An Rós Rúscach
Rosa rugosa

Is sceach neamhdhúchasach é an rós rúscach atá curtha go fairsing i ngairdíní ar fud na hÉireann. Tá an rós ag scaipeadh go fiáin anois, go háirithe ar shuíomhanna cósta. Fásann sé go maith san aeráid seo, agus bláthaíonn sé go tréan, le rósanna rocacha, bána agus bándearga, i gcaitheamh an tsamhraidh. Is mogóirí móra dearga iad torthaí na sceiche. Déantar bia, leigheas, agus cumhrán as rútaí, bláthanna, agus mogóirí an phlanda seo.

Béarla: Japanese Rose
Cur Síos an Rós Rúscach
Is í an tSeapáin, Leithinis na Cóiré, iarthuaisceart na Síne, agus oirthear na Rúise ceantar dúchais an róis rúscaigh.[1] Fásann sé ar dhumhcha agus stráicí cósta clochacha sa réigiún sin.[1]
Is sceach neamhdhúchasach, mheánmhéide (chomh hard le 1.5 m) dhuillsilteach é an rós rúscach, le gais dhíreacha, deilgneacha. Bíonn na deilgneacha géar agus díreach. Is dath glas lonrach a bhíonn ar na duilleoga cleiteacha.

Tagann go leor bláthanna (bána agus bándearga, go hiondúil) ar an sceach idir Meitheamh agus Lúnasa. Is rósanna éadroma, rocacha iad na bláthanna. Is mar gheall ar thréith rocach na mbláthanna a fhaigheann an sceach an t-ainm eolaíoch rugosa.

Fásann na torthaí, mogóirí móra dearga, tar éis do mheachain na bláthanna cumhra a phailniú. Fanann na seipil ar na torthaí aibí.

Fásann an rós rúscach trí mheatháin a chur aníos ón talamh, rud a ligeann dó clampaí móra a fhoirmiú má thugtar an deis dó. Tá sé in ann dumhcha a ionradh agus cuireann sé an ruaig ar phlandaí dúchasacha nuair a tharlaíonn sé seo.

Tháinig an rós rúscach go hÉirinn agus an Bhreatain ón tSeapáin san 19ú haois, agus thosaigh sé ag scaipeadh go fiáin luath sa 20ú haois.[2] Is ar chóstaí na tíre, ach go háirithe, atá sé ag scaipeadh in Éirinn.
An Géineas Rosa in Éirinn
Tá os cionn 300 speiceas de rósanna (Rosa spp.) ag fás ar fud an Leathsféir Thuaidh agus tá na mílte saothróga (rósanna gairdín) éagsúla ann. Tá thart ar is 10 speiceas dúchasach róis in Éirinn,[3] ach is iomaí hibrid eile atá ag fás ar an oileán, chomh maith le speicis neamhdhúchasacha a d’éalaigh ó ghairdíní agus ó pháirceanna poiblí.

Is í an fheirdhris (Rosa canina) an rós is fairsinge in Éirinn. I measc na rósanna eile atá fairsing in Éirinn, tá rós Shioraird (Rosa sherardii), an briúlán (Rosa spinosissima), agus an dris chumhra (Rosa rubiginosa). Tá cineálacha eile ann, cosúil leis an dris chumhra gheal (Rosa agrestis), an rós bog (Rosa mollis), nach bhfuil le feiceáil ach i réigiúin ar leith in Éirinn. Tá rósanna dúchasacha eile, cosúil le Rosa caesia, annamh in Éirinn.[2]
Rósanna sa tSochaí

Tá ról lárnach ag rósanna i gcultúir éagsúla ar fud an domhain. B’fhéidir go bhfuil sé seo amhlaidh mar go bhfuil réimse dúchais an róis, a chuimsíonn Meiriceá Thuaidh, an Eoraip, an Áis, agus tuaisceart na hAfraice, chomh leathan sin. Tá cáil ar an rós mar shiombail den ghrá ó aimsir na nGréagach, agus tá iliomad tagairtí den phlanda i litríocht agus i miotaseolaíocht na dtíortha sin ina bhfuil an rós flúirseach.[4, 5]
Sa lá atá inniu ann, tá úsáid ag daoine ar fud an domhain do gach cuid de phlanda an róis. Is tráchtearra tábhachtach iad na bláthanna féin, ach baintear úsáid as na peitil, na duilleoga, na mogóirí (torthaí) agus fiú na rútaí, chun bia, deochanna, cógais leighis, agus cumhráin agus cosmaidí eile a dhéanamh.
Tá an-tóir ar thorthaí an róis ar fud na hEorpa agus na hÁise. Tá níos mó vitimín C iontu ná mar atá i dtorthaí formhór na bplandaí eile sa bhfine Rosaceae.[6] Thugtaí síoróip mogóirí do ghasúir na hÉireann le linn an Dara Cogadh Domhanda nuair nach raibh citris ar fáil, agus ina dhiaidh sin mar fhorbhia vitimín C.[7]
Itear anraith mogóirí sa tSualainn agus sa nGearmáin. Itear subh mogóirí sa Pholainn. Déantar branda astu san Ungáir, tae sa mBreatain, marmaláid sa Tuirc. Úsáidtear san Iaráin iad mar chógas luibhe do shlaghdán, iatacht, agus breoiteachtaí gastracha. Sa tSín, tógtar mogóirí mar chóir leighis don bhfliú, at, agus airtríteas. Déantar maothlach craicinn as ola na mogóirí sa tSín, freisin.[6]
Níor mhór na mogóirí a scagadh go cúramach chun na síolta clúmhacha a ghearradh amach. Déantar púdar tochais as na síolta céanna mar gheall ar chomh dian ar an gcraiceann a bhíonn ribí gruaige na síolta.
Tá na peitil inite freisin. Is féidir iad a úsáid i sailéid, i gcácaí, agus i milseoga. Úsáidtear rósuisce, déanta as peitil dhriogtha, mar bhlasóir i ndeochanna éagsúla. Déantar cumhráin as bláthanna an róis, freisin.
Úsáid Rosa Rugosa
Is as duilleoga an róis rúscaigh (Rosa rugosa) a dhéantar an chógas luibhe agus druga Síneach, flos rosae rugosae, a thógtar mar leigheas ar bhreoiteachtaí éagsúla.[1] D’úsáidtí fréamhacha an róis rúscaigh chun cóir leighis a chur ar dhaoine le diaibéiteas.[8]
Tagairtí
1. Bruun, H.H., Rosa Rugosa Thunb. ex Murray. Journal of Ecology, 2005. 93(2): p. 441-470.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
4. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
5. Mac Coitir, N., Ireland’s Wild Plants–Myths, Legends & Folklore. 2017: Gill & Macmillan Ltd.
6. Patel, S., Rose hip as an underutilized functional food: Evidence-based review. Trends in Food Science & Technology, 2017. 63: p. 29-38.
7. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
8. Olech, M., et al., Biological activity and composition of teas and tinctures prepared from Rosa rugosa Thunb. Open Life Sciences, 2012. 7(1): p. 172-182.
Tuilleadh Íomhánna






