí léithe.
Bíonn scáil liath ar dhuilleoga an dá fhospeiceas, agus is uaidh sin a thagann cinerea, a chiallaíonn luaith, san ainm eolaíoch.
Bláthanna agus Síolta

Tagann na caitíní ar an gcraobh luath san earrach, sula dtagann na duilleoga, ar an dá fhospeiceas.
Bíonn na caitíní fireanna liath, ubhchruthach, agus ceartseasmhach ar an ngéag. Bíonn bior dubh ar scálaí na gcaitíní agus ní bhíonn gas idir iad agus an ghéag. Is dath glas a bhíonn ar na caitíní baineanna.
Pailníonn an ghaoth agus feithidí na caitíní baineanna agus, de réir a chéile, forbraítear síolta clúmhacha orthu go dtí go scaoiltear iad sa ngaoth i mí Bealtaine.[5]
Úsáid na Sailí Léithe
Tá léirithe go bhfuil an tsaileach liath (agus rua) in ann miotail throma ar nós arsanaic (As) a shú ón gcréafóg isteach ina fréamhacha agus a duilleoga.[6] Táthar ag ceapadh go mbeidh ról ag an gcrann i bhfítileasúchán—ag glanadh talamh atá truaillithe le ceimiceáin dhíobhálacha.
Tagairtí
1. Kelly, D.L., Salix cinerea L. Subspecies Cinerea in Ireland, and Some Other New Records in Salix Subgenus Vetrix. The Irish Naturalists’ Journal, 1985. 21(9): p. 412-414.
2. Hopley, T. and A.G. Young, Knowledge of the reproductive ecology of the invasive Salix cinerea, in its invaded range, assists in more targeted management strategies. Australian Journal of Botany, 2015. 63(6): p. 477-483.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
5. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
6. Navazas, A., et al., Integrative response of arsenic uptake, speciation and detoxification by Salix atrocinerea. Science of The Total Environment, 2019. 689: p. 422-433.